YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 24

24
Caibidil XXIV.
Saoṫair ċráiḃṫeaċ Ṁáoise. 12 Do ḃi sé ar an tsliaḃ, maille ré Día dá ḟiċead ló agus da ḟiċead oiḋċe, na ṫrosgaḋ.
1Agus a duḃairt sé ré Maóise, Tárr súás ċum an TIĠEARNA, ṫu féin, agus Aáron, Nadab agus Abihú, agus seaċdṁoḋad do ṡinnsearuiḃ Israel; agus aḋruiḋsi a ḃfad amaċ.
2Agus tiucfa Maóise aṁáin a ngar don TIĠEARNA: aċd ní ṫiucfaid siadsan a ḃfogus; ní mó raċas an pobal súas leis.
3Agus táinic Maóise agus do innis don ṗobal uile ḃríaṫra an TIĠEARNA, agus á uile ḃreiṫeaṁnus; agus do ḟreagradar an poball uile lé héanġuṫ aṁáin, agus a duḃradar, Na huile ḃríaṫra noċ do laḃair an TIĠEARNA do ḋéanaimne íad.
4Agus do scríoḃ Maóise bríaṫra an TIĠEARNA uile, agus do eirġe go moċ air maidin, agus do ṫóg altóir san ċnoc, agus ḋá ṗiléir ḋeúg, do réir ḋá ṫreiḃ ḋéag Israel.
5Agus do ċuir sé dáoine óga do ċloinn Israel, noċ do ofráil ofrála loisge, agus do ioḋbuir íoḋburṫa síoṫċána do ḋaṁuiḃ don TIĠEARNA.
6Agus do ġlac Maóise leaṫ na fola, agus do ċuir a mbáisíniḃ í; agus do ċroiṫ sé leaṫ na fola ar a naltóir.
7Agus do ġlac sé leaḃar an ċunnarṫa, agus do léiġ a néisdeaċd an ṗobuil: agus a duḃradarsan, A nuile ní a dúḃairt an TIĠEARNA, do ḋéanam é, agus bíam uṁal.
8Agus dó ġlac Ṁaoise a nfuil, agus do ċroiṫ ar an bpobal í, agus do ráiḋ, Ag so fuil an ċunnarṫa, do rinne an TIĠEARNA riḃ a ttáoḃ na mbríaṫarsa uile.
9Annsin do ċuáiḋ Máoise súas agus Aáron, Nadáb, agus Abihú, agus séaċdṁoġad do ṡinnsearuiḃ Israel:
10Agus do ċonncadar Día Israel: agus do ḃí, fáoi na ċosuiḃ mar do ḃeiṫ óbair ṗáḃalta do ċloiċ Ṡaṗir, agus aṁuil do ḃíaḋ corp neiṁe ann a ṡoillse.
11Agus ar uáisliḃ ċloinne Israel níor leag sé a láṁ: mar sin do ċoncadar Día, agus a duádar, agus do iḃeadar.
12Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Tárr ċugamsa suas ar a tslíaḃ, agus bí ann sin: agus do ḃéura misi claír ċloiċe ḋuit, agus dliġeaḋ, agus aiṫeanta do scrioḃ mé: ionnus go múinfe tusa ḋóiḃ iád.
13Agus do eíriġ Maóise súas, agus a ṁinistir Iosua: agus do ċuáiḋ Maóise súas ar ṡliáḃ Dé.
14Agus a duḃáirt ris na sinnsearuiḃ, Fanuíḋsi annso rin, nó go ttigeam a ris ċugaiḃ: agus feáċuiḋ atá Aáron, agus Hur ḃur ḃfoċair: má ḃionn cúis ag duine ar biṫ re ḋéanaṁ, tigeaḋ se ċuca.
15Agus do ċuáiḋ Maóise suás ann sa tslíaḃ, agus do ḟoluiġ néul an sliáḃ.
16Agus do ċoṁnuiġ glóir an TIĠEARNA ar ṡlíaḃ Sínái, agus do ḟoluiġ an néull é sé lá: agus an seaċdmaḋ lá do ġoir sé ar Ṁaóise amaċ as lár an néill.
17Agus da ḃí raḋarc ġlóire an TIĠEARNA cosṁuil re teiniḋ loisgniġ, ar ṁullaċ an tsléiḃe a súiliḃ ċloinne Israel.
18Agus do ċuaiḋ Maóise a lár an néill, agas ráinic sé súas ar a tslíaḃ: agus do ḃí Maóise ar a tslíaḃ ceaṫraċad lá agus ceaṫraċad oiḋċe.

Currently Selected:

Exodus 24: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in