Exodus 26
26
Caibidil XXVI.
Cumaḋ an Tábernacuil. 31 Agus folaċ na haírce, ar na norduġaḋ.
1Os a ċionn sin, do ḋéana tú an tabernacuil maille re déiċ gcúirtín do líon ḟineúlta ċasta, agus gorm, agus purpair, agus scairláoid: maille re ċerubíniḃ dobair ġéarċúisiġ do ḋéana tú íad.
2 Buḋ é fad éan ċuirtín oċd ccuḃaid ḟiċead, agus leiṫead gaċ éanċuirtín ceiṫre cuḃaid: agus gaċ áon da na cuirtíniḃ áon ṁiosúr ḃias aca.
3Cúipleoċṫar cúig cúirtíniġ dá ċéile; agus cúig cúirtíníġ cúpluiġe dá ċéile.
4Agus do ḋéana tú lúba do ġorm ar imliḃ gaċ éanċuirtin ón ċuṁais annsa gcoiṁíaḋaġ: agus mar sin do ḋéana tú an sa nimiol is faide amaċ do ċúirtín eile, ó imíaḋaġ an dara coda.
5Cáogad lúb do ḋéana tú ann sa néan ċúirtín, agus caógad lúb do ḋéana tú a nimial an ċúirtín atá ag coiṁċeangal an dara: ċor ga mbéaruid na lúba greim ar a ċéile.
6Agus do ḋéana tú cáogad táiste dór, agus cúipleoċa tú na cúirtiné ḋá ċéile leis na táistiḃ: agus biáiḋ na éantábernacuil.
7Agus do ḋéana tú cúirtíne dfionnaḋ gaḃar do ḃeiṫ na ḟolaċ ar an tabernacuil: do ḋéana tú éanċuirtin déag.
8 Buḋ hé fad éan ċuirtín trioċad cuḃad, agus leiṫead éan ċúirtín ceiṫre cuḃaid: agus béid an téanċuirtín déag uile dáoinṁiosúr.
9Agus coiṁċeangeola tú cúig cúirtíne leó féin, agus sé cúirtíne leó féin, agus dúibleoċa tú an seiseaḋ cúirtín a néadan tosuiġ an tabernacuil.
10Agus do ḋéana tú cáogad lúb ar imiol a néanċúirtín atá táoḃ a muiġ annsa ccoiṁċeangal, agus cáogad lúb a nimiol an ċúirtin noċ ċeingeolus an dara cúpla.
11Agus do ḋéana tú cáogad táiste do ṗrás, agus cuirfe tú na táistiġ ann sna lúbuiḃ, agus cúipleoċa an folaċ ḋa ċéile, ċor go mbiaḋ sé na aon.
12Agus an fuiġeall ṁairfeas do ċúirtínihh an lóistin, an leaṫ ċúirtín ṁairfeas, croċfuiġear, ós cionn ċúil an tabernacuil é.
13Agus cuḃad a ttáoḃ, agus cuḃad don táoiḃ eile don ḟuiġioll a ḃfad ċúirtine an loistin, croċfuiġear sin ós cionn táoiḃ an tábernacuil don táoiḃsi agus don táoiḃ úd, dá ḟolaċ.
14Agus do ḋéana tú folaċ don lóistin do ċroicniḃ reiṫeaḋ daite dearg, águs folaċ ṡúas do ċroicniḃ broc.
15Agus do ḋéana tú buird don tabernacuil do ċrann Sitim na seasaṁ súas.
16Deiċ gcuḃuid ḃias a ḃfad an ḃuird, agus cuḃad go leiṫ ḃías a leiṫead éanḃuird.
17 Biáiḋ ḋá láiṁ a néanḃuird, ar na suiġiuġaḋ as coinne a ċéile a nórd: is mar so do ḋéana tú ar ḃórduiḃ an tabernacuil uile.
18Agus do ḋéana tú na buird don tabernacuil, fiṫċe bórd ar an táoḃ ṫeas leaṫ ṫeas.
19Agus do ḋéana tú ceaṫraċad soicéad dairgead fáoi an ḟiċid bórd; ḋá ṡoicéad fáoi ḃórd díoḃ da ḋá láiṁ, agus dá ṡoicéad fáoi ḃórd eile da ḋá láiṁ.
20Agus ar son an dara táoḃ don tabernacuil don táoḃ ṫúaiṫ bíaiḋ fiċe bórd ann sin:
21Agus an dá ḟiċid soicéad, dairgead; da ṡoicead fáoi áon ḃórd, agus dá ṡoiced fáoi ḃórd eile.
22Agus do ṫáoḃuiḃ an tabernacuil leaṫ ṡíar do ḋéana tú sé buird.
23Agus do ḋéana tú dá ḃórd do ċornéuluiḃ an tabernacuil iona ḋá ṫáoḃ.
24Agus béid coiṁċeanguilte ḋá ċéile fúṫa ṡíos, agus béid coiṁċeangailte ḋá ċéile os mullaċ a ċinn dáon ḟáinne aṁáin: mar so ḃías dóiḃ a ráon: béid síad don dá ċóirnéul.
25Agus béid na noċd mbórduiḃ, agus a soicéid airgid, sé soicéid déug; ḋá ṡoicéd fáoi éanḃórd, agus ḋá ṡoicéd fáoi ḃórd eile.
26Agus do ḋéana tú barruiḋe do ċrann Sitim; a cúig do ḃórduiḃ éantáoiḃe don tabernacúil.
27Agus cúig ḃarra do ḃórduiḃ na táoiḃe eile don tabernacuil, agus cúig ḃarra do ḃórduiḃ do ṫaoiḃ an tabernacuil, don dá ṫáoiḃ leaṫ ṡiar.
28Agus an barra méaḋonaċ a lár na mbórd roiṫċeoċa sé ó ċionn go cionn.
29Agus foileoċa tú na buird le hór, agus do ḋéana tú a ḃfáinniḋe dór mar áit ċum na mbarraḋ: agus foileoċa tú na barruiḋe le hór.
30Agus tóigeoḃuiḋ tú súas an tabernacuil do réir an ċumṫa noċ do taisbeánaḋ ḋuit an sa tslíaḃ.
31Agus do ḋéana tú folaċ do ġorm, agus do ṗurpair, agus do scairláoid, agus do líon ḟínealta ċasta dobair ġéarċúisiġ: le ċerubiniḃ do ḋéantar é.
32Agus croċfa tú é ar ċeiṫre piléuruiḃ do ċrann Sitim ar na ḃfolaċ dór: béid a gcrúcuiḋe dór, ar na ceiṫre soiceaduiḃ airgid.
33Agus croċfa tú súas an folaċ fáoi na táistiḃ, ċor go ttiuḃra tú á steaċ annsin táoḃ á stiġ don ḟolaċ aírc ná fíaḋnuisi: agus rannfuiḋ an folaċ ḋíḃ idir a náit náoṁṫa agus ro náoṁṫa.
34Agus cuirfe tú an suiḋe trócaire ár aírc na fíaḋnuise ann sa náit ro náoṁṫa.
35Agus suiḋeoċa tú an bórd táoḃ a muiġ don ḟolaċ, agus an coinnleóir ṫall as coinne an ḃuird ar ṫaoḃ an tabernacuil don leaṫ ṫeas: agus cuirfe tú an bórd don leaṫ ṫuáiġ.
36Agus do ḋéana tú croċaḋ do ḋorus an lóistin, do ġorm, agus do ṗurpuir, agus do scarláoid, agus do líon ṁín ċasda, oibríġṫe le hobair ṡnaiṫide.
37Agus do ḋéana tú don croċaḋ cúig piléir do ċrann Sitim, agus foileoċa tú iad le hór agus beid a gcrúcniḋ dór: agus teilgfe tú cúig soicéid ṗráis dóiḃ.
Currently Selected:
Exodus 26: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.