Exodus 27
27
Caibidil XXVII.
Cumaḋ altóra na hofrála loisgṫe; 3. Agus gaċ inneal do ḃeanus di.
1Agus do ḋéana tú altóir do ċrann Sitim, cúig cuḃaid ar fad, agus cúig cuḃaid ar leiṫead; bíáiḋ a naltóir ceaṫairḃeannaċ, agus bu trí cuḃaid a háirde.
2Agus do ḋéana tú a beanna ar ċeiṫre coirnéuluiḃ: béid a beanna don ccéadna, agus foileoċa tú le prás í.
3Agus do ḋéana tú a hoiġne ċum luáṫa do ġlacaḋ ċuca, agus a sluáiste, agus a baisíniġ, agus a haḋuil, agus a hoiġne tineaḋ, a huile ṡoiṫiġe do ḋéana tú do ṗrás.
4Agus do ḋéana tú ḋi gráta do líonobair ṗráis; agus ar an lion do ḋéana tú ceiṫre ḟáinne ṗráis ann a ċeiṫre ċoirnéuluiḃ.
5Agus cuirfe tu fa ċompás na haltóra ṡíos é, ċor go mbía an líon ionann go lár na haltóra.
6Agus do ḋéana tú maidiḋe don altóir, maidiḋé do ċrann Sitim, agus foileoċa tú le prás íad.
7Agus cuirfíġear na maidiḋe ann sna fáinniḃ, agus béid na maidiḋe ar ḋá ṫáoḃ na haltóra, dá hiomċar.
8Folaṁ (a stiġ) do ċláruiḃ do ḋéana tú í: mar do taisbeanaḋ ḋuit ann sa tslíaḃ, mar sin do ḋéanuid siad í.
9Agus do ḋéana tú cúirt an tabernacuil: don táoiḃ ṫeas leaṫ ṫeas béid bruit don ċúirt do líon mín ċasda céad ċuḃad ar fad déantáoiḃ.
10Agus béid a fitċċe piléur sin agus fiṫċe soicéid do ṗrás: biaiḋ crúcuiḋe na bpiléur, agus a ḃfiléid dairgead.
11Agus mar sin don leaṫ ṫuáiṫ ar fad béid bruit do ċéad cuḃad ar fad, agus a ḃfiṫċe piléur agus a ḃfiṫċe soicéad práis; béid crúcuiḋe na bpíléur agus a ḃfiléid dairgead.
12Agus do ṫáoḃ leiṫid na cuirte ar an ttáoḃ ṡíar béid bruit do ċáogad cuḃad: a bpiléur a deiċ, agus a soiċeid a deiċ.
13Agus léiṫead na cúirte ar a ttáoḃ ṡoir leaṫ ṡoir béid cáogad cuḃad.
14Bruit déantáoḃ don ġeata biáiḋ cúig cúḃaid déug: a bpiléur a trí, agus a soicéid a trí.
15Agus ar án ttáoḃ eile béid bruit cúig cúḃaid déug: a bpiléur a trí, agus a soicéid a trí.
16Agus ċum geata na cúirte béid bruit dfiṫċid cuḃad, do ġorm, agus do ṗurpuir, agus do scarláoid, agus do linéadaċ ṁín ċasta, oibríġṫe le hobair ṡnáiṫide: agus a bpiléur a ceaṫair, agus a soicéid a ceaṫair.
17 Béid na huile piléur fá gcuáirt timċioll na cúirte ar na ḃfilleadaḋ le hairgead biáiḋ a ccrúcuiḋe dairgead, agus a soicéid do ṗrás.
18 Bíaiḋ fad na cúirte na ċéud cuḃad; agus a leiṫead cáogad ar gaċ áon táoḃ, agus cúig cuḃaid dáirde, do linéadaċ ḟinealta ċasda, agus a soicéid do ṗrás.
19Béid soiṫiġe an tabernacuil uile, a nuile ṡerḃís, agus a nuile ṫairnge, agus táirngiḋ na cúirte uile béid do ṗrás.
20Agus aiṫeonuiḋ tú do ċloinn Israel, go ttugaid ċugad an ola ḟíorġlan do ċrann ola brúite ċum an tsoluis, do ṫaḃairt ar an loċran lasaḋ a gcoṁnuiġe.
21A ttabernacuil an ċoṁċruiniġe táoḃ amuiġ don ḟolaċ, noċ atá, as coinne na fiaḋnuisi, oirdeoċuid Aáron agus a ṁic é ó ṫraṫnóna go maidin a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA: biáiḋ so na statúid go bráṫ da ngeinealaċuiḃ, do ṫáoiḃ ċloinne Israel.
Currently Selected:
Exodus 27: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.