YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 29

29
Caibidil XXIX.
Moḋ ċoisriogeaḋ na nsagart. 38 Na gnáṫofrala loisgṫe. 41 Agus geallaḋ an TIĠEARNA.
1Agus is é so an ní do ḋéana tú riú dá náoṁaḋ, do ṁiniostralaċd ḋaṁsa a noifig an tsagairt: glac ean ḋaṁ óg, agus dá reiṫ gan ċáiḋe,
2Agus arán gan laiḃín, agus bairġeana gan laiḃín, ar na gcumeasc le hola, agus aḃlanna gan laiḃín ungṫa le hola: do ṗlúr ċruíṫneaċda do ḋéana tú íad.
3Agus cuirfe tú a néinċléiḃín íad, agus do ḃéara tú leaċd íad annsa ċléiḃin, maille ris an daiṁ agus an dá reiṫe.
4Agus do ḃéura tú Aáron agus a ṁic go dorus tabernacuil an ċoṁċruinniġ, agus niġfe tú íad le huisge.
5Agus glacfa tú na culaḋa, agus cuirfe tú an cóta ar Aáron, agus róba an eṗod, agus an téṗod, agus an uċdṗláta, agus criosluiġ é lé crios céardaṁuil an eṗód.
6Agus cuirfe tú an míter ar a ċeann, agus cuirfe tú an ċoróin náoṁṫa ar an ṁiter.
7Ann sin glacfa tú an ola ungṫa, agus dóirtfe tú ar a ċeann í, agus ungfa tú é.
8Agus do ḃéura tú a ṁic, agus cuirfe tú cótuiḋe orra.
9Agus criósloċuiḋ tú íad le creasannuiḃ (Aáron agus a ṁic) agus cuirfe tú ná boinéit orra: agus biáiḋ oifig an tsagairt aca mar reaċd ṡíórruiḋe: agus coisreocuiḋ tú Aáron agus a ṁic.
10Agus do ḃéura tú fa deara daṁ do ṫaḃairt as coinne an tabernacuil an ċoṁċruinniġ; agus cuirfe Aáron agus a ṁic a láṁa ar ċionn na bulóige.
11Agus muírfe tú an daṁ as coinne an TIĠEARNA, ag dorus tábernacuil an ċoṁċruinniġe.
12Agus glacfa tú dfuil na bulóige, agus cuirfe tú é ar ḃeannuiḃ na haltóra led ṁéur, agus dóirtfe tu a nfuil uile ré táoḃ bun na haltóra.
13Agus glacfa tú an méaṫas uile ḟolċus an mionaċ, agus án scairt ḃíos ós cionn na náe, agus an dá ḋuḃán, agus an ġeir ḃías orra, agus loisg ar a naltóir íad.
14Aċd feóil na daiṁe, agus a ṡeiṫe, agus oṫraċ, loisgfe tú le teine táoḃ a muiċ don ċampa íad: is ofráil ṗeacaiḋ í.
15Glacfa tú mar an gcéadna éanreiṫ; agus cuirfe Aáron agus a ṁic a láṁa ar ċionn an reiṫe.
16Agus muirfe tú an reiṫ, agus glacfa tú a ḟuil, agus croiṫfe tú timċioll fa gcuáirt ar a naltóir í.
17Agus gearrfa tú an reiṫ na ċodċuiḃ, agus niġfe tú a inniḋe, agus a ċosa, agus cuirfe tú íad sin a gceann a ċodċan, agus a gcionn a ċinn.
18Agus loisgfe tú an reiṫ iomlán ar a naltóir: is ofráil loisge don TIĠEARNA sin: is deaġḃalaḋ é, ofráil déanta le teniḋ don TIĠEARNA.
19Agus glacfa tú an reiṫ eile; agus cuirfe Aáron agus a ṁic a láṁa ar ċeann an reiṫe.
20Ann sin muirfe tú an reiṫ, agus glacfa tú da ḟuil, agus cuirfe tú ar ṁáoṫán cluáisi deise Aáron, agus ar ṁáoṫán cluáisi deise a ṁic, agus ar ordóig a láiṁe deise, agus ar ordóig a ccoise deise í, agus croiṫ a nfuil ar a naltóir timċioll fa gcuáirt.
21Agus glacfa tú do nfuil atá ar a naltóir, agus don ola ungṫa, agus croiṫ í ar Aáron, agus ar a ċulaiḋ, agus ar a ṁacaiḃ, agus ar éaduiġiḃ a ṁac leis: agus biáiḋ sé náoṁṫa, agus a éáduiġe, agus a ṁic, agus éaduiġe a ṁac leis.
22Agus mar an gcéadna beanfa tú don reiṫe an ġeir agus bun a nearbuill, agus an ġeir ḟolċus na hineíḋe, agus scairt na náe, agus an dá ḋuḃán, agus an ġeir atá orra, agus an slínnéun deas: óir is reiṫe ċoisricġe é.
23Agus áon ḃuilín arain, agus áon ḃairġín darán olaḋa, agus éanaḃlann as cléiḃín, a naráin gan laiḃín, atá as coinne an TIĠEARNA.
24Agus cuirfe tú uile a láṁuiḃ Aáron, agus a láṁuiḃ a ṁac; agus croíṫfe tú íad na nofráil ċroiṫe a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA.
25Agus glacfa tú ó a láṁuiḃ iad, agus loisge tú íad, ar a naltóri mar ofráil loisge, mar ḋeaġḃalaḋ a laṫair an TIĠEARNA is ofráil deanta le teiniḋ i don TIĠEARNA.
26Agus glacfa tú uċd reiṫe ċosricṫe Aáron, agus croiṫfe tú é mar ofráil ċroiṫe a laṫair an TIĠEARNA: agus buḋ í sin do ċuidsi.
27Agus náoṁṫoċa tú uċd na hofrúla tonnuiġe, agus slinnéan na hofrála tógṫa, noċ ttonntar, agus noċ tógṫar súas, do reiṫe an ċoisrigṫe, don ni is le Háaron, agus don atá dá ṁacaiḃ.
28Agus buḋ le Haáron agus le na ṁacaiḃ sin maille ré reaċd ṡíorruiḋe ó ċloinn Israel: óir is ofráil tógṫa í: agus buḋ ofráil tógṫa ó ċloinn Israel í do ioḋburt na hofrála síoṫċána í, a nofráil tógṫa ċum an TIĠEARNA.
29Agus buḋ le macaiḃ Aáron a éaduiġe náoṁṫa na ḋíáiġ féin, dá nungaḋ ionta sin, agus ċum ḃeiṫ coisreacṫa ionta.
30 Agus an mac sin ḃías na ṡagart na áit cuirfiḋ sé air íad seaċd lá, a nuáir ṫiocfas go tabernacuil an ċoṁċruinniġ do ṁiniostralaċd sa náit náoṁṫa.
31Agus glacfa tú reiṫe an ċoisreacṫa, agus bruiṫfe tú a ḟeóil sa náit náoṁṫa.
32Agus íosa Aáron agus a ṁíc feóil an reiṫe, agus an tarán ḃías an sa ċléiḃín, ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ.
33Agus iosáid na néiṫe sin lé ndearnaḋ an tsíoḋċáin, dá gcoisreagaḋ agus dá náoṁaḋ: aċd ní íosa coiṁiġṫeaċ ḋíoḃ sin, do ċionn go ḃfuilid náoṁṫa.
34Agus má ḟanan éanní don ḟeóil ċoisrigṫe, nó don arán, go maidin, ann sin loiscfe tú an fuiġeall le teiniḋ, ní híostar é, do ċionn go ḃfuil sé náoṁṫa.
35Agus is mar so do ḋéana tú ré Haáron agus ré na ṁacaiḃ, do réir a nuile neiṫe do aiṫin mé ḋíot: seaċd lá ċoisreocus tú íad.
36Agus ofráilfaiḋ tú gaċ áon lá daṁ ar son ofrála ṗeacaiḋ: ar son síoṫċána: agus glanfa tú a naltóir, a nuáir do ḋeana tú síṫ ar a son, agus ungfa tú í, dá náoṁaḋ.
37Seaċd lá do ḋéana tú síṫ ar son na haltóra, agus náoṁṫoċa tú í; agus biáiḋ na haltóir ro náoṁṫa: gioḋ bé ar biṫ ḃeanas ris a naltóir biáiḋ sé náoṁṫa.
38A nois sé so an ní sin ofráilfios tú ár a naltóir; ḋá uan don ċéidḃliaḋuin ó lá go lá go coṁnuiġṫeaċ.
39Aón luaġán díoḃ do ḋéana tú ofráil ar maidin; agus an luaġan eile ofráilfe tú um nóin.
40Agus le háon úan an deaċṁaḋ rann plúir comaisce leis an gceaṫraṁaḋ cuid do hin dola ḃúailte: agus an ceaṫraṁaḋ cuid do hin ḟíona mar ofráil díġe.
41Agus an túan eile ofrailfiḋ tú um nóin, agus do ḋéana tú ris do réir na hofrála bíḋ e na maidne, agus do réir na hofrála diġe na maidne, mar ḃolaḋ ṁaiṫ: is ofráil í déanta le teiniḋ don TIĠEARNA.
42 Biáiḋ so na hofráil ċoṁnuiġṫeaċ loiscṫe ar feaḋ ḃur ngeinealaċ ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA: áit a tteigeaṁa misi riḃ, do laḃairt ann sin riot.
43Agus an sin ṫeigeoṁus mé re cloinn Israel, agus do ḋéantar an tabernácuil náoṁṫa leam ġlóir.
44Agus náoṁṫoċa mé tabernacuil an ċoṁċrúinniġ, agus a naltóir: náoṁṫoċa mé mar an gcéadna Aaron agus a ṁic, do ṁiniostralaċd ḋaṁ a noifig an tsagairt.
45Agus do ḋéana mé coṁnuiġe a measg ċloinne Israel, agus béud am Ḋía aca.
46Agus aiṫeonuid síad gur an TIĠEARNA a Ndía, noċ ṫug a maċ íad as críċ na Hégipte, ionnus go gcoiṁneoċuinn na measg: is misi an TIĠEARNA a Ndía.

Currently Selected:

Exodus 29: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in