Exodus 30
30
Caibidil XXX.
Cuma altóra na tuise. 2 Earaic no airgiod fúasglaiḋ cloinne Israel. 34 An boltnuġaḋ ro naoṁṫa.
1Agus do ḋéana tú altóir do loscaḋ túise uirre; do ċrann Sitim do ḋéana tú i.
2Cuḃad buḋ é a fad, agus cuḃad a leiṫead; ceaṫairḃeannaċ ḃías sí; agus biáiḋ a háirdé ḋá ċuḃad: biáiḋ a beanna don ccéadna.
3Agus fóileoċa tú dór ḟíorġlan í, a húaċtar, agus a táoḃ timċioll fa gcuáirt, agus a beanna; agus do ḋéana tú ḋi coroin óir timċioll fa gcuáirt.
4Agus do déana tú ḋá ḟáinne óir ḋi faoi an ċoróin, agá ḋá coirnéul, agá ḋá ṫaoḃ do ḋéana tú íad; agus béid siád mar áitiḃ do ḃatuiḋiḃ dá hiomċar leó.
5Agus do ḋéana tú na maidiḋe do ċrann Sitim, agus foileoċuiḋ tú le hór íad.
6Agus cuirfe tú as coinne an ḟoluiġ í, atá láiṁ re háirc na fiáḋnuisi, as coinne ann tsuiḋe ṫrócaire atá ós cionn an ḟiaḋnuisi, mar a tteagaṁa misi riot.
7Agus loisgfe Aáron túis ḋeaġḃoluiḋ gaċ aon ṁaidin uirre: a nuáir ḋeiseoċa sé na lampuiḋe, loisgfe sé túis uirre.
8Agus a nuáir lasfas Aáron na lampuiḋe um noín, loisgfe sé túis uirre, túis ḃioḃúan a ḃfiagnuise an TIĠEARNA, ar feaḋ ḃur ngeinealaċ.
9Ní loisgfíḋe túis ċoiṁiḋeaċ ar bioṫ uirre, nó íoḋbuirt loisge, no ofráil bíḋ; ní mo ḋoírtfíḋe ofrála ḋiġe uirre.
10Agus do ḋéana Aáron síṫ ar a beannuiḃ uáir san mbliaḋuin le fuil ofrála ṗeacaiḋ na síṫe; uáir san mbliaḋuin do déana sé síḋ uirre ar feaḋ ḃur ngeinealaċ: atá sí ro náoṁṫa don TIĠEARNA.
11Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, ga ráḋ,
12A núair ġlacfas tú suim ċloinne Israel do reír a nuiḃre, ann sin do ḃéuruiḋ gaċ éanduine fuásclaḋ ar son anma don TIĠEARNA, a núair aireoṁus tú íad; go naċ mbiáiḋ plaíġ na measc, a núair aíreoṁas tú iad.
13Is é so do ḃéuruid, gaċ éan da raċaiḋ ṫort na measc atá áirṁiṫe, leiṫṡecel do reír na sanctóra: (secel is é sin fiṫċe gérah:) agus leiṫṡecel ofráil an TIĠEARNA.
14Gaċ éan dá tteíd ṫort na measg atá airṁiṫe, ó ḟiṫċid bliaḋan dáois agus ós a ċionn, do ḃéura sé ofráil don TIĠEARNA.
15Ní ṫíuḃra an sáiḋḃir nios mó, agus an boċd ní ṫiuḃra níos luġa nó leiṫ ṡecel, a nuáir do ḃéaruid ofráil don TIĠEARNA, do ḋéanaṁ siṫe dá ḃur nanmannuiḃ.
16Agus glacfa tusa an tairgead síṫe ó ċloinn Israel, agus cinnfe tú é do ṡerḃís ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ: Ionnus go mbía na ċuiṁne do ċloinn Israel a laṫair an TIĠEARNA, do ḋéanaṁ síṫe dá ḃur nanmanuiḃ.
17Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise ḋa ráḋ,
18Do ḋéana tú mar an gcéadna láḃéir práis, agus a ċos mar an gcéadna do ṗrás, do ionnlaḋ as: agus cuirfe tú é idir ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ agus a naltoir, agus cuirfe tú uisge ann.
19Oír ionneoluid Aáron agus ṁic a láṁa agus a gcosa aige:
20Agus a núair raċuid go tabernacuil an ċoṁċruinniġ, ionnoluid siád le huisce, go naċ ḃfaġaid bás: nó a nuair ṫiocfaid a ḃfogus do naltoir do ṁiniostralaċd, do losgaḋ ofrála déanta lé teinniḋ don TIĠEARNA:
21Mar sin niġfid a laṁa agus a gcosa, go naċ ḃfaġaid bás: biáiḋ so na reaċd ḋóiḃ go bráṫ, dósan agus da ṡiól ar feaḋ a ngeinealaċ.
22Tuilleaṁ fós do laḃair an TIĠEARNA re Maoise, ga ráḋ,
23Glac ṫusa mar an gcéadna ċugad spiósra oirḋearca, do ṁirr ġloinn cúig ċéad secel, agus do ṡinamon deaġḃoluid a leaṫ oiread sin, ḋá ċéad agus caógad secel, agus do ċalamus déaġḃoluiḋ ḋá ċéad agus cáogad secel,
24Agus do ċassía cúig ċéad secel, do reír ṡecel na sanctóra, agus hin dola ċroinn ola:
25Agus do ḋéana tú ola ḋe dola náoṁṫa, agus ola cumaiscṫe, do réir ealaḋan an ollaṁ: biáiḋ sí na hola naóṁṫa ċum ungṫa.
26Agus ungfa tú tabernacuil an ċoṁċruinniġ lé, agus aírc na fiaḋnuise,
27Agus an bórd agus a ṡoiṫiḋe uile, agus an coinnleóir agus a ṡoiṫiḋe, agus altoír na túise,
28Agus altoír na hofrála loisge gon a huile ṡoiṫiḋiḃ, agus an láḃéir agus a cos.
29Agus naoṁṫoċa tú íad, ionnus go mbéid ro naoṁṫa: gioḋ bé ar biṫ ní ḃeanus riu biáiḋ sé naoṁṫa.
30Agus ungfa tú Aáron agus a ṁic, agus coisreoca tú íad, ċor go miniostrálfuid ḋaṁsa a noifig an tsagairt.
31Agus laiḃeóra tú re cloinn Israel, dá ráḋ. Biáiḋ so na hola noaṁṫa ungṫa ḋaṁsa ar feaḋ ḃur ngeinealaċ.
32Ar ḟeóil duine ní doírtfiġear í, ní mó ḋéantaoi saṁuil di, do reír a compóideaċd: is naoṁṫa í, agus biaiḋ sí naóṁṫa ḋaóiḃsi.
33Gioḋ bé ar biṫ ḋéanas cumusc cosṁuil ría, nó gioḋ bé ar biṫ ċuirfeas di ar ċoiṁiġṫeaċ, géarrfuiġear ċeana a maċ óna ḋaóiniḃ é.
34Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Glac ċugad spiósra, ḋeaġḃaluiḋ, stácte agus oniċa, agus galbánum: na spiósra deaġḃaluiḋsi maille re túis ġloinn: oiread re ċeille dá gaċ ċuid díoḃ:
35Agus do ḋéana tú perfiúm ḋe, ollaṁ cumasc do réir ealaḋan an cumuscṫe, ré ċéile, fiórġlan agus naóṁṫa:
36Agus brúiḋfe tú cuid de sin ro ṁín, agus cuirfe tú cuid do as coinne na fiaḋnuise ann sa tabernacuil an ċoṁcruinniġ, aít a tteigeaṁa misi riot: biáiḋ sé ro náoṁṫa ḋaóiḃ.
37Agus ar son na perfiúme do ḋéana tú, ni ḋéantaoi ḋíḃ feín do reír a ċumaisc sin: bíaiḋ sé ḋuitsi naoṁṫa don TIĠEARNA.
38Gioḋ bé ar bioṫ ḋéanas saṁuil dó sin do ḃoltnuġaḋ, géarrfuiġear é amaċ ó na ḋaóiniḃ.
Currently Selected:
Exodus 30: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.