Exodus 31
31
Caibidil XXXI.
Bésaleel maiġisdir saoṫair ar obair an tabernacuil. 6 Agus a ċoṁóibraḋa; deúnta lé Día ċum na hoibre.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, dá ráḋ,
2Féuċ, do ġoir mé go ainmniġe air Ḃésaleel, mac Uri, ṁic Hur, do ṫreiḃ Iúdah:
3Agus do líon mé é do spioraid Dé, a neagna, agus a ttuigsin, agus a neólus, agus annsa nuile ġné oibre,
4Do ṫionnscnaṁ oibreaċ ngéarċúiseaċ, do oibriuġaḋ a nór, agus a nairgead, agus a bprás,
5Agus a ngearraḋ cloċ, dá gcur, agus ag ceirḃereaḋ aḋmuid, doibríuġaḋ ann gaċ uile ṡórt oíbre.
6Agus mísi, féaċ, ṫug me maille leis, Aholiab mac Ahisamaċ, do ṫreiḃ Dan: agus a gcroiḋṫiḃ gaċ a ḃfuil glicehroiḋeaċ do ċuir mé eagna; ċor go ndéarnadaois a nuile ní do aiṫin me ḋiótsa;
7Tabernacuil an ċoṁċruinniġ, agus aírc na fiaḋnuisi, agus an suiḋe trócaire atá uirre, agus uile ṡoiṫiġe an tabernacuil.
8Agus an bórd agus a mbeanann ris, agus an coinnleóir glan gun a ġleús uile, agus altoír na túise,
9Agus altóir na hofrála loisge maille re na huile ionstrumintiḃ, agus a láḃeir agus a cos,
10Agus na héaduiḋe serḃíse, agus an culaiḋ naoṁṫa do Aáron an sagart, agus na culaḋa dá ṁacaiḃ, do ṁiniostralaċd a noifig an tsagairt,
11Agus a nola ungṫa, agus an túis ḋéaġḃolaiḋ do naít naoṁṫa: do reír a nuile ní do aiṫin mé ḋiót; do ḋéanaid siád.
12Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, gá ráḋ,
13Laḃairse fós ré ċloinn Israel, ga ráḋ, Go deiṁin coiṁéadfuiḋe mo ṡábbóid: oír is coṁarṫa eadrum féin agus siḃse i ar feaḋ ḃur ngeinealaċ; go mbía a ḟios aguiḃ gur mé an TIĠEARNA náoṁas siḃ.
14Cuiṁdeoċṫáoi an sabbóid ar a naḋḃarsin; óir atá náoṁṫa ḋaóiḃ, a nuile ḋuine ḃrisios i cuirfíġear go deiṁin ċum báis é: óir giḋ bé neaċ oibriġeas éainní innte, gearrfuiġear anam sin ó ḃeiṫ a measg a ḋáoine.
15Sé lá is ḟedir obair do ḋéanaṁ; aċd an seaċdṁaḋ lá sé sábóid an tsocaṁuil é, náoṁṫa don TIĠEARNA: giḋ bé ḋéanas obair ar biṫ a ló na sábóide, cuirfiġear go deiṁin ċum báis é.
16Ar a naḋḃarsin cuiṁdeoċuid clann Isráel an tsabboid, do ċoiṁéud na sabóide ar feaḋ a ngeinealaċ, mar ċunnraḋ siorruiḋe.
17 Is coṁarṫa eadrumsa agus clann Israel go bráṫ é: óir a sé lá do rinne an TIĠEARNA neaṁ agus talaṁ, agus ar an seaċdṁaḋ lá do scuir sé, agus do léig scíṫ.
18Agus tug sé do Ṁaóise, a nuáir do ċríoċnuiġ sé a ċoṁráḋ leis ar ṡlíaḃ Sínai, ḋá ċlár na fiaḋnuise, cláir ċloiċe, sgríoḃṫa lé méur Dé.
Currently Selected:
Exodus 31: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.