Exodus 33
33
Caibidil XXXIII.
Aiṫreaċus an tslúaiġ. 14 Ioċad agus annsaċd an tiġearna.
1Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Gluáis agus éiriġ súas as so, ṫusa agus an pobál ṫug tú leaċd a maċ as críċ na Hégipte, don tír do mionnuiġ misi do Abraham, do Isaac, agus do Iácob, ḋá ráḋ, Dot ṡíol do ḃéura mé é:
2Agus cuirfe me aingeal róṁad; agus díbeóra mé amaċ an Cananíteaċ, an Tamoríteaċ, an Hitíteaċ, an Perisíteaċ, an Hiḃíteaċ, agus an Iebusíteaċ:
3Go tír fá ṫuile ḃainne agus ṁeala: óir ní raċa misi suas ḃur measg; óir atáṫáoi ḃar ndáoiniḃ crúaḋṁuiníl: deagla go ndíoḃáiġfinn siḃ ar a tsliġe.
4Agus a nuáir do ċúala an pobal na droiċsceala sa, do ḋuḃadar: agus níor ċuir éanduine a ḃreáḋaċd air.
5Oír a duḃairt an TIĠEARNA ré Maoise, Abuir ré cloinn Israel, Is pobal crúaḋṁuiníl siḃ: tiucfa mé súas ion ḃur lár a moment, agus díoġḃáiġfe mé siḃ: uime sin anois cuir ḋíot do ḋeiseaċd uáit, íonnus go ḃfeadarsa créad do ḋeana mé riot.
6Agus do noċdadar clann Israel íad féin as a mbréaḋaċd láiṁ re sliaḃ Hóreb.
7Agus rug Maoise ar an tabernacuil, agus do ṡuiġiḋ táoḃ a muiġ don ċampa é, a ḃfad ón ċampa, agus do ġoir tabernacuil an ċoṁċruinniġ ḋe. Agus tárla, gaċ áon da níarraḋ an TIĠEARNA, go ttigeaḋ amaċ go tabernacuil an ċoṁċruinniġ, noċ do ḃí táoḃ a muiġ don ċampa.
8Agus tárla a nuáir do ċúaiḋ Maóise gus an tabernacuil, gur éiriġ an pobal uile, agus gur ṡeas gaċ éanduine ḋíoḃ ag dorus a loistín féin, agus gur ḟéuċadar a ndiáiġ Ṁaóise, nó go neaċuiḋ don tabernacuil.
9Agus tárla, mar do ċúaiḋ Maóise a steaċ san tabernacuil, go ttáinic an piléur néullaċ a núas, agus gur ṡeas ag dorus an tabernacuil, agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise.
10Agus do ċonnairc an pobal uile an piléur néullaċ na ṡeasaṁ ag dorus an tabernacuil: agus do éirġeadar an pobal uile na seasaṁ, agus do aḋair gaċ áonduine aca a ndorus a lóistin féin.
11Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise áġuiḋ ar áġuiḋ, mar do laiḃeóraḋ duine re na ċaraḋ. Agus do ḟill a rís don ċampa: aċd a ṡerḃíseaċ Iosua, mac Nun, an toganaċ, ni ḋeaċuiḋ sé as an tabernacuil amaċ.
12Agus a duḃairt Maóise ris an TIĠEARNA, Feuċ, a deir tú riumsa, Beir súas an pobalsa: agus ní ṫug tú a ḟios daṁ cia, ċuirfeá liom. Giḋéaḋ a duḃairt tú, Atá a ḟios agus cía ṫú as hainm, agus fuáir tú grása mar ann gcéadna an mo raḋarc.
13A nois uime sin, iarruim daṫċuinġe ort, ma fuáir mé grása an do raḋarc, taisbéan daṁ a nois do ṡliġe, le mbía haiṫne agum, lé a ḃfuiġe mé grása an do raḋarc: agus meas gurob íad an cineaḋso do ṗobal.
14Agus a duḃairt seision, Raċuiḋ máġuiḋ leaċd, agus do ḃeura mé súáiṁneas duit.
15Agus a duḃairt sé ris, Muna ndeaċuiḋ háġaiḋ liom, ná beir súas as so sinn.
16Oír cionnus ḃías a ḟios annso go ḃfuáir misi agus do ṗobal grása ann do raḋarc? naċ le ṫusa do ḋul linn? mar sin deáloċṫar sinn, misi agus do ṗobal ó nuile ṗobal, do ḃfuil ar ḋruim ná talṁan.
17Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Do ḋéana mé an ni so mar an gcéadna a duḃairt tusa: óir fuáir tú grása ann mo raḋarc, agus atá aiṫne agus ort ad ainm.
18Agus a duḃairt seision, Iarruim daṫċuinge ort, taisbean do ġlóir ḋaṁ.
19Agus a duḃairt seision, Do ḃéura mé ar mo ṁaiṫeas uile dul roṁad, agus fuaigeora mé ainm an TIĠEARNA roṁad; agus biad grásaṁuil don ti dá mbía mé grásaṁuil, agus taisbéanfad trócaire don tí dá ttaisbéana mé trócaire.
20Agus a duḃairt seision, Ní ḟéadann tú máġuiḋ dfaicsin: óir ní ḟaicfe éanduine mé, agus marṫuinn.
21Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Féuċ, atá áit láiṁ riom, agus seasfa tusa ar ċarruic:
22Agus tiucfá ḋe, an feaḋ ḃías mo ġlóir ag gaḃáil ṫort, go ccuirfe mé ṫusa a scoilteaḋ don ċarruicc, agus foileoċa mé ṫú leam láiṁ an feaḋ ḃías mé ag gaḃáil ṫort:
23Agus toigeoḃa mé mo láṁ, agus do ċífe tú an ċuidṡiar ḋíom: aċd ní faicfiġear mo ġnúis.
Currently Selected:
Exodus 33: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.