YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 4

4
Caibidil IV.
Ġaḃ Maoisi an teaċduireaċd do láiṁ fá ḋeire. 27 As scáṫan Maoisi agus Aaron ar ċairdeas uaċdarain ṫuaṫa, agus ċill, ré ċeile.
1Agus do ḟreagair Maóisi agus a duḃairt, Aċ féuċ, ní ċreidfid síad mé, agus ní éisdfid rem ġuṫ; óir a déaruid síad, níor ṫaisbéin an TIĠEARNA é féin duit.
2Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Créad é an ní sin ad láiṁ? Agus a duḃairt sesion, Atá slat.
3Agus a duḃairt sé, Teilg ar talaṁ í. Agus do ṫeilg seision ar talaṁ í, agus do rinneaḋ naṫair niṁe ḋi; agus do ṫeiṫ Maoisi roimpe.
4Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maoisi, Cuir o láṁ amaċ agus glac í ar earball. Agus do ċúir amaċ a láṁ, agus do ġlac í, agus do rinneaḋ slat di iona láiṁ:
5Ar ċoir go gcreidfidis gur ḟoillsiġ an TIĠEARNA Día a naṫar, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iácob é fein duit.
6Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris ós a ċionn sin, Cuir a nois dó láṁ ad ḃrollaċ. Agus do ċuir sé a láṁ iona ḃrollaċ: agus a nuair tug sé amaċ í, féuċ, do ḃí a láṁ luḃraċ mar ṡneaċda.
7Agus a duḃairt sé, Cuír do láṁ ad ḃrollaċ a rís. Agus do ċuir a láṁ na ḃrollaċ a rís. Agus tug amaċ as a ḃrollaċ í, agus, féuċ, do hiompoiġeaḋ í a rís mar an gcuid eile ḋá ḟéoil.
8Agus tiucfa a gcríċ, muna ccreidid síad ṫú, agus naċ tiuḃruid éisdeaċd do ġuṫ an ċéadċoṁarṫa, go gcreidfid síad guṫ an ċoṁarṫa ḋeiġionuiġ.
9Agus tiucfá a gcriċ, muna ccreidid siad céaċtar don dá ċoṁarṫasa, agus naċ éisdfid red ġuṫsa, go nglacfa tú duisge na haḃann, agus go ndóirtfe tú é ar an ttalaṁ tirim: agus an túisge ḃéuras tú as a naḃuinn go mbía na ḟuil ar an dtalaṁ tirim.
10Agus a duḃairt Maoisi ris anTTIĠEARNA O mo ṪIĠEARNA ní ḃfuilimsi deaġlaḃarṫa, ná roiṁe só, ná ó laḃair tusa réd ṡerḃiseaċ: Aċd atáim mall a ccoṁráḋ, agus mall a dteanguiḋ.
11Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Cía rinne béul an duine, nó cía ní an balḃ, nó an boḋar, nó an té do ċí, nó an dall? Naċ misi an TIĠEARNA?
12A nois ar a naḋḃarsin imṫiġ, agus biáiḋ misi maille red ḃéul, agus múinfe mé ḋuit cread a déura tú.
13Agus a duḃairt sesion, O mo Ṫiġearna, guiḋim ṫú, cuir uáit ris an té noċ ċuirfeas tú uait.
14Agus do las fearg an TIĠEARNA re Máoisi, agus a duḃairt, Naċ é Aáron an Léḃíteaċ do ḋearḃraṫair? atá a ḟios agam go laḃrann sé go maiṫ. Agus mar an gcéadna, féuċ, atá sé ag teaċd amaċ do ṫeagṁáil riot: agus a nuair do ċífe sé ṫú, biáiḋ lúṫġáireaċ iona ċróiḋe.
15Agus laiḃéora tusa ris, agus cuirfe tú bríaṫra íona ḃéul: agus biaiḋ misi maille red ḃéulsa, agus le na ḃéulsan, agus múinfe mé ḋáoiḃ cread do ḋéantáoi:
16Agus biáiḋ sesion na ḟior edirṁíniġe agad ris an bpobal: agus biáiḋ sesion, éaḋon biáiḋ sesion féin a náit béil duitsi, agus biáiḋ tusa a náit Dé ḋósan.
17Agus glacfa tú an tslatso ad láiṁ, le ndéana tú coṁarṫuiġe.
18Agus do imṫiġ Máoisi, agus do ḟill ar létro a ċlíaṁuin, agus a duḃairt ris, Guiḋim ṫú léig ḋamsa ímṫeaċd, agus filleaḋ ar mo ḋearḃráiṫriḃ atá sa Négipt, dá ḟéaċuin an ḃfuilid béo fós. Agus a duḃairt Iétro ré Máoisi, Eiriġ a sioṫċáin.
19Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Máoise a Mídian, Eiriġ, fill do Negipt: óir do éugadur uile an ṁéid do ḃí ag iarruiḋ do ḃáis.
20Agus rug Maóisi a ḃean agus a ṁic leis, agus do ċuir ar assal íad, agus do ḟill go críċ na Hegipte: agus do ġlac Maóise slat Dé na láiṁ.
21Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóisi, A nuair iméoċus tú ċum filleaḋ don Egipt, féuċ go ndéana tú na míorḃuilesi uile as coinne Ṗárao, noċ do ċuir misi ad láiṁ: aċ cruáḋéoċa misi a ċroiḋe, ionnus naċ léigfiḋ don ṗobal imṫeaċd.
22Agus deura tusa re Ṗárao, Marso a deir an TIĠEARNA: sé Israel mo ṁac, mo ċéidġin fós:
23Agus a deirim riotsa, léig mo ṁac ar siuḃal, ionnus go ndéana sé serḃís daṁsa: agus má ḋiúltann tú léigean dó imṫeaċd, féuċ, muirfiḋ misi do ṁacsa, do ċéidġin fós.
24Agus tárla ar an tsliġe san tiġ ósta, gur ċas an TIĠEARNA air, agus gur íarr a ṁárḃaḋ.
25Ann sin do ġlac Sipporah cloċ ġéur, agus do ġearr réuṁċroiceann a mic, agus do ṫeilg fa ná ċosuiḃ é, agus a duḃairt: Go deiṁin is fear fuilteaċ ḋaṁsa ṫú.
26Do leig sé uaḋa mar sin é: ann sin a duḃairt sisi, As fear fuilteaċ ṫú, do ḃríġ an timċillġéarrṫa.
27Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Aáron: Imṫiġ fán ḃfasaċ do ṫeagṁáil re Maóise. Agus do imṫiġ sé, agus tárla leis é a slíaḃ Dé, agus do ṗóg é.
28Agus do innis Maóisi do Aáron bríaṫra an TIĠEARNA uile, noċ do ċuir uaḋ é, agus a nuile ċoṁarṫa dar aiṫin de.
29Agus do imṫiġ Maóisi, agus Aáron, agus dó ċruinniġeadur a ḃfoċair a ċéile sinnseara ċloinne Israel uile:
30Agus do laḃair Aáron a nuile ḟocal dár laḃair an TIĠEARNA re Maóisi, agus do rinne na coṁarṫaḋa a laṫair an ṗobail.
31Agus do ċreideadur an pobal: agus a nuáir do ċualadar go ttáinic an TIĠEARNA dfiosruġaḋ ċloinne Israel, agus gur ḟéuċ sé ar ċloinn Israel, agus go ḃfacaiḋ sé a mbuaireaḋ, ann sin do ċromadar a ccinn agus do rinneadur uṁla.

Currently Selected:

Exodus 4: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in