Exodus 5
5
Caibidil V.
Ṗarao deís raḃaḋ ḟaġail ó Ṁaoisi agus ó Aaroin, Israel do leigean ar Sioḃal. 5 Do ṁeúduiġ se daoirse Israel.
1Agus na ḋiáiġ sin do ċuáiḋ Maóisi agus Aáron a steaċ, agus do inniseadur do Ṗárao, Marso a deir an TIĠEARNA Día Israel, léig dom ṗobal imṫeaċd, go ndearnaid féusda ḋaṁsa san ḃfásaċ.
2Agus a duḃairt Ṗárao, Cía hé an TIĠEARNA da nuṁloċuinnsi ḋá ġlór, as a léigfinn Israel dimṫeaċd? ni haiṫnid daṁsa an TIĠEARNA sin agus ní mó léigfeas mé Israel dimṫeaċd.
3Agus a duḃradursan, Tarla Día na Neaḃruiḋeaċ rinn: léig ḋúinn imṫeaċd, iarmáoid ort, uiḋe ṫrí lá annsa ḃfásaċ, agus ioḋbuirt do ḋéanaṁ don TIĠEARNA ar Ndía; deagla go luiḋfioḋ sé oruinn le pláiġ nó lé cloiḋeaṁ.
4Agus do ráiḋ ríġ na Hégipte ríu, Cread fa mbacṫaoisi, a Ṁaóisi agus a Aáron, do na daoiniḃ a nobair do ḋéanaṁ? éirgiḋsi ċum ḃur núaluiġ.
5Agus a duḃairt Ṗárao, Féuċuiḋ, atáid pobal na tíre annois líonṁar, agus do ḃéurṫaoise orra fuireaċ óna nualuiġiḃ.
6Agus tug Ṗárao aiṫne an lá sin féin do ṁaiġistríḃ tasca an ṗobuil, agus dá noifigeaċuiḃ, ag ráḋ,
7Ní ṫiuḃarṫaoi feasda tuiġe don ṗobal do ḋéanaṁ brice, mar ṫugaḃair go ttí so: éirgidís agus cruinniġedís tuiġe ḋóiḃ féin.
8Agus a nuiḃir ḃríceaḋ, do rinneadur go nuige so, cuirfíḋe sin orra; ní láiġdeoċṫaói a ḃeag ḋe: óir atáid díoṁáoin; agus is uime sin ġáirid síad, ag ráḋ, Léig ḋúinn imṫeaċd do ḋéanaṁ ioḋbarṫa dár Ndía.
9Cuirṫear tuilleaḋ oibre ar na daóiniḃ go ndearnaid sáoṫar ann; agus naċ tugaid aire do ḃríaṫruiḃ díoṁaóin.
10Agus do ċúadur maiġistríġe dáoirsi an ṗobail amaċ, agus a noifigiḋ, agus do laḃradur ris an bpobal, ag ráḋ, Is mar so a deir Ṗárao, ni ṫiuḃra misi tuiġe ḋaóiḃ.
11Eirgiḋ, faġaiḋ tuiġe mar ar féidir liḃ a ḟaġáil: ní raċuiḋ a ḃeag dá ḃur nobair síos.
12Mar sin do spréiġ an pobal amaċ ar féaḋ ċríċe na Hégipte do ċruinniuġaḋ connluiġ a náit tuiġe.
13Agus do ḃrosduiġeadar na maiġistríġe tasca íad, ag ráḋ, Iomlánuiġ ḃur nobair, ḃur ttasca láeṫeaṁuil, coṁmaiṫ agus a nuáir do ḃí tuiġe aguiḃ.
14Agus do buáileaḋ oifigiḋ ċloinne Israel, noċ do ċuireadur maiġistriġe tasca Ṗárao ós a gcionn, agus do ḟiafruiġeaḋ ḋíoḃ, Cread fá nár coṁlíonaḃair ḃur ttasca a ndéanaṁ bríce a né agus a niuġ, mar do rinneaḃair roiṁe sin?
15Ann sin tangadur oifigiḋ ċloinne Israel, agus do éiġeadur ar Ṗárao, ag ráḋ, Créad fá ndéan tú so réd ṡerḃíseaċuiḃ?
16Ní tucṫur tuiġe dot ṡerḃíseaċuiḃ, agus a deirid síad rinn, Déanuiḋ bríce: agus, féuċ, gaḃṫar ar do ṡerḃíseaċaiḃ; aċd as ar do ḋáoiniḃ féin atá an loċd.
17Aċd a duḃairt seision, Atáṫaoi díoṁáoin, atáṫaoi díomáoin: uime sin a dearṫaoi, Léig ḋúin imṫeaċd go ndearnamáois ioḋbuirt don TIĠEARNA.
18Imṫiġiḋ a nois uime sin, agus déanuiḋ sáoṫar; óir ní tiuḃarṫar tuiġe ar biṫ ḋaóiḃ, agus gíḋeaḋ do ḃéurṫaoi uáiḃ uiḃir na mbríceaḋ.
19Agus do ċoncadúr oifigiḋ ċloinné Israel, gur ḃolc an náit ann a raḃadur, tar éis a ráḋ, Ní laiġdeoċuiḋ a ḃeag dá ḃur mbríciḋ ann ḃur ttasca laéṫeaṁuil.
20Agus tárla re Maóisi agus re Aáron íad, noċ do ṡeas annsa tsliġe mar ṫangadur amaċ ó Ṗárao:
21Agus a duḃradur ríu, Go ḃfeuċuiḋ an TIĠEARNA oruiḃ, agus beireaḋ breaṫ; do ċionn go ndearnaḃair ar mbolaḋ domblasda a laṫair Ṗárao agus a raḋarc a ṡerḃíseaċ, do ċur cloiḋiṁ ann a láiṁ dar marḃaḋ.
22Agus do ḟill Maóise ċum an TIĠEARNA, agus do ráiḋ, A ṪIĠEARNA, creád fá ndeárna tú coṁolcso ris an bpobalsa? Créad as ar ċuir tú misi uáit?
23Oír ó ṫáinic mé go Ṗárao do laḃairt ad ainmse, do rinne sé olc ó ṡin don ṗobalsa; agus ní mó do ṡáor tusa do ṗobal ar éanċor.
Currently Selected:
Exodus 5: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.