YouVersion Logo
Search Icon

Habaccuc 3

3
Caibidil III.
Dán, agus muiniġinn Habaccuc, go aíṫḃeoḋuiġ Día a ḋaóine fós, go lag anois.
1Urnaiġ Habaccuc an fáiġ air Sigionot.
2O a ṪIĠEARNA, do ċúala mé do ġlór, agus do ḃí eagla orum: a ṪIĠEARNA, aiṫḃeoḋuiġ hobair a meaḋón na mblíaḋan, foillsiġ a lár na mblíaḋan; a ḃfeirg cuiṁniġ trócaire.
3¶ Ṫáinig Día ó Ṫémah, agus an Táon Náoṁṫa ó ṡlíaḃ Páran. Selah. Dfoluiġ a ġlóir na flaiṫis, agus do ḃí an talaṁ lán dá ṁolaḋ.
4Agus do ḃí a ḋéalraḋ mar an solus; do ḃádar aḋarca as a láiṁ: agus ann sin do ḃí folaċ a ċuṁaċd.
5Do ċuáiḋ an ṗláiġ roiṁe, agus ċuáiḋ gúal dearg amaċ ó na ċosaiḃ.
6Do ṡeas sé, agus do ṫoṁais sé an talaṁ: dféuċ sé, agus do scáoil sé ó ċéile na cineaḋaċa; agus do spréiḋ sé na sleiḃte síoṫḃúana, do ċromadar na cnuic ṡíorruiḋe: atáid a ṡliġṫe gan ḟoirċeann.
7Do ċonnairc mé páilliúin Ċúsan a naindeise: agus do ċroiṫnuiġ cúirtíne ṫíre Midian.
8An raiḃ an TIĠEARNA feargaċ a naġaiḋ na naḃann? an raiḃ ṫfearg a naġaiḋ na naḃann? an raiḃ ṫfearg a naġaiḋ na fairge, as a ndearna tú marcuiġeaċd air heaċaiḃ agus air ċarbaduiḃ do ṡlánuiġṫe?
9Do rinneaḋ do ḃoḋa lomnoċd go huiliḋe, do réir ṁionna na ttréaḃ, ṫfocal. Selah. Do scoilt tú an talaṁ ré sroṫaiḃ.
10Do ċoncadar na sléiḃte ṫú, agus do ċrioṫnuiġeadar; do ċuáiḋ tuile ḃárr a nuisge ṫairis: dfoillsiġ an taigéun a ġuṫ, agus do ṫóig a láṁa súas go hárd.
11Dfan an ġrían agus an ġealaċ na seasaṁ iona háit féin: dimṫiġeadar fa ṡolus do ṡoiġead, agus fa loinnir do ġaṫ tonnaiġ.
12Dimṫiġ tú ṫríd an ttír a ḃfeirg, do ḃuáil tú na geinte a ndíḃḟeirg.
13Do ċuáiḋ tú amaċ ar son tárṫála do ḋaóine, eaḋon ar son slánuiġṫe re hungṫaċ; do loit tú an ceann as tiġ an ċiontuiġ, le foillsiuġaḋ na bunáite gus an muineal. Selah.
14Do ḃuáil tú ṫríd amaċ lé na ṁaideaḋuiḃ ceann na mbailteaḋ: ṫangadar amaċ mar ġáoiṫ ġuairdeáin dom scainreaḋsa: buḋ é a ngairdeaċas an boċt do ṡlugaḋ go seicréideaċ.
15Dimṫiġ tú ṫríd an ḃfairge lé heaċuiḃ, tré ċruinniuġaḋ na nuisgeaḋ mór.
16An tan do ċúaluiḋ mé, do ċrioṫnuiġ mo ḃolg, dúasnadar mo ṗuisine ris an ngúṫ: do ċuáiḋ loḃaḋ a steaċ ann mo ċnáṁuiḃ, agus do criṫ mé ionnam féin, iondus go súaiṁneaċuinn a ló na buaiḋearṫa: an tan ṫiġ sé súas ċum na ndaóine, ionnsoċuiḋ sé íad le na ṡlúaġuiḃ.
17¶ Má atá naċ bláṫann an crann fíge, agus naċ mó ḃías toraḋ annsa ḃfíneaṁuin; fáilleaċuiḋ sáoṫar crainn na holá, agus ni ṫiuḃruid na maċaireaḋa biaḋ ar bioṫ úaṫa; gearrfuiġear an tréud amaċ ón máinriġ, agus ní ḃiáid ealḃa ar bioṫ annsua stallaḋuiḃ:
18Ṫairis sin gáirdeoċa misi annsa TIĠEARNA, sólásfuiḋ mé a Ndía mo ṡlánuiġṫe.
19Isé an TIĠEARNA Día mo neart, agus do ḋéana sé mo ċosa cosṁuil re cosaiḃ eilite, agus do ḃéara sé orum siuḃal ar máitiḃ árda. Don ṗriṁḟear ceóil ar maḋḃaḋuiḃ sreangaċa.

Currently Selected:

Habaccuc 3: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in