Haggai 1
1
Caibidil I.
Aċṁusan do na Hiuduiġṫiḃ, ċionn ḃeiṫ ni is airiġe um a nccúis féin, no um ġnoṫuiġiḃ Dé agus a ṫeampuill.
1Annsa dara blíaḋain do Ḋárius an ríġ, annsa seiseaḋ ṁí, annsa ċéad lá don ṁí, ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA le Haggai an fáiġ go Serubbabel ṁac Sealtiel, úaċdarán Iúdah, agus go Iosua ṁac Iosedeċ, an tárdṡagart, ag ráḋ,
2¶ Is marso laḃrus TIĠEARNA na slóġ, ag ráḋ, A deirid na daóinesi, Ní ṫáinic an tam fós, an tam ionar ċóir tiġ an TIĠEARNA do ċur súas.
3Ann sin ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA lé Haggai an fáiġ, ag ráḋ,
4An miṫid diḃ, ó siḃse, coṁnuiġe do ḋéanaṁ ann ḃur ttiġṫiḃ díona, agus an tiġse na luiḋe na ḟásaċ?
5Anois uimesin is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Measuiġ féin ḃur sliġṫe.
6Do ċuireaḃair mórán, agus is beag ḃearṫaoi a steaċ; iṫí, aċd ní ḃfuil go lór aguiḃ; iḃṫi, aċt ní ḃfuiltí líonta do ḋiġ; éaduiġṫí, aċt ní ḃfuil áonduine aguiḃ seasgair; agus an té ṫuillios túarustal tuilliġ sé túarastal dá ċur a mála ḃrisde.
7¶ Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Measuiġ ḃur sliġṫe.
8Eirġiḋe súas air a tslíaḃ, agus tugaiḋ aḋmad liḃ, agus cuiriḋ an tiġ súas; agus biáiḋ dúil agamsa ann, agus biáiḋ mé ar mo ġlóruġaḋ, a deir an TIĠEARNA.
9Do ḃi súil agaiḃ ré mórán, agus féuċ, ṫáinic sin ċum beagáin; agus an tan ṫugaḃair don ḃaile é, do ṡéid misi air. Cred uime? a deir TIĠEARNA na slóġ. Do ḃríġ mo ṫiġe atá na ḟásaċ, agus rioṫuiġ gaċ duine aguiḃsi ḋá ṫiġ féin.
10Uimesin do congṁaḋ an taiér ós ḃur ccionn ó ḋrúċt, agus do congṁaḋ an talaṁ ó na ṫoraḋ.
11Agus do ġoir misi air ṫiormaċ air an ttalaṁ, agus air na sléiḃtiḃ, agus air a narḃar, agus air an ḃfíon núaḋ, agus air a nola, agus air an nísin noċ do ḃeir an talaṁ amaċ, agus air ḋaóiniḃ, agus air airnéis, agus air uile ṡáoṫar na láṁ.
12¶ Annsin dúṁluiġ Serubbabel mac Seáltiel, agus Iosiah ṁac Iosedeċ, an tárdṡagart, maille re huile íarsma an ṗobail do ġúṫ an TIĠEARNA a Ndía, agus do ḃríaṫraiḃ Haggai an fáiġ, (mar do ċuir an TIĠEARNA a Ndía úaḋ é,) agus do ḃí eagla air an bpobal roiṁe an TTIĠEARNA.
13Annsin do laḃair Haggai teaċtaire an TIĠEARNA a tteaċdaireaċd an TIĠEARNA ris an bpobal, ag ráḋ, Atáimsi maille riḃ, a deir an TIĠEARNA.
14¶ Agus do ċorruiġ an TIĠEARNA súas spiorad Ṡerubbabel ṁic Seáltiel, úaċtarán Iúdah, agus spiorad Iosuah ṁic Iosedeċ, an tárdsagart, agus spiorad íarsma an ṗobail uile; agus ṫangadar agus doibriġeadar a ttiġ ṪIĠEARNA na slóġ, a Ndía,
15Annsa ċeaṫraṁaḋ lá ḟiṫċiod don tseiseaḋ ṁí, annsa dara blíaḋuin do Ḋárius an ríġ.
Currently Selected:
Haggai 1: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.