Haggai 2
2
Caibidil II.
Oirḋearcus an teampuill, tar éis a aṫṫogḃala.
1Annsa seaċtmbaḋ mí, annsa náonṁaḋ lá ḟiṫċiod don ṁí, ṫámic bríaṫar an TIĠEARNA leis an ḃfáiġ Haggai, ag ráḋ,
2Laḃair anois re Serubbabel mac Seáltiel, úaċdaran Iúdah, agus re Iosuah ṁac Iosedeċ, an tárdsagart, agus ris an ccuid oile don ṗobal, ag ráḋ,
3Cía do fágḃaḋ ann ḃur measgsa do ċonairc an tiġse iona ċéadġlóir? agus ciondus do ċítí anois é? naċ ḃfuil sé ann ḃur súiliḃ a ccompráid dó aṁuil neiṁní?
4Giḋeaḋ ċeana anois bíḋ láidir, a Ṡerubbabel, a deir an TIĠEARNA; agus bí láidir, a Iosuah, ṁic Iosedeċ, an tárdsagart; agus bíṫí láidir, a uile ṗobal na tíre, a deir an TIĠEARNA, agus oibriġiḋ: óir atáimsi maille liḃ, a deir TIĠEARNA na sloġ.
5 Do réir a nfocail do ċeangail mé riḃ a nuáir ṫangaḃair as a Négipt, marsin do ċoṁnuiġ mo spiorad eadruiḃ: ná bíoḋ eagla oruiḃ.
6Oir is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Tamall ḃeag, aṁain fós, agus croiṫfiḋ mé na neaṁa, agus an talaṁ, agus a nfairge, agus an talaṁ tirim;
7Agus crioṫfiḋ mé na huile ċineaḋaċa, agus tiucfuiḋ fonn na nuile ċineaḋ: agus líonfa mé an tiġse le glóir, a deir TIĠEARNA na slóġ.
8 Is liomsa an tairgiod, agus is liom an tór, a deir TIĠEARNA na sloġ.
9Buḋ mó glóir an tiġe ḋeiġionaiġsi ná an ċéid tiġe, a deir TIĠEARNA na slóġ: agus da ḃéara misi síoṫċáin annsa náitsi, a deir TIĠEARNA na slóġ.
10¶ Annsa ceaṫraṁaḋ lá fiṫċiod don náoṁaḋ mí, annsa dara ḃaḋain do Ḋárius, ṫámic bríaṫar an TIĠEARNA le Haggai an fáiġ, ag ráḋ,
11Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Fíafruiġ anois do na sagartaiḃ do ṫaóiḃ an dliġe, ag ráḋ,
12Má iomċrann duine feóil náoṁṫa a sciorta a éaduiġ, agus go mbeanfa a sciorta re harán, nó ré praisce, no ré fíon, no ré hola, nó ré bíaḋ ar bioṫ, an mbiaiḋ sin náoṁṫa? Agus do ḟreagradar na sagairt agus a duḃradar, Ní ḃiáiḋ.
13Annsin a duḃairt Haggai, Má ḃeanann duine ḃíos neaṁġlan ó ṁarḃ re háonċuid díoḃso, an mbiáiḋ sé neaṁġlan? Agus do ḟreagradar na sagairt agus a duḃradar, Biáiḋ sé neaṁġlan.
14Annsin do ḟreagair Haggai, agus a duḃairt sé, Is marsin atá an pobalso, agus is marsin atá an cineaḋso dom latbairsi, a deir an TIĠEARNA; agus is marsin atá mle obair a láṁ; agus an ní ofráluid annsin is neaṁglan é.
15Agus anois íarruim daṫċuinge oruiḃ, measuiḋ ón ló a niuġ agus súas, ó roiṁe ċloiċ ar bíoṫ do ċur ar ċloiċ a tteampall an TIĠEARNA:
16O do ḃádar na láeṫesin, an tan ṫáinic áon go cárn ḟíṫċiod miosúr, ní raiḃ aċt deiċ miosúir ann: a nuáir ṫáinic áon gus a númar brúiġte a nfíona do ṫarruing ċáogad soiġṫeaċ amaċ ón númar, ní raiḃ ann aċd fiṫċe soiṫeaċ.
17Do ḃuáil misi siḃ re gáoṫruáiḋ agus lé milċeó agus lé cloiċṡneaċda ann uile ṡaoṫruiḃ ḃur láṁ; giḋeaḋ níor ḟilleaḃair ċugam, a deir an TIĠEARNA.
18Measuiḋ anois ón ló a niuġ agus súas, ón ċeaṫraṁaḋ lá fiṫċiod don náoṁaḋ mí, eaḋon ón ló far leagaḋ bunáit ṫeampuill an TIĠEARNA, measuiḋ é.
19An ḃfuil an síol fós annsa scioból? aseaḋ, fós ní ṫug a nfíneaṁuin, agus an crann fíge, agus an pomgranat, agus an crann ola, a ṫoraḋ: ón ló so amaċ beinneoċa me siḃ.
20¶ Agus arís ṫáinic briaṫar an TIĠEARNA go Haggai annsa ċeaṫraṁaḋ la fiṫċiod don ṁí, ag ráḋ,
21Laḃair re Serubbabel, úaċtarán Iúdah, ag ráḋ, Croiṫfiḋ mé na neaṁa agus an talaṁ;
22Agus scriosfa mé caṫaóir rioġaċdaḋ, agus scriosfa mé neart rioġaċdaḋ na ngeinteaḋ; agus teilgfiḋ mé seaċad na carbuid, agus an drong do ní marcuiġeaċd ionta; agus tiucfuid na heiċ agus marcṡluaġ a núas, gaċ áonduine le cloiḋeaṁ a ḋearḃraṫar.
23Annsa ló sin, a deir TIĠEARNA na slóġ, glacfa mé ṫusa, á Ṡerubbabel, mo ṡearḃf hoġantuiġ, mac Seáltiel, a deir an TIĠEARNA, agus do ḋéana mé ṫú mar ċoṁarṫa: óir do ṫoġ mé ṫú, a deir TIĠEARNA na slóġ.
Currently Selected:
Haggai 2: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.