Seċariah 1
1
Caibidil I.
Coṁairle ḋuṫraċtaċ ċum aiṫreaċus. 12 Agus teasġraḋ Ċríosd attáoḃ Ierusalem.
1Annsa noċtṁaḋ mí, annsa dara blíaḋain do Ḋáirius, ṫáiníg briaṫar an TIĠEARNA go Seċariah, ṁac Baraċiah, ṁic Iddo an faíġ, ag ráḋ,
2Do ḃí an TIĠEARNA ro ḟeargaċ ré ḃur naiṫriḃsi.
3Uimesin abairsi riú, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Filliḋsi ċugamsa a deir TIĠEARNA na slóġ, agus fillfe misi ċugaiḃsi, a déir TIĠEARNA na slóġ.
4Ná bíṫíse aṁuil ḃur naiṫre, dar ḟúagradar na céadḟáiġe, ag ráḋ, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Filliḋ anois ó ḃur ndroiċṡliġṫiḃ, agus ó ḃur ndroiċġníoṁuiḃ: aċt níor éisteadar, agus ní ṫugadar aire ḋaṁsa, a deir an TIĠEARNA.
5Ḃur naiṫre, cáit a ḃfuilid? agus na fáiġe, an mairid ċoiḋċe?
6Aċt naċ ar ġlacadar mo ḃríaṫrasa agus mo reaċda, noċ daiṫin mé dom ṡearḃḟoġantuiḃ na faíġe, greim da ḃur naiṫriḃse? agus dfilleadar agus a duḃradar, Aṁuil mar do ḃreaṫnuiġ TIĠEARNA na slóġ do ḋéanaṁ rinne, do reír ar sliġṫe, agus do réir ar ngnióṁ, is mar sin do rinne sé rinn.
7¶ Ar an cceaṫraṁaḋ lá fiṫċoid don náonṁaḋ mí déug, noċ ar ḃí mí Sebat, annsa dara blíaḋain do Ḋárius, ṫáinic briaṫar an TIĠEARNA go Seċariah, ṁac Baraċiah, ṁic Iddo an fáiġ, ag ráḋ,
8Do ċonnairc mé san noiḋċe, agus féuċ duine ag marcuiġeaċd air eaċ rúaḋ, agus do ṡeas sé a measc na ccrann miortail noċ do ḃí san ġleann; agus do ḃádar na ḋiáiġ eiċ dearga, ballaċa, agus bána.
9Annsin a duḃairt misi, Oh mo Ṫiġearna, cred íad so? Agus a duḃairt an taingiol do ċoṁráiḋ riom, Taisbeanfa mé ḋuit cred íad so.
10Agus do ḟreagair an duine do ṡeas a measc na ccrann miortail agus a duḃairt, Isiád so an drong do ċuir an TIĠEARNA do ṡiuḃal síos agus súas air fud na talṁan.
11Agus do ḟreagradarsan aingeal an TIĠEARNA do ṡeas a measg na ccránn miortail, agus a duḃradar, Do ṡiuḃluiġeamar síos agus súas air feaḋ na talṁan, agus, féuċ, atá an talaṁ uile suáiṁneaċ, agus atá sé síoṫċánta.
12¶ Annsin do ḟreagair aingeal an TIĠEARNA agus a duḃairt, A ṪIĠEARNA na slóġ, ga fad naċ déana tú grása air Ierusalem agus air ċaiṫreaċaiḃ Iúdah, a naġaiḋ a raiḃ ṫfearg na deiċ mblíaḋna agus trí fiṫċidsi?
13Agus do ḟreagair an TIĠEARNA an taingiol do ċoṁraiḋ riomsa re bríaṫruiḃ maiṫe agus le bríaṫruiḃ coṁḟurtaċta.
14Marsin a duḃairt an taingiol do ċoṁraiḋ riomsa, Eiġsi, ag ráḋ, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Atáimsi éadṁar fa Ierusalem agus ar son Ṡion maille re héud mór.
15Agus atáim ró ḟeargaċ ris na geintiḃ atá go súaiṁneaċ: oir ní raiḃ aċ fearg ḃeag orum, agus do ċuidiġeadarsan a naindeisi do ḋul ar a haġaiḋ.
16Ar a naḋḃarsin is marso a deir an TIĠEARNA; Dfill misi go Hierusalem maille re trócaire: cuirfiġṫear mo ṫiġ súas inte, a deir TIĠEARNA na slóġ, agus sínfiḋṫear doruḃa amaċ air Ierusalem.
17Fúagair fós, ag ráḋ, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Leiṫneoċṫar fós tré ṡonus mo ċaiṫreaċa; agus fós fuirteaċuiḋ an TIĠEARNA Sion, agus toiġfiḋ fós Ierusalem.
18¶ Annsin do ṫóig me súas mo ṡúile, agus ċunairc, agus féuċ, ceiṫre haḋarca.
19Agus a duḃairt mé ris a naingiol do ċoṁráiḋ riom, Cred íadso? Agus do ḟreagair seision mé, Isíad so na haḋarca do scánruiġ Iúdah, Israel, agus Ierusalem.
20Agus do ṫaisbéin an TIĠEARNA ḋaṁ ceaṫrar sáor.
21Annsin a duḃairt misi, Cioḋ a ttangadar so ḋá ḋéanaṁ? agus do laḃair seision, ag ráḋ, Siad so na haḋarca do scáoil ó ċéile Iúdah, iondus nar ṫóg duine ar bioṫ a ċeann súas: aċt ṫangadar so do ċur eagla orra, do ṫeilgion aḋarca na Ngeinteaḋ amaċ, noċ do ṫóg súas a naḋarca ós cionn tíre Iúdah dá scanraḋ.
Currently Selected:
Seċariah 1: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.