Eóin 20
20
Caibidil XX
Mar ata eiseirġe Ċriosd ar na ḋeanaṁ, 24 agus ar na ḋearḃaḋ.
1Agus an céd lá don tseaċdṁuin ṫáinig Muire Ṁagdalén ar maidin, ann sa dorċadas, ċum an túamá, agus do ċunnairc sí an lea car na tógḃáil ó túama. 2Uime sin do rioṫ sí, agus ṫáinig sí mar a raiḃ Síomón Peadar, agus an deisciobal eile, noċ dob ionṁuin lé Híosa, agus a duḃairt sí ríu, Rugadar an Tiġearna léo as an dtúama, agus ní ḃfuil a ḟios aguinn g háit ar ċuireadar é. 3Ar a naḋḃarsin do ċúaiḋ Peadar, agus an deisciobal eile sin amaċ, agus tangadar ċum an túama. 4Agus do riṫeadar aráon a néinḟeaċd: aċd bá lúaiṫe do rioṫ an deisciobal eile ná Peadar, agus ṫáinig sé ár tús ċum an túama. 5Agus ar gcromaḋ a sdeaċ ḋó, do ċunnairc sé linéadaċ na luiḋe; giḋeaḋ ni ḋeaċuiḋ sé a steaċ. 6Ann sin ṫáinig Síomón Peadar na ḋiáiġsean, agus do ċuáiḋ sé a sdeaċ sa túama, agus do ċúnnairc sé linéudaċ na luiḋe, 7Agus an náipcin, do ḃí uimá ċeann, ní ḃfoċair an línéadaiġ, aċd air leiṫ ar na ḟilleaḋ air a ċéile a náon áit aṁáin. 8Ann sin do ċuáiḋ an deisciobal eile a sdeaċ mar an gcéudna, noċ ṫáinig ar tús ċum an túama, agus do ċunnairc sé sin, agus do ċreid sé. 9Oír ní raiḃ fios an sgríobtúr fós aca, gur ḃéigin eision deiséirġe ó ṁarḃaiḃ. 10Ar a naḋḃarsin dfilleadar na deisciobáil dá nárus féin.
11Aċd do ṡeas Muire ag an túama amuiġ a gul: agus ag gul dí, do ċrom sí a sdeaċ, ann sa túama, 12Agus do ċunnairc sí ḋá aingeal na suiḋe a gcúlaiḋiḃ gléġeala, fear agá ċeann, agus fear agá ċosaiḃ, sa náit iona raiḃ corp Iósa curṫa. 13Agus a duḃradar ría, A ḃean, créud fá a nguileann tú? A duḃairt sise ríu, Do ḃríġ go rugadar mo Ṫiġearna léo, agus naċ fios daṁ cá háit ann ar ċuireadar é. 14Agus an tan a duḃairt sí so, dfill sí ar a háis, agus do ċunnairc sí Iósa na ṡeasaṁ, agus níor aiṫin sí gur bé Iósa é. 15A duḃairt Iósa rís, A ḃean, créud fá a nguileann tú? cía atá tú íarraiġ? Ar na ṡáoilsin dise gur ab é an gárġadóir do ḃí ann, a duḃairt sí ris, A ṫiġearna, má rug tusa leaċd é, innis daṁsa gá hair ann ar ċuir tú é, agus béuruiḋ misi leam é. 16A duḃairt Iósa ríá, A Ṁuire. Ar niompóḋ ḋise, a duḃairt sí ris, Rabbóni; (ionnan ré a ráḋ agus, A Ṁaiġisdir.) 17A duḃairt Iósa ría, Na bean rium; óir ní ḋeaċaiḋ mé fós súas ċum Maṫar: aċd imṫiġ roṁad ċum mo ḋearḃraiṫreaċ, agus abair ríu, Go ḃfuilim ag dul súas ċum Matrhar féi, agus ċum ḃur Naṫarsa; ċum mo Ḋé féin, agus ḃur Ndíasa. 18Táinig Muire Ṁagdalén dá innisin do na deiscioblaiḃ go ḃfacaiḋ sí an Tiġearna, agus go nduḃairt sé na neiṫese ría.
19Agus ar dteaċd an tráṫa nóna an lá sin féin, an céud lá don tseaċdṁuin, agus ar mbeiṫ do na dóirrdiḃ dúnta mar a raḃadar na deisciobáil cruinn deagla na Níuduiġeaḋ, ṫáinig Iósa agus do ṡeas sé na lár, agus a duḃairt sé ríu, Síoṫċáin maille riḃ. 20Agus ar na ráḋ so ḋó, do ṫaisbéin sé a láṁa agus a ṫáoḃ ḋóiḃ, Uime sin do ḃí gáirdeaċus ar na deisciobluiḃ, an tan do ċunncadar an Tiġearna. 21A duḃairt Iósa ríu a rís, Sioṫċáin maille riḃ: mar do ċuir an Taṫair misi úaḋ, cuirimsí siḃse uáim mar an géudna. 22Agus an tan a duḃairt sé so, do ṡéid sé orrṫa, agus a duḃairt sé ríu, Gaḃuiḋ an Spiorad Náoṁ. 23Giḋ bé ḋá maiṫfiḋ siḃ a bpeacaiḋ, atáid síad maiṫfeaḋ aca; agus giḋ bé peacaiḋ ċoingéuḃṫáoi, atáid síad congḃaiṫe.
24Aċd ní raiḃ Tomás, ré a ráitear Didimus, áon don dá ḟear ḋéug, na ḃfoċair a nuáir ṫáinig Iósa. 25Ar a naḋḃarsin a duḃradar na deisciobail eile rís, Do ċunncamairne an Tiġearna. Agus a duḃairt seision ríu, Muna ḃfaice misi lórg na dtairrngeaḋ ann a láṁuiḃ, agus muna gcuire mé mo ṁéur a náit na dtairrngeaḋ, agus muna ccuire mé mo láṁ ann a ṫáoḃ, ní ċreidfe mé.
26Agus a gcionn óċd lá na ḋiaiġ sin do ḃádar a ḋeisciobail a rís a stiġ, agus Tomás na ḃfoċair: Táinig Iósa, ar mbeiṫ do na dóirsiḃ dúnta, agus do ṡeas sé ann a lár, agus a duḃairt sé, Síoṫċáin maille riḃ. 27Na ḋiaiġ sin a duḃairt sé ré Tomás, Cuir do ṁéur ann so, agus féuċ mo láṁa; agus taḃair do láṁ leaċd, agus cuir ann mo ṫáoḃ í: agus na bí míċreidṁeaċ, aċd créidṁeaċ. 28Agus do ḟreagair Tomás agus a duḃairt sé rís, Mo Ṫiġearna agus mo Ḋia. 29A duḃairt Iósa rís, Ar son go ḃfacaiḋ tú mé, A Ṫomáis, do ċreid tú: as beannaiġṫe na dáoine naċ ḃfacaiḋ, agus do ċreid.
30Agus do rinne Iósa mórán do ṁíorḃuiliḃ eile a ḃfíaḋnuisi a ḋeisciobal féin, naċ ḃfuile sgríoḃṫa sa leaḃar so: 31Aċd atáid so sgríoḃṫa, ionnus go gcreidfeaḋ siḃ gur ab é Iósa an Críosd, Mac Dé; agus ionnas ar gcreideaḋ ḋíḃ go ḃfuiḋeaḋ siḃ beaṫa tré na ainmsion.
Currently Selected:
Eóin 20: BedellG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.