Eóin 19
19
Caibidil XIX
Mur ṁasluiġeaḋ, 16 ċéusaḋ, 28 ḃasuiġ, 38 agus daḋlaiceaḋ Criosd ar Tiġearna.
1Do ġlac Pioláid Iósa ann sin, agus do ġaḃ sé do sgíursaiḋiḃ air. 2Agus ar ḃfiġe coróine spine do na saiġdiúriḃ, do ċuireadar ar a ċeann í, agus do ċuireadar brat purpair uime, 3Agus a duḃradar, Slainte ḋuit, a Rí na Níudaiḋeaḋ! Agus do ġaḃadar do ḃasaiḃ air. 4Ann sin do ċúaiḋ Píoláid amaċ a rís, agus a duḃairt sé ríu, Féuċ, atáim ḋá ṫaḃair so amaċ ċugaiḃ, ionnus go mbíaḋ a ḟios aguiḃ naċ ḃfaġaim cúis ar biṫ air. 5Uime sin ṫainig Iósa amaċ, agus coróine spíne air, agus an brat purpair uime. Agus a duḃairt Píoláid ríu, Féuċ an duine! 6Ar a naḋḃarsin an tan do ċunncadar na hárdsagair agus a muinntir é, do ṫógḃadar gáir, ag ráḋ, Croċ é, croċ é. A duḃairt Píoláid ríu, Glacuiḋ féin, agus croċuiḋ é: óir ní ḟaġaimsi cúis air. 7Do ḟreagradar na Iúduiḋe é, Atá dliġeaḋ aguinne, agus do réir ar ndliġiḋ as coir ḋó bás dfaġáil ar son go ndearna sé Mac Dé ḋe féin.
8Ar a naḋḃarsin an tan do ċúalaiḋ Píoláid an glórsa, bá ṁóide a eagla é; 9Agus do ċuáiḋ sé do ċúirt a rís, agus a duḃairt sé ré Híosa, Gá has duitsi? Aċd ní ṫug Iósa freagra air. 10Uime sin a duḃairt Pioláid ris, An ne naċ ttugann tú freagra oramsa? naċ ḃfuil a ḟios agad go ḃfuil cuṁaċda agamsa do ċroċaḋ, agus go ḃfuil cuṁaċda agam do sgaóileaḋ? 11Do ḟreaguir Iósa, Ní ḃíaḋ cuṁaċda ar biṫ agad oramsa, muna dtugṫáoi ḋuit ó neaṁ é: ar a naḋḃarsin as móide peacaḋ an té do ṫoirḃir misi ḋuit. 12Uaḋ sin súas bá mían lé Píoláid a sgaóileaḋ: aċd do ṫógḃadar na Híudaiḋe gáir, ag ráḋ, Ma léigeann tú an fearso as, ní cara do Ṡéasar ṫú: giḋ bé ní rí ḋé féin laḃruiḋ sé a naġaiḋ Ṡéasair.
13Ar a naḋḃarsín an tan do ċúaluiḋ Píoláid na briaṫrasa, tug sé Iósa amaċ, agus do ṡuiḋ sé sa ċaṫaóir ḃreiṫeaṁnuis sa náit dárab ainm Litostrótos, agus a Neaḃrais, Gabbáta. 14Agus do bé ullṁuġaḋ ná cásg é, agus a dtimċeall an seiseaḋ huáir: agus a duḃairt seisean ris na Iúdaiḋiḃ, Féuċuiḋ ḃur Rí! 15Aċd do éiġṁeadarsan, Beir uáinn é, beir uáinn é, croċ é. A duḃairt Pioláid ríu, An ccroċfa misi ḃur Ríġsé? Do ḟreagradar na hárdsagairt, Ní ḃfuil rí aguinn aċd Séasar. 16Ar a naḋḃarsin tug sé ḋóiḃ é ann sin ċum a ċroċda.
Agus do ġlacadarsan Iósa, agus rugadar léo é. 17Agus ag iomċar a ċroiċe ḋó do ċúaiḋ sé amaċ don áit dá ngoirṫear ait na cloigne, dárab ainm a Neaḃrais Golgota: 18Aít ar ċroċadar é, agus dias eile maille ris, duine ar gaċ táoḃ ḋe, agus Iósa a lár.
19Agus do sgríoḃ Píoláiḋ fós tiodal, agus do ċuir sé ós cionn na croiċe é. Agus as é do ḃí sgríoḃṫa ann, IOSA NASARḊA RI NA NIUDAIḊEAḊ. 20Uime sin do léuġadar mórán do na Iúduiḋiḃ an tiodal so: do ḃríġ go raiḃ a nait ann ar croċaḋ Iósa go gar dom ċaṫruiġ: agus do ḃí sé sgríoḃṫa a Neaḃrais, a Ngréigis, agus a Laidim. 21Ar a naḋḃarsin a duḃradar árdsaguir na Níudaiḋeaḋ ré Pioláid, Ná sgríoḃ, Rí na Níudúiḋeaḋ ré Pioláid, Ná sgríoḃ, Rí na Níuduiḋeaḋ; aċd go nduḃairt sé féin, As misi Rí na Níuduiḋeaḋ. 22Do ḟreaguir Píoláid, Giḋ bé ni sgríoḃ mé do sgrioḃ mé é.
23A núair do ċroċadar, na saiġdiúiri Iósa, do ġlacadar a éudaiġe, (agus do rinneadar ceiṫre cotanna, cuid do gaċ saiġdiúir;) agus a ċóta: agus do ḃi an cóta gan ḟuġáiġéul ann, ar na ḟiġe síos air fad. 24Ar a naḋḃarsin a duḃradar ré ċéile, Ná gearram é, aċd cuiream crannċar, cía agá mbíá sé: ionnus go gcoiṁlíonfuiḋe an sgríobtúir, a duḃairt, Do roinneadar méadaiġe eatorra, agus do ṫeilgeadar crannċar air mo ċóta. Agus do rinneadar na siaġdíuírí na neiṫesi.
25Agus do ḃí a ṁaṫair na seasaṁ a naice croiċe Iósa, agus deirḃṡíur a ṁaṫar, Muire bean Ċleoṗas, agus Muire Ṁagdalén. 26Agus an tan do ċunnairc Iósa a ṁaṫair, agus an deisciobal dob ionṁuin leis, na seasaṁ a láṫair, a duḃairt sé ré na ṁáṫair, A ḃean, féuċ do ṁac! 27Na ḋiáiġ sin a duḃairt sé ris an deisciobal, Féuċ do ṁáṫair! Agus úaḋ sin súas rug an deisciobal ṡuige féin dá ṫiġ í.
28Tar a éisi sin, ar na aiṫne Díosa go raiḃ gaċ uile ní ar na ċríoċnuġaḋ, ionnus go gcoiṁlíonfuiḋe an sgríobtúir, a duḃairt sé, Atá tart oram. 29Agus do ḃí soiṫeaċ ann lán do ḃinégre: agus ar líonaḋ spuinc don ḃinéigre ḋóiḃ, agus ar na ċur a dtimċeall ísoip, do ṡíneadar ċum a ḃeóil í. 30Ann sin ar ngaḃáil an ḃínégre Díosa, a duḃairt sé, Atá sé ar na ċríoċnuġaḋ: agus ar gcláonaḋ a ċin, do ṫoirḃir sé a spiorad.
31Ann sin na Iúdaiġe, do ḃríġ go raiḃ lá a nullṁuiġe ann, ionnus naċ ḃfanfaidís na cuirp ann sa ċroiċ sa tsabbóid, (óir ba mór an lá sin na sábbóide,) díarradar ar Ṗíoláid a luirgbe ḃriseaḋ, agus a dtaḃairt a núas. 32Uime sin tangadar na saiġdiúiri, agus do ḃriseadar luirgne an ċéad duine, agus an dara duine do ċroċaḋ na ḟoċuir. 33Aċd an tan ṫangdar ċum Iósa, agus do ċunncadar go raiḃ sé ċeana marḃ, níor ḃriseadar a luirgne: 34Aċd do ṫoll áon do na saidiúiriḃ a ṫáoḃ lé gaṫ, agus ar an mball ṫáinig fuil agus uisge as. 35Agus an té do ċunnairc sin do rinne sé fíaḋnuisi, agus as fírinneaċ a ḟiaḋnuisi: agus atá a ḟios aige go nabair sé a nfírinne, ionnus go gcreidfeaḋ siḃsi. 36Oír do rinneaḋ na neiṫesi, ionnus go gcoiṁlíonfuiḋe an sgríobtúir, Ní brisfiḋear cnáṁ ḋe. 37Agus a rís a deir sgriobtuir éile, Do ċífid síad an té do ṫolladar.
38Agus tar éis, so, díarr Ióseṗ ó Arimatéa, (noċ do ḃí na ḋeísciobal ag Iósa, aċd go foluiġeaċd ar eagla na Níuduiḋeaḋ,) air Ṗíoláid go mbéuraḋ sé corp Iósa leis: agus tug Píoláid an cead sin do. Táinig seisean ann sin, agus rug sé leis corp Iósa. 39Agus mar an gcéudna ṫáinig Nicodémus, (noċ ṫáinic air tús ċum Iósa sa noiḋċe,) agus tug sé leis a dtimċeall ċéud punnta, do ṁiorr agus aloes, ar na gcumasg ṫrí na ċéile. 40Ann sin do ṫóġḃadarsan corp Iósa, agus do ċeangladar a linéadaċ é maille ré spíosraiḋiḃ, mar as gnáṫ leis na Iúdaiḋiḃ aḋlacaḋ do ḋéunaṁ. 41Agus do ḃí gárrḋá ann sa náit ann ar croċaḋ é; agus do ḃí túama núa ann sa ġarrḋa ann nar cuireaḋ duine riaṁ. 42Ar a naḋḃarsin tré ullṁuġaḋ cásg na Níuduiḋeaḋ do ḃríġ go ráiḃ an túama sin a ngar ḋóiḃ; do ċuireadar Iósa ann.
Currently Selected:
Eóin 19: BedellG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.