Eóin 18
18
Caibidil XVIII
Do ṫaisben Críosd aċ beagan dá ċuṁaċd 6 tan ḃí sé a laiṁ, 36 do ḃríġ naċ don tsáoġala sa ríġeaċt.
1An tan a duḃairt Iósa na neiṫesi, do ċuáiḋ sé féin maille ré na ḋeiscioblaiḃ tar sruṫ Ċédron, mar a raiḃ garrḋa, an a ndeaċuiḋ seision, agus a ḋeisciobail. 2Agus do ḃí fios na háite sin, agus Iúdas fós, noċ do ḃraiṫ eisean: óir so tigdís Iósa agus a ḋeisciobail a néainḟeaċd go minic sa náitsin. 3Uime sin nuáir do ġlac Iúdas buiḋean agus oifigiḋ ó na hárdsagurtuiḃ agus ó na Ṗairisíneaċuiḃ, ṫáinig sé do ionad sin é lainndéiriḃ agus lé tóirsiḃiḃ agus lé harmuiḃ. 4Ann sin ar na aiṫne Díosa na huile neiṫe do ṫeigéuṁaḋ ḋó féin, do ċuáiḋ sé amaċ, agus a duḃairt sé riú, Cía atá siḃ íarruiḋ? 5Do ḟreagradar é, Iósa Nasarḋa. A duḃairt Iósa ríu, As misi é. Agus do ḃí Iúdas, noċ do ḃraiṫ é, na ṡeasaṁ na ḃfoċuir. 6Ann sin mar is táosga a duḃairt sé ríu, Is misi é, do ċúadar ar a gcúl, agus do ṫuiteadar air talaṁ. 7Uime sin dfiáfruiġ sé ḋióḃ a rís, Cía atá siḃ íarruiḋ. Agus a duḃradarsan, Iósa Nasarḋa. 8Do ḟreaguir Iósa, Dinnis mé ḋaóiḃ gur misi é: Ar a naḋḃarsin más misi íarrṫaói, léigiḋ ḋóiḃ so imṫeaċd: 9Ionnus go gcoiṁlionfuiḋe an ḃríaṫar, a duḃairt seisean, Níor léig mé éunduine a muġa ḋá dtug tú ḋaṁ. 10Ann sin Síomon Peadar, agá raiḃ cloiḋeaṁ do ṫarruing sé amaċ é, agus do ḃuáil sé oglaċ an árdṡaguirt, agus do ġearr sé a ċlúas ḋeas de. Agus as é do bainm don óglaċ Malcus. 11Uime sin a duḃairt Iósa ré Peadar, Cuir do ċloíḋeaṁ an a ṫruáill: an né naċ íoḃa misi, an cupán tug Maṫair ḋaṁ?
12Ann sin rug an ḃuiḋean agus an caiptín agus oifigiḋ na Níuduiḋeaḋ ar Iósa, agus do ċeangladar é, 13Agus rugadar a laṫair Annas ar tús é; (óir do bé aṫair ṁná Ċaiṗáis é, noċ dob árdsagart an ḃliaḋain sin.) 14Agus do bé Caiṗas an té, ṫug coṁairle do na Iúdaiḋiḃ, gur ṫarḃaċ éunduine aṁáin dfaġáil ḃáis ar son an ṗobail.
15Agus do lean Siomón Peadar, agus deisciobal eile Iósa: agus dob aiṫniḋ don árdṡagurt an deisciobal sin, ar a naḋḃarsin do ċúaiḋ sé a steaċ lé Híosa go cúirt an árdṡaguirt. 16Aċd do ṡeas Peadar ag an dorus leiṫ a muiġ. Ar a naḋḃarsin do ċuáiḋ an deisciobail eile sin, noċ doḃ aiṫniḋ don árdṡagart, agus do laḃair sé ris an mbandoirrseóir, agus tug se Peadar a steaċ.
17Ann sin a duḃairt an ḃandoirrseóir ré Peadar, Naċ do ḋeisciobluiḃ an ḟirsi ṫusa leis? A duḃairt seision, Ní heaḋ. 18Agus do ḃádar na searḃḟoġantuiḋe agus na hoifigiḋ na seasaṁ ag an dteiniġ, óir do ḃí an ainmsír fúar, agus do ḃádar dá ngoraḋ féin: Agus do ṡeas Peadar mar an gcéudna, da ġoraḋ na measg.
19Ann sin do ċuir an tárdsagurt ceisd ar Iósa a dtáoḃ a ḋeisciobail, agus a ṫeaguisg. 20Do ḟreaguir Iósa é, Do laḃair misi ós áird ris a tsáoġal; do ṫeagaisg mé do ġnátg ann sa tsínagóig, agus ann sa teampoll, mar a gcruinniġid na Iúdaiġe uile a gceann a ċéile; agus níor laḃair mé éinní a ḃfolaċ. 21Créud fa ḃfiafruiġeann tú ḋíomsa? fiafruiġ don ṁuinntir do ċúaluiḋ mé, créd a duḃairt mé ríu: féuċ, atá a ḟíos aca so créd a duḃairt mé. 22Agus an tan duḃairt sé na neiṫesi, dó ḃuáil óglaċ do na máoruiḃ do ḃí na ṡeasaṁ a láṫair bas ar Iósa, ag ráḋ, An mar sin ḟreagrus tú an tárdsagart? 23Do ḟreaguir Iósa é, más olc a duḃairt mé, déanna fínne a dtáoiḃ an uilc: aċd más maiṫ, créd fá mbuáileann tú mé? 24Ar a naḋḃarsin do ċuir Annas ceanguilte ċum Caiṗáis a nárdsagairt é.
25Agus do ḃí Siomón Peadar na ṡeasaṁ agus dá ġoraḋ féin. Uime sin a duḃradarsan ris, Naċ dá ḋeisciobluiḃ súd ṫusa leis? Do ṡéan seisean, agus a duḃairt sé, Ní heaḋ. 26A duḃairt fear do ṁuinntir a nárdṡaguirt, braṫair don té dár ġéarr Peadar a ċlúas, Naċ ḃfacaiḋ mé féin ṫú ann sa ġarrḋa na ḟoċuir? 27Ann sin do ṡéan Peadar a rís: agus ar an mball do ġoir an coileaċ.
28Ná ḋiáiġ sin beirid siad Iósa léo ó Ċaiṗás go tiġ na cúirte: agus do ḃí ṁaidin ann; agus ní ḋeaċadar géin do ċúirt a sdeaċ, ionnus naċ dtruáillfiḋe íad; aċd go níosfaidís úan na cásg. 29Ar a naḋḃarsin do ċúaiḋ Pioláid a maċ ċucasan, agus a duḃairt sé, Créd í an ċúis ċuirṫi ar a nduinesi? 30Do ḟreagradarsan agus a duḃradar ris, Muna mbiaḋ sé na ḟear déanta uilc, ní ṫioḃramáoisne ċugadsa é. 31Ann sin a duḃairt Pioláid ríu, Beiriḋ féin liḃ é, agus beiriḋ breaṫ na aġaiḋ do réir ḃur ndliġe féin. Uime sin a duḃradar na Iúduiḋe ris, Ní dleisdeanaċ ḋúinne áonduine ṁarḃaḋ: 32Ionnus go gcoiṁlíonfuiḋe an ḃríaṫar, a duḃairt Iósa, ag taisbéunaḋ créd í an ġné ḃáis do ġeaḃaḋ sé.
33Ar a naḋḃarsin do imṫiġ Pioláid a rís do ċúirt, agus do ġoir sé Iósa, agus a duḃairt sé ris, An tusa Rí na Níudaiḋeaḋ? 34Do ḟreaguir Iósa é, An uáit féin a deir tú sin, nó nar inneasadar dáoine eile ḋuit é am ṫimċeallsa? 35Do ḟreaguir Pioláid, An don ċineaḋ Iúdaiḋe misi? Do ċineaḋ féin agus na hárdsagairt tug ċugamsa ṫú; créd do rinne tú? 36Do ḟreaguir Iósa, Ní don tsáoġalsa mo ríoġaċdsa: dá maḋ don tsáoġalsa mo ríoġaċd, gan ċunntaḃairt do ḋéanaidís mo ṁuinntir caṫuġaḋ, ionnus naċ dtioḃarṫáoi do na Iúduiḋiḃ mé: aċd a nois ní as so mo rioġaċdsa. 37Ar a naḋḃarsin a duḃairt Pioláid ris, Má seaḋ an rí ṫú? Do ḟreaguir Iósa, A deir tusa gur rí mé. Is ċuige so rugaḋ mé, agus is ċuige ṫáinig mé ar a tsáoġal, ionnus go ndéanuinn fínné don ḟírinne. Gaċ uile ḋuine atá ar ṫáoḃ na fírinne éisdiḋ sé mo ġuṫsa. 38A duḃairt Píoláid ris, Ciḋ is firinne ann?
Agus aga ráḋ so, do ċúaiḋ se amaċ a rís ċum na Níudaiḋeaḋ, agus a duḃairt sé ríu, Ní ḟaġuimsi cúis ar biṫ air. 39Aċd atá gnáṫ aguiḃsi, go sgáoilfinn dúine éigin dáoiḃ fá ċáisg: ar a naḋḃarsin an áill liḃ go sgáoilinn ċugaiḃ Rí na Níudaiḋeaḋ? 40Ann sin do ṫógḃadarsan uil gáir a rís, ag ráḋ, Ní hé so, aċd Barabbás. Agus do baḋ bioṫaṁnaċ an Barabbás so.
Currently Selected:
Eóin 18: BedellG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.