Malaċi 1
1
Caibidil I.
Peacaḋ moí‐nadurḋa. Israel anaġaiḋ Ḋía, 7 agus a niruailliḋeaċt urċoideaċ a ttaoḃ an teampuill.
1Ualaċ ḃreiṫre an TIĠEARNA do Israel tré Ṁalaċi.
2Do ġráḋuiġ mé siḃ, a deir an TIĠEARNA. Giḋeaḋ a dearṫaói, Cioḋ ionar ġráḋuiġ tú sinn? Naċ ar ḃé Esau dearḃraṫair Iácob? a deir an TIĠEARNA: giḋeaḋ do ġráḋuiġ misi Iácob,
3Agus do ḟúaṫuiġ mé Esau, agus dfág mé a ṡléiḃte agus a oiġreaċt na ḃfásaċ do ḋragunuiḃ a nfásaiġ.
4An tionad a nabair Edom, Do boċtuiġeaḋ sinn, aċt fillfiom agus cuirfiom na háite fáis súas; is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Cuirfid síad súas, aċt teilgfiḋ misi síos; agus goirfid siad díoḃ, Teórann na hurċóide, agus, Na daóine a naġaiḋ a ḃfuil dioġaltas an TIĠEARNA a coṁnuiġe.
5Agus do ċífid ḃur súile, agus a déarṫaói; Móroċṫar an TIĠEARNA ó ṫeóruinn Israel.
6¶ Onóruiġ mac a aṫair, agus onór uiġ serḃíseaċ a ṁaiġistir: maiseaḋ más aṫair misi, caiḋe monóir? agus mas maiġistir mé, caiḋe meagla? a deir TIĠEARNA na slóġ riḃsi, a ṡagarta, ḋímeasas mainm. Agus a dearṫaói, Cred ionar ḋísbeagamairne hainm?
7Ioḋbarṫaói arán trúailliġṫe air maltóir; agus a dearṫaói, Cred ionar ṫrúailleamar ṫú? ann so go nabarṫáoi, Is tarcuisneaċ bórd an TIĠEARNA.
8Agus má otralṫaói an ní dall mar íoḋbairt, a né naċ olc sin? agus má ofralṫáoi ní bacaċ no easlán, a né naċ olc sin? ofrál a nois é dot uáċtarán; an mbiáiḋ sé réiḋ riot, nó an nglacfa sé do ṗearsa? a deir TIĠEARNA na slóġ.
9Anois, íarruim daṫċuinge oruiḃ, guiḋiḋ Día íondus go mbía sé grásaṁuil dúinn: is dá ḃur ttáoiḃsi ṫainicso: an mbiáiḋ suim aige ann ḃur bpearsannuiḃ? a deir TIĠEARNA na slóġ.
10Cia atá ḃur measc do ḋruidfeaḋ na doirsi? agus naċ lastaói teine air maltóirse gan aḋḃar. Ní ḃfuil taitneaṁ ar bioṫ agum ionnuiḃ, a deir TIĠEARNA na slóġ, ní mó ġéaḃus mé ofráil as ḃur láiṁ.
11Oír ó éirġe gréine eaḋon go dul síos an céadna biáiḋ mainm mór a measc na Ngeinteaḋ; agus ofrálfuiġear túis dom ainm ann gaċ uile áit, agus ofráil ḟiórġlan: óir buḋ mór mainm a mease na ngeinteaḋ, a deir TIĠEARNA na slóġ.
12Aċt do rinneaḃairse truáilliġṫe é, a náit a nabarṫaói, Is truáilliġṫe bórd an TIĠEARNA; agus a ṫoraḋ, eaḋon is tarcuisneaċ, a ḃiáḋ.
13A duḃraḃair fós, Féuċ, an sáoṫar! agus do ṡéideaḃair uáiḃ é, a deir TIĠEARNA na slóġ; agus ṫugaḃair liḃ an ní do ḃí réubṫa, agus an teaslán, agus an bacaċ; marso ṫugaḃair ofráil liḃ: an ngéaḃuinnsi so as ḃur lámbuiḃ? a deir an TIĠEARNA.
14¶ Aċt go maḋ malluiġ ḃías an mealltóir, agá ḃfuil firionaċ iona ṫréud, agus ṁóideas, agus íoḋbras don TIĠEARNA ní truáilliġṫe: óir is Ríġ mór misi, a deir TIĠEARNA na slóġ, agus is báoġlaċ mainm a measc na ngeinteaḋ.
Currently Selected:
Malaċi 1: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.