YouVersion Logo
Search Icon

Ṁaṫa 10

10
Caibidil X
Gairm, 5 múnaḋ, 16 agus coṁḟurtaċt an dá ḋeisciobal déag.
1Agus ar ngairm a ḋá ḋeisgióbal déag, tug sé ċuṁaċda ḋóiḃ a naġaiḋ na spiorad neaṁġlan, do ċum go tteilgfeidis a maċ íad, agus go sláneoċaidis gaċ uile easlainte agus éagcrúas. 2Agus a síad so anmanna an dá easbal déug; An ċeadduine ḋíoḃ, Síomón, da ngoirṫear Peadar, agus Aindrías a ḋearḃráṫair; Séumas ṁac Sebedé, agus Eóin a ḋearḃraṫair. 3Ṗillip, agus Bartalomeus; Tomás agus Matta fear cruinniġṫe an ċusduim; Séumus ṁac Alṗeus agus Lebéus, dara ċoṁainm Tádéus; 4Siomón ó Ċánaan, agus Iúdas Iscariótes, an té fós do ḃraiṫ eisean.
5Do ċuir Iósa an da ḟear ḋéugso a maċ, a taḃairt aiṫeantaḋ ḋóiḃ, ag ráḋ, Na gaḃaiḋ go sliġe na Gcineaḋaċ, agus na heírġiġ a sdeaċ a gcaṫuir na Samaritánaċ; 6Aċd go maḋ táosga raċṫáoi ċum cáoraċ ṫiġe Israel atá ar ndul a múġa. 7Agus ar nimṫeaċd ḋáoiḃ, déuniḋ seanmóir, ag raḋ, Do ḋruid rióġaċd neiṁe riḃ. 8Slánaiġiḋ na daóine éugcrúaiḋe, glanaiġ na loḃair, dúisgiḋ na mairḃ, teilgiḋ a maċ na deaṁain: a naisgiḋ fúaraḃair, taḃruiḋ uáiḃ a naisgiḋ. 9Na soláṫruiġ ór, na airgead, na úṁa in ḃur gcreasaiḃ, 10Ná mala ċum na sliġeaḋ, na ḋá ċóta, na bróga, na bata: óir is fíu an fear oibre a ċuid dḟaġail. 11Aċd gioḋ bé ar biṫ caṫair no baile ann a raċdaoi a sdeaċ, fíafruiġiḋ cía ḃías deangṁalta innte; agus fanaiḋ ann sín nó go ḃfágṫáoi í. 12Agus ar ndul a sdeaċ do tiġ ḋáoiḃ, beannuiġiḋ ḋó. 13Agus mas fíu an tiġsin é, go ḃfoġnuiġ ḃur mbeannuġaḋ ḋó: agus muna fíu, go ḃfilliḋ ḃur mbeannuġaḋ ċugaiḃ féin a rís. 14Agus gioḋ bé neaċ naċ géuḃaiḋ siḃsi, agus naċ éisdfiḋ ḃur mbriaṫar, ar ndul a maċ as an teaċ nó as an gcaṫruiġsin díḃ, craiṫiḋ ḋíḃ lúaiṫreaḋ ḃur gcos. 15A deirim riḃ go deiṁin, go maḋ socaṁluiḋe do ṫalaṁ luċ Ṡodóm agus Ġomorra a ló an ḃreiṫeaṁnus, nó don ċaṫruiġsin.
16Féuċ, cuirimse siḃse mar ċáorċaiḃ a measg ṁadraḋ állta: ar anaḋḃarsin bíḋiḋ glic mar na haiṫreaċa neiṁe, agus neamburċóideaċ mar na colama. 17Aċd bíḋiḋ ar ḃur gcoiṁéd ar na dáoiniḃ: óir do ḃéuraid síad a láiṁ siḃ do ċoṁairleaċaiḃ, agus sgíursfuid siḃ ann siónagógaiḃ; 18Agus fós béarṫar siḃ ċum úaċdarán agus ċum rioġṫeaḋ ar mo ṡonsa, mar ḟínné ḋóiḃsean agus do na Cineaḋaċuiḃ. 19Aċd an tan do ḃéaraid síad úaṫa a láiṁ siḃ, na bíoḋ na roċás oruiḃ cionnas no créd laiḃéorṫáoi: óir do ḃéarṫar ḋáoiḃ ar a núarsin féin an ní laiḃéorṫáoi. 20Oír ní siḃsi laḃrus, aċd Spiorad ḃur Naṫar féin laḃrus ionnaiḃ. 21Agus do ḃéaruiḋ an dearḃraṫair a ḋearḃraṫair ċum báis, agus an taṫair an mac: agus éireoċuiḋ an ċlann a naġuiḋ a naiṫreaċ agus a maiṫreaċ, agus do ḃéuraiḋ fa deara a gcur ċum báis. 22Agus biaiḋ fúaṫ ag gaċ uile ḋuine ḋíḃ ar son manmasa: aċd gioḋ bé ḟuiléongas go dtí deireaḋ a sé so ṡlainéoċṫar. 23Agus an tan ġéarleanfuid síad siḃ sa ccaṫruiġsi, teiṫiḋ go caṫruiġ eile: oir go dearḃṫa a deirimsi riḃ, Naċ géuḃṫáoi timċeall ċaiṫreaċ Israel, suil ṫiocfas Mac an duine. 24Ní ḃfuil an deisgiobal ós cionn a ṁaiġisdir, ná an searḃḟóġantuiġe ós cionn a ṫiġearna. 25As lór don deisgiobal ḃeiṫ mar a ṁaiġisdír, agus don tṡearḃḟoġantuiḋe ḃeiṫ mar ṫiġearna. Má ġoireadar Beelsébub dḟior an tiġe, a né naċ mó ná sin ġoirfid é dá ṁuinntir?
26Ar a naḋḃarsin na bíoḋ a neagla oraiḃ: óir ní ḃfuil ní ar biṫ folaiġṫe, naċ dtiocfuiḋ ċum soillsi; agus ní ḃfuil énní ar ceilt, naċ aiṫeontar. 27An ní a deirimsi riḃ ann sa dorċadus, abruiḋsi é ann sa tsolus: agus an ní do ċluinntí in ḃur gclúais, foillsiġe é air ṁullaċ na tiġṫe. 28Agus na bíoḋ oruiḃ eagla na muinntíre ṁarḃas an corp, agus leis naċ éidir an tanam do ṁarḃaḋ: aċd go maḋ mó ḃías eagla an tí ud oraiḃ le nab éidir an tanam do ṁarḃaḋ: aċd go maḋ mó ḃías eagla an tí ud oraiḃ le nab éidir an corp agus an tanam do ṁilleaḋ a nifrionn. 29A né naċ reacṫar ḋá ġealḃann ar ḟéorlig? agus ní ṫuitfiḋ áon aca ar an dtalaṁ gan ḃur Naṫairse. 30Aċd ċeana atá grúag ḃur gceinnse uile ar na coṁáireaṁ. 31Ar a náḋḃarsin na bíoḋ eagla oraiḃ, is fear siḃsi ná mórán gealḃánn. 32Ar a naḋḃarsin gioḋ bé aidṁéoċas misi eision a ḃfíaġnuisi Maṫair atá ar neaṁ. 33Agus giḋ bé ṡéanfas misi a ḃfíaġnuisi na ndáoine, séanfuiḋ misi eisean an ḃfíaġnuisi Maṫair a tá ar neaṁ.
34Ná measaiġ go dtáinic misi do ċur ṡíoṫċana ar an dtalaṁ: ní do ċur ṡíoṫcána ṫáinic mé, aċd do ċur cloiḋiṁ. 35Oír ṫáinic me do ċur duine a naġuiḋ a aṫar, agus na hinġine a naġuiḋ a maṫar, agus mná an ṁic a naġuiḋ maṫar a céile. 36Agus buḋ naiṁde do ḋuine a luċd éintiġe féin. 37Gioḋ bé gráḋuiġeaṡ a aṫair no a maṫair ni is mó na misi ní fíu é misi: agus gioḋ bé ġraḋuiġeas a ṁac nó a inġean ós mó ċionnsa ní fíu é misi. 38Agus an té naċ nglacann a ċros, agus naċ leanann misi, ní fíu e misi. 39Gioḋ bé ġeaḃas a anam caillfiḋ sé é: agus gioḋ bé ċaillfeas a anam air mo ṡonsa do ġeaḃaiḋ sé é.
40An té ġaḃas siḃse ċuige gaḃaiḋ sé misi, agus gioḋ bé ġaḃas misi gaḃuiḋ sé an té do ċuir bé ġaḃas misi gaḃuiḋ sé an té do ċuir úaḋ mé. 41An té ġaḃás fáiḋ a nainm fáiḋe do ġeaḃuiḋ sé túarasdal ḟáiḋe; agus gioḋ bé ġaḃas fíréun a nainus ḟíréin do ġeaḃaiḋ sé túarasdal ḟíréunaiġ. 42Agus gioḋ bé ḃéuras cupán duisge ḟúar aṁáin ré na ól do áon do na daóiniḃ beagasa a nainin desgiobuil, a deirimsi riḃ go fírinneaċ, Naċ ċaillfiḋ sé a lúaiḋeaċd.

Currently Selected:

Ṁaṫa 10: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in