YouVersion Logo
Search Icon

Ṁaṫa 11

11
Caibidil XI
Teaċdaireaċt Eoin go Hiosa, 20 agus searmoin ṡearḃ do ḋaoiniḃ doiṫeagaisc, 28 aċd muirneaċ, do nuirisiol, uṁal.
1Agus tárla, a núair da ċrioċnuiġ Iósa aiṫeanta do ṫaḃairt dá ḋá ḋeisgiobal déug, gur imṫiġ sé as sin do ṡeanmóir agus do ṫeagasg ann a gcaiṫreaċuiḃ súd.
2Anois an tan do ċúalaiġ Eóin ann sa ṗriósún gníoṁarṫa Ċríosd, ar gcur deisi dá ḋeisgiobluiḃ úaḋ, 3A duḃair sé ris, An tusa an té ús do ḃí réd aṫarraċ? 4Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé ríu, Imṫiġiḋ agus innisiġ Déoin na neiṫe do ċluinntí agus ċiṫí: 5Do ġeiḃid na doill a raḋarc, agus sioḃluid na bacaiġ, glantar na loḃair, agus do ċluinid na boḋair, dúisgṫear na máirḃ, agus a tá an soisgéul da ṡeanmóir do na boċdaiḃ. 6Agus is beannuiġṫe an , naċ ḃfuiġe scannail ionnamsa.
7Agus air nimṫeaċd dóiḃsion, do ṫionnsgain Iósa teaċd ṫar Eóin ris ata gcoiṁṫionól, ag ráḋ, Créd é an ní agá ndeaċaḃair a maċ fan ḟásaċ dá ḟéaċain? An giolcaċ dá ḃogaḋ ag an ngáoiṫ? 8Aċd créd é an ní agá ndeaċaḃair a maċ dá ḟéuċuin? Duine a tá ar na éaduġaḋ re héaduiġiḃ mine? féuċ, an ṁuinntir ċuireas éaduiġe mine iompa is a dtiġṫiḃ na rioġeaḋ ḃíd síad. 9Aċd créd é an ní ag a ndeaċaḃair a maċ da ḟéuċain? Fáiḋ? a deirim riḃ go deiṁin, an ní as mó ná fáiḋ. 10Oir a sé so an , air a sgrioḃṫar, Féuċ, cuirimsi mo ṫeaċdaire roṁad, neaċ uillṁéoċas do ṡliġe roṁad.
11A deirim riḃ go fírinneaċ, Naċ ar eirġiḋ eidir ċlannaiḃ na mban neaċ is mó ná Eoin Baisde: aċ ċeana gioḋ bé is luġa ann sa rioġaċd neaṁḋa is mo é ná eisean. 12Agus ó láeṫiḃ Eóin Baisde gus a nois a tá foiréigean dá ḋéanaṁ ar an rioġaċd neaṁḋa, agus fúaduiġid luċd ḟoiréigin í. 13Oír do rinneadar na fáiġe uile agus an dliġeaḋ fáiġeadóireaċd go Héoin. 14Agus mas toil liḃ a ġaḃáil, sé so Elias, do ḃí ċum teaċda. 15Gioḋ bé agá ḃfuil clúasa ċum éisdeaċda, eisdeaḋ sé.
16Aċd cía lé a saṁleóċuiḋ mé an geinealaċso? Is cosṁáil é ré garlaċuiḃ ṡuiġeas ar na marguiḋiḃ, agus eiṁġeas ar a gcompánaċuiḃ, 17Agus a deir, Do rinneamar céol ḋáoiḃ, agus ní ḋearnáḃair dáṁsa; do ċáoineamar ḋáoiḃ, agus ní ḋearnáḃair gul. 18Oír ṫáinic Eóin ní ag iṫe ná ag ól, agus a deirid síad, A tá deaṁan ann. 19Ṫáinic Mac an duine ag iṫe agus ag ól, agus a deirid, Féuċ an duine cráosaċ, agus pótaire fíona, cara na bpuibliocánaċ agus na bpeacṫaċ. Giḋeaḋ a tá an ġliocas ar na sáoraḋ ó na cloinn féin.
20Do ṫionnsgain sé an tansin milleán do ṫaḃairt do na caṫraċaiḃ ann ar foillsiġeaḋ mórán dá ṡuḃailciḋiḃ, ar son naċ dearnadar aiṫríġe: 21Is anáoiḃinn ḋuit, a Ċorasin! Is anáoiḃinn duit, a Ḃetsáida! Óir da maḋ a Ttírus agus a Sídon, do ḋéantuiḋe na miorḃuile, do rinneaḋ ionnaiḃsi, is fada ó ṡoin do ḋéindís aiṫriġe a néadaċ róin agus a lúaiṫ. 22Aċd ċeana a deirimsi riḃ, Go maḋ socaṁluiġe do Ṫírus agus do Ṡídon a ló an ḃreiṫeaṁnus, na ḋáoiḃsi. 23Agus tusa, a Ċapernáum, a tá ar do ṫógḃáil súas go neaṁ, téilgfiḋṫear síos go hifrionn ṫú: óir dá maḋ a measg luċd Ṡodoim do ḋéantuiḋe na míorḃuile, do rinneaḋ ionnadsa, do anfaidis gan sgrios gus a níu. 24Aċd ċeana a deirimsi riḃ, Go maḋ socaṁluiġe do ḋúṫaiḋ luċd Ṡodoim a ló a ḃreiṫeaṁnuis, ná ḋuitsi.
25Do ḟreagair Iósa a nuáirsin agus a duḃairt sé, Do ḃeirim buiḋeaċas ḋuit, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, ar son gur ḟoluiġ tú ná neiṫese ó ḋáoniḃ eagnuiḋe agus tuigseanaċa, agus gur noċt tú íad do leanbaiḃ. 26A seaḋ, Aṫair: do ḃríġ gur ab mar sin do ḃí do ḋeaġṫoilse. 27A tá gaċ uile ní ar na ṫaḃairt ḋaṁsa ó Máṫair: agus ní háiṫniḋ déinneaċ an Mac, aċd do Náṫair; agus ní báiṫniḋ deinneaċ an Taṫair, aċd don Ṁac, agus dá gaċ áon dár ab áill leis an Mac a ḟoillsiuġaḋ.
28Tigiḋ ċugamsa, uile a ḃfuiltí tuirseaċ agus fá anúalaċ trom, agus do ḃéaraiḋ mé fúaraḋ ḋáoiḃ. 29Tógḃuiḋ mo ċuingsi oraiḃ, agus foġlamuiġ úaim; óir a táim ceannsaiġe agus úṁal a gcroiḋe: agus do ġeaḃṫáoi súaiṁneas dá ḃur nanmaiḃ. 30Oir a tá mo ċuingsi sóiomċuir, agus a tá múalaċ éadtrom.

Currently Selected:

Ṁaṫa 11: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in