Ṁaṫa 13
13
Caibidil XIII
Seanmóir um an tsioladóir, 18 ar na foillsiuġaḋ; 53 agus Iósa fa neiṁċion, aṁáin ag muinntir a ṫír féin.
1Agus ar nimṫeaċd Díosa a maċ as an detaċ an lásin, do ṡuiġ sé láiṁ ris an ḃfairge. 2Agus do ċruinniġeadar slúaiġte móra ċuige, ionnas ar ndul a sdeaċ a luing, gor ṡuiḋ sé; agus do ṡeas an slúaġ uile ar an dtráiġ.
3Agus do laḃair sé móran ríu a gcosaṁlaċduiḃ, ag ráḋ, Féuċ, do ċuáiḋ síoladóir a maċ do ċur síl; 4Agus ag cur an tsíl dó, do ṫuit cuid ḋe ċois na sliġeaḋ, agus tangadar na héanlaiṫ, agus a dúadar é: 5Agus do ṫuit cuid eile ḋe a ḃfearan ċloċaċ, mar naċ raiḃ móran úire aige: agus do ḟás sé go lúaṫ, do ḃríġ naċ ḃfúair sé doiṁneaċd na talṁan: 6Agus ar néirġe don ġréin, do dóiḋeaḋ é; agus ar son naċ raiḃ fréuṁaige, do ṡearg sé. 7Agus do ṫuit cuid eile ḋe eidi ṁuineaċ; agus do éirġe an muineaċ súas, agus do ṁuċ sé é: 8Agus do ṫuit cuid eile ḋe a dtalaṁ ṁaiṫ, agus tug sé toraḋ, cuid céudeiread, cuid trí fiċid uiread, cuid a deiċ fiċead uiread. 9Giḋ bé agá ḃfuillid clúasa ċum éisdeaċda, éisdeaġ sé.
10Agus tangadar a ḋeisciobuil ċuige, agus a duḃradar ris, Créd fa laḃrann tú riu a gcosaṁlaċduiḃ? 11Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé ríu, Do ḃríġ gur ab daóiḃsi tugaḋ fios rúindíoṁra na ríoġaċda neaṁḋa, do ḃeiṫ agaiḃ, agus níor tugaḋ ḋóiḃsean é. 12Oír gioḋ bé neaċ agá ḃfuil ní, is dó do ḃéarṫar, agus biáiḋ go léor aige: aċd gioḋ bé neaċ a tá gan ní, toígéaḃṫar úaḋ fós an ní a tá aige. 13Air a naḋḃarsin laḃraim ríu a gcosaṁlaċdaiḃ: óir gioḋ a tá raḋarc aca ní ḟaicid síad; agus gioḋ a tá éisdeaċd aca ní ċluiníd síad, agus ní ṫuigid síad. 14Agus cóiṁlíontar ionnta fáiġeadóireaċd Esaiás, a deír, Le héisdeaċd do ċluinfiḋe, agus ní ṫuifiḋe; agus ag aṁarc do ċífiḋe, agus ní buḋ léir ḋaóiḃ: 15Oír a tá croiḋe an ṗubuilsi ar na reaṁruġaḋ, agus do ċúaladar go boḋar lé na gclúasaiḃ, agus do ċaoċadar a súile; deagla go ḃfaicfidis lé na súiliḃ, agus go gcluinfidis lé na gclúasaiḃ, agus go dtuigfidís le na gcroiḋe, agus go ḃillfidis, agus go leiġéosainnse íad. 16Aċd as beannaiġṫe ḃur súilesi, do ḃríġ go ḃfaicid síad: agus ḃur gclúasa, do ḃríġ go gcluinid síad. 17Oír a deirimsi riḃ go fírinneaċ, Gur ab iomḋa faiḋe agus firéanuiġ lé ar ṁían na neiṫesi do ċiṫisi dfaicsin, agus ní ḟacada; agus na neiṫer do ċluinti do ċloisdin agus ní ċúaladar.
18Air a naḋḃarsin éisdiġ ré cosaṁlaċd an tsíoladóra. 19Coiṁmionca agus éisdeas duine bríaṫar na ríoġaċda, agus naċ dtuigeann sé é, tig an droiċspiorad, agus fúaduiġe se an ní do cuireaḋ ann a ċroiḋe. Ag so an duine úd ann ar cuireaḋ an siol ċois na slíġeaḋ. 20Agus an té úd ann ar cuireaḋ an síol a ḃfearann ċloċaċ, a sé sud an té do ċluin an ḃríaṫar, agus ġaḃas ċuige é do láṫair maille re gáirdeaċas; 21Aċd ní ḃfuil fréaṁ aige ann féin, aċd fanuiḋ sé ar feaḋ tamaill: agus an tan ṫig trioblóid nó búaiḋreaḋ ar son na bréiṫre, air ball do ġeiḃ sé oilḃéim. 22Agus an neaċ úd ann ar cuireaḋ an síol a measg an ṁuiniġ ag so an té do ċluin an ḃríaṫar; agus múċaiḋ róċuram an tsaoġailsi, agus mealltóireaċd an tsaiḋḃris an ḃríaṫar, agus bí sé gan toraḋ. 23Agus an té úd ann ar cuireaḋ an síol a ḃfearann maiṫ a sé so an té do ċluin, agus ṫuigeas an ḃríaṫar; agus iomċras toraḋ, agus do ḃeir, cuid céud uiread, cuid trí fiċid, agus cuid eile a deiċ fiċead.
24Do ċuir sé cosaṁlaċd eile ċuca, ag ráḋ, Is cosṁail ríoġaċd neiṁe ré duine do ċur síol maiṫ ann a ḟearann: 25Agus an tan do ḃádar dáoine na gcodlaḋ, ṫáinic a náṁaid agus do ċuir sé cogal ṫird an gcruiṫneaċd, agus do imṫiġ sé roiṁe. 26Agus an tan do ḟás an geaṁar agus tug sé a ṫoraḋ, ann sin do ḟoillsiġ an cogal é féin. 27Aċd ar dteaċd do ṡearḃḟóġantaóiḃ ḟir an tiġe, a duḃradar ris, A ṫiġearna, a né naċ síol maiṫ do ċuir tú ann tfearann? Air a naḋḃarsin cáit as a ḃfaġann sé an cogal? 28Agus a duḃairt seision ríu, Easgcara éigin do rinne so. Agus a duḃradar na searḃḟoġantuiḋe ris, A nail leaċd air a naḋḃarsin go ndeaċmáoisne agus gi gcruinneoċamaois a ḃfoċair a ċéile íad? 29Agus a duḃairt seisean ríu, Ní háill; air eagla ag cruinneaġaḋ an ċogail daóiḃ, go mbeanfeaċd siḃ an ċruiṫneaċd as a fréuṁaiḃ a naóinḟeaċd ris. 30Fuilngiḋ ḋóiḃ aráon fás no go dtí an foġṁar: agus a naimsir a nfóġṁair déara misi rém luċd búana, Cruinniġiḋ ar tús an cogal, agus ceangluiḋ é ua ṗunnannaiḃ do ċum a loisgṫe, agus cruinniġiḋ an ċruiṫneaċd dom sgioból.
31Do ċuir sé cosaṁlaċd eile ċuca, ag ráḋ, Is cosṁuil ríoġaċd neiṁe ré gráinne síol musdaird, do ġaḃ neaċ ċuige, agus do ċuir sé ann a ḟearann: 32A sé go deiṁin as lúġa do na huile ṡíoltuiḃ: giḋeaḋ an tan ḟásas sé, a sé is mó do na luiḃeannaiḃ, agus do niṫear crann de, ionnas go ttigid éanlaiṫ a naiéir agus go ndéanaid a nid ann a ġéagaiḃ.
33Do laḃair sé cosamlaċd eile ríu; as cosṁail rioġaċd ueiṁe ré laiḃín do ġlac bean, agus do ḟolaiġ sí a dtrí ṗeice mine, nó gur ġaḃ an tiomlán laiḃín.
34Do laḃair Iósa na neiṫesi uile ris an bpubal a gcosaṁlaċdaiḃ; agus níor laḃair sé ríu aċd a gcosaṁlaċdaiḃ: 35Do ċum go gcoiṁlíonfuiḋṫe an ní a duḃraḋ leis an ḃfáiḋ, a deir, Oisgéoluiḋ mé mo ḃéul tré ċosaṁlaċdaiḃ; noċdfuiḋ me neiṫer a tá foluiġṫe ó ṫosaċ an doṁain.
36Air léigean an tsuáiġ úaḋ an tansin, ṫáinic Iósa a sdeaċ a dtiġ: agus tangadar a ḋeisciobail ċuige, ag ráḋ, Míniġ ḋúinne cosaṁlaċd ċogail an ḟearainn. 37Agus air ḃreagra ḋósan a duḃairt sé ríu, An té ċuireas an síol maiṫ a sé Mac an duine é; 38Agus a sé an fearann an doṁan; agus a sé an síol maiṫ, clan na rioġaċda; agus a sé an cogal clan an droiċspioraid; 39Agus an náṁaid do ċuir é a sé an díaḃal é; agus a sé an fóġṁar deireaḋ an tsáoġail; agus a síad na búanuiḋe na haingil. 40Agus aṁail mar ċruinniġṫear an cogal, agus loisgṫear é lé teiniḋe; is mar sin ḃías a ndeireaḋ an tsoaġailsi. 41Cuirfiḋ Mac an duine a aingil féin, agus cruinneoċuid síad as a rioġaċd gaċ uile scannail, agus an dream do ní éagcóir; 42Agus teilfid íad a núaṁain air dearglasaḋ: mar a mbía gul agus gíosgán fiácal. 43Soillséoċaid na fíreanaiġ an tansin mar an ngréin a rioċaċd a Naṫar féin. Gioḋ bé agá ḃfuilid clúasa ċum eisdeaċda, éisdeaġ sé.
44Mar an gcéudna, is cosṁail rioġaċd neiṁe lé cisde ar na ḟolaċ a ḃfearann; noċ tar éis a ḟaġála, do ḟoluiġ duine, agus tríd an ngáirdeaċus do ḃí air ar a ṡon imṫiġiḋ sé agus reacaiḋ sé a ḃfuil aige uile, agus ceannuiḋe sé an fearannsin.
45A rís, is cosṁail ríoġaċd neiṁe le ceannuiġe áiriġṫe, iárras cloċa úaisle: 46Agus ar ḃfaġáil áonneaṁ ṁórlúaiġe ḋó, do imṫiġ sé agus do reac so a raiḃ aige uile, agus do ċeannaiġ se í.
47A ris, is cosṁail ríoġaċd neiṁe ré lion, ar na ṫeilgean ann sa ḃfairge, agus ċruínniġeas da gaċ uile ṡort éisg: 48Noċ, an tan do líonaḋ, do ṫairrngeadár na híasgairiġe ċum na tráġa, agus ar suiḋe ḋóiḃ, do ċruinniġeadar nu héisg ṁaiṫe a soiṫiġiḃ, aċd do ṫeilgeadar na droiċéisg amaċ. 49Is mar sin ḃías a ndeireaḋ an tsáoġail: raċaid na haingil a maċ, agus dealóċuid na droċḋáoine as lár na ḃfíréanaċ, 50Agus teilgfid íad a núaṁáin ṫéilneaḋ: mar a mbiá gul agus gíosgán fiácal. 51A deir Iósa ríu, Nar ṫuigeaḃáir na neíṫese uile? A deiridsion ris, Do ṫuigeamar, a Ṫiġearna. 52Agus a duḃairt seisean ríu, Ar a naḋḃarsin gaċ uile sgrioba atá foġlomṫa ċum ná ríoċaċda neṁḋa is cosṁáil é ré fear tiġe, do ḃeir as a ċisde neiṫer núaḋa agus sean.
53Agus an tan do ċríoċnáiġ Iósa na cosaṁlaċdasa, tárla ḋó, gur ḟág sé a náitsin.
54Agus an tan ṫáinic sé dá ḋuṫuiḋ féin, do ṫeagaisg sé íad ann a sionagóig, ionnas gur ġaḃ iongnaḋ mór íad, agus go nduḃradar, Cáit a bḟúair anfearso a neagnaso, agus ná suḃáilce? 55A né naċ é so mac an tsáoir? a ne naċ dá ṁaṫair ġoirṫear Múire? a né naċ íad a ḋearḃraiṫreaċa, Seúmas, agus Ióses, agus Símon, agus Iúdas? 56Agus a né naċ ḃfuilid a ḋeirḃṡeaṫraċa uile éadruinne? Air a naḋḃarsin cáit ann a ḃfúair sé íad so uile? 57Agus fúarardar óilḃéim annsan. Aċd a duḃairt Iósa ríu, Ní ḃfuil faiḋ fá neiṁċion, aċd ann a ḋuṫaiḋ féin, agus ann ṫiġ féin. 58Agus ní ḋearnuiḋ sé mórán miorḃuileaḋ ann sin air son a míċreidiṁ.
Currently Selected:
Ṁaṫa 13: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.