YouVersion Logo
Search Icon

Ṁaṫa 4

4
Caibidil IV
Do ehuir an taiḋḃirseúir caṫuġaḋ ar Criosd, déis fadṫrosgaḋ. 17 Tar eis Iosa da ḃuáḋuḋ air, do ṫionnsgain sé a ṁiniostralaċt.
1Ann sin do ṫreóruiġ an spiorad Iósa gus an ḃfásaċ do ċum go gcuirfeaḋ an díaḃal caṫuġaḋ air. 2Agus an tan do ṫroisg sé dá ḟíċiot lá agus dá ḟiċiot oiḋċe, do ġaḃ ocras é na ḋíaiġ sin. 3Agus air dteaċd do náiḋḃirséoir ċuige, a duḃairt sé, Mas tusa Mac Dé aiṫin do na cloċuiḃsi ḃeiṫ na narán. 4Aċd do ḟreagair seisean, agus a duḃairt, Atá sé sgrioḃṫa, Ní lé harán a ṁain ṁairfeas duine, aċd lé gaċ uile ḃreiṫir dá dtig ó ḃéul Dé. 5Rug an díaḃal leis é an tansin don ċaṫruiġ náoṁṫa, agus do ċuir sé air ḃinn an teampuill é, 6Agus a duḃairt sé ris, Mas tú Mac Dé, teilg ṫú féin síos: óir a tá sé sgríoḃṫa, Go ttioḃruiġ sé aiṫne da aingliḃ ad ṫimċeall: agus toigaḃuiḋ síad ṫú ann a láṁaiḃ, do ċum naċ mbúailfeá do ċos fá ċloiċ. 7A duḃairt Iósa ris, Atá sé sgríoḃṫa mar an gceadna, Ní ċuirfiḋ tú caṫugaḋ ar an Tiġearna do Ḋía féin. 8Rug an diaḃal a rís é do ċum sléiḃe ro áird, agus do ṫaisbeín sé ḋó rioġaċda an doṁain uile, agus a nglóir; 9Agus a duḃairt sé ris, Do ḃéaruiḋ mise iád so uile ḋuit, má ṡléaċdann tú ḋaṁ dom onóruġaḋ. 10A duḃairt Iósa ris annsin, Imṫiġ roṁad, a ċaṫuiġṫeóir: óir átá sgrioḃṫa, Onórfuiḋ tú an Tiġearna do Ḋiá féin, agus a dó na áonar do ḋéuna tú seirḃís. 11Do ḟágaiḃ an díaḃal é an tansin, agus, féuċ, tangadar na haingil agus do rinneadar frioṫolaṁ ḋó.
12Agus an tan do cúalaiḋ Iósa gur cuireaḋ Eóin a láiṁ, do imṫiġ sé don Ġalilé; 13Agus ar ḃfágḃáil Nasárét, taínic sé do ḋéanaṁ coṁnuiġe go Capearnáum, do ḃí ċois na fairge, a leiṫimeal Ṡabulon agus Neṗtailim: 14Do ċum go gcoiṁlionfuidṫe an ní a duḃairt Esaias fáiġ, noċ a deir, 15Talaṁ Sabulon, agus talaṁ Neṗtalim, sliġe na fairge, ar an dtáoḃ ṫall do Iórdan, Galilé na Gcineaḋaċ: 16An pubal do ḃí no ṡuiḋe a ndorċadas do ċunnairc sé soillse ṁór; agus atá solus ar neirġe do na dáoiniḃ atá na suiḋe a gcriċ agus a sgáile an ḃáis. 17O sin a maċ do ṫionnsgain Iósa seanmóir do ḋéanaṁ ag ráḋ, Déanuiḋ aiṫriġe: oír ḋruid an rioġaċd neaṁḋa riḃ.
18Agus a sioḃal Diósa, ré táoḃ ḟiarge na Gaililé, do ċunnairc sé dias dearḃraṫar, Símon da ngoirṫear Peadar, agus Aindrías a ḋearḃraṫair, ag teilgean lín san ḃfairge: óir dob íasgairiġe iád. 19Agus a deir sé ríu, Leanaiġ misi, agus do ḋéana mé íasgairiġe air ḋáoiniḃ ḋiḃ. 20Agus ar ḃfagḃaíl a liontaḋ air ball dóiḃ, do leanadar eísean. 21Agus ar nimṫeaċd as sin dó, do ċunnairc sé días eile dearḃraṫar, Seúmas ṁac Sébedé, agus Eóin a ḋearḃráṫair, a mbad a ḃfoċair Ṡebedé a naṫar, ag córuġaḋ a lióntaḋ; agus do ġoir sé iád. 22Agus ar ḃfagḃáil an ḃaíd agus a naṫar ḋóiḃsean, do leanadar é.
23Agus do ġaḃ Iósa a dtimċeall na Galilé uile, ag teagasg ann a sionagóguiḃ, agus ag seanmóir ṡoisgéil na rioġaċda, agus ag slánúġaḋ gaċ tinnis agus gaċ éagcrúais a measg an ṗubail. 24Agus do ċúaiḋ a ċlú feaḋ na Síria uile: agus tugadar ċuige gaċ áon da raiḃ easlán agus ar na gcuiḃreaḋ lé gálruiġṫuḃ agus le piántúiḃ éugsaṁla, agus agá mbidis deaṁain ionnta, agus do ḃíoḋ tinn lé goin na raé, agus luċd pailirise; agus do ṡlánuiġ sé iád. 25Agus do lean cuideaċda ṁór é ón Ġaililé, agus ó Ḋecapólis, agus ó Ierusalám, agus ó Iudéa, agus ó táoḃ ṫall do Iórdán.

Currently Selected:

Ṁaṫa 4: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in