Ṁaṫa 5
5
Caibidil V
Seanmóir Ċríosd ar an tsléiḃ, in a ḃfuil na hoċt beannuiġeaḋ, agus míniuġaḋ an reaċd.
1Agus an tan ċunnairc an slúaġ, do ċuáiḋ sé súas ar ṡliaḃ: agus ar suiġe ḋó tangadar a ḋeisgiobuil ċuige: 2Agus ar nosglaḋ a ḃéil ḋó, do ṫeagaisg sé iád, ag ráḋ,
3 Is beannuiġṫe na boiċd a sbioruid óir is leó ríoġaċd neiṁe.
4 Is beannuiġṫe na daóine do ní doḃrón: óir do ġeaḃa síad sólás.
5 Is beannuiġṫe na daóine ceannsaiġe: óir bíaiḋ oiġreaċd na talṁan aca.
6 Is beannuiġṫe an dream air a ḃfuíl ocras agus tart na córa: óir sáiseoċṫar iád.
7 Is beannuiġṫe na daóine trócaireaċa: óir do ġeaḃa síad trócaire.
8 Is beannuiġṫe na daóine na dáoine atá glan ná gcroiḋe: óir do ċífiḋ síad Día.
9 Is beannuiġṫe luċd na sioṫċána do ḋéanaṁ: óir goirfiḋṫear clan Dé ḋioḃ.
10 Is beannuiġṫe an dream ḟuilngeas doċar ar son na córa: óir is léo ríoġaċd neiṁe.
11Is beannuiġṫe ḃeiṫí, an tan imḋeargfuid dáoine siḃ, agus ḋibeoruid siḃ, agus a déuruid gaċ uile ḋroċḟocal riḃ go bréugaċ, ar mo ṡonsa. 12Bioḋ gaírdeaċas, agus luáṫġáir óruiḃ: óir is mór ḃur lúaiḋeaċd ar neaṁ: óir is mar sin do ġérleanadar na faiḋe ṫaínic roṁaiḃ.
13Is siḃsi salann na tulṁan: giḋeaḋ dá ccaillfeaḋ an salann a ḃlas, creúd lé a saillfiḋṫear é? ni ḃfuil féiḋm air ó sin súas, aċd a ṫilgean a maċ, agus a ṡailart fá ċosaiḃ dáoine. 14Is siḃsi solus an doṁain. Ní héidir caṫair atá ar na suiġiuġaḋ ar ṡlíaḃ dfolaċ. 15Agus ní lasaid dáoine coinneal do, ċum go gcuirfidis fa ḃéul buiséal í, aċd a gcoinnléoir; agus ní sí solas dá a mbíonn a stiġ. 16Go maḋ mar sin ḋealróċus ḃur soillsisi a ḃfíaġnuisi na ndáione, a gcrúṫ go ḃfaicfiḋ síad ḃur ndeaġoibriġṫe, agus do dtioḃruid glóir dá ḃur Naṫair atá ar neaṁ.
17Na measaiḋ go dtaínic misi do sgáoileaḋ an dliġiḋ, nó ná ḃfaiġeann: ní dá sgáoileaḋ ṫainic mé, aċd dá gcoiṁlionaḋ. 18Oir a deirim riḃ go firinneaċ, No go ndeaċaiḋ neaṁ agus talaṁ ṫort, ní raċaiḋ éan iota na áonṗunc don dliġeaḋ ṫort, nó go gcoiṁlíontar gaċ éin ní. 19Ar a naḋḃarsin gioḋ bé neaċ ḃrisfeas áonaiṫne do na haiṫeantaiḃ roḃeagaso, agus ṫeagaisgfeas na dáoine mar sin, goirfiḋṫear ḋe an duine is lúġa a rioġaċd neiṁe: aċd gioḋ bé neaċ ḋéanas agus ṫeagaisfeas iád, goirfiḋ ṫear duine mór ḋe a rioġaċd neiṁe. 20Oír a deirim riḃ, Muna sáruiġiḋ bliur ḃfíreantaċdsa fíreantaċd na sgríobuiġeaḋ agus na ṗairisíneaċ, naċ raċdaói a steaċ sa ḃflaiṫeas neaṁḋa go bráṫ.
21Do ċúalaḃair go nduḃraḋ ris na seinnsearaiḃ, Na déuna dúnṁarṫaḋ; agus giḋ bé do ḋéanas dúnṁarḃaḋ biaiḋ sé cionntaċ ó ḃreiṫeaṁnas: 22Aċd a deirimsi riḃ, Gaċ neaċ do ní fearg re na ḋearḃráṫair gan aḋḃar buḋ cionntaċ don ḃreiṫeaṁnus é: agus gíoḋ bé neaċ a déaruiḋ ré na ḋearḃráṫair, Raca, buḋ cionntaċ do ḃreiṫ na coṁairle é: agus gioḋ bé a déaruiḋ, A amadain, buḋ cionntaċ é do ṫeiniġ ifeirn. 23Uime sin ma ṫugann tú do ṫaḃartus ċum na lialtóra, agus go gcuiṁneoċaiḋ tú ann sin go ḃfuil ní ar biṫ ag ad ḋearḃraṫair a daġaiḋ; 24Fágaiḃ do ṫaḃartus ann sin a ḃfiadḋnuisi na haltóra, agus imṫiġ; agus ar tús réiḋiġ réd ḋearḃraṫair, agus tar éisi sin ar dteaċd duit taḃair uáit do ṫiodlacaḋ. 25Réiḋiġ go lúaṫ réd easgcaruidm an feaḋ ḃiás tú na ḟoċair sa tsliġe; deagla go dtioḃraḋ teascara don ḃreiṫeaṁ ṫú, agus go dtioḃraḋ an ḃreiṫeaṁ ṫú don ṁáor, agus go dteilgfiḋṫi a bpríosún ṫú. 26A deirim riot go fírinneaċ, Naċ raċaiḋ tú as sin a maċ, nó go míoca tú an ḟeórling ḋeiġeanaċ
27Do ċúalaḃair go nduḃraḋ ris na seinsearaiḃ, Ni ḋéana tú aḋaltrannas: 28Aċd a deirimsi riḃ, Gioḋ bé neaċ ḟéuċas air ṁnáoi ċum a sanntaiġṫe go ndearnuiḋ sé aḋaltrannas lé ċeana ann a ċroiḋe. 29Ar a naḋḃarsin mas cionntaċ do ṡúil deas, bean asad í, agus teilg uáit í: óir is fear ḋuit aónḃall dod ḃallaiḃ do ḋul a múġa, na do ċorp uile do ṫeilgean go hifearn. 30Agus má ḃeir do láṁ ḋeas sgannail ḋuit, gear ḋiot í, agus teilg uait í: óir is fear ḋuit áonḃall dod ḃallaiḃ do ḋul a múġa, na do ċorp uile ṫeilgean go hifearn. 31Agus a duḃraḋ, Gioḋ bé leígṫeas a ḃean, taḃraḋ sé leitir ḋealaiġṫe ḋi: 32Aċd a deirimsi riḃ, Gioḋ bé neaċ léigfeas a ḃean, (aċd aṁáin ar son aḋaltrannais,) go dtugann se uirrṫe aḋaltrannas do ḋéunaṁ: agus an té do ḃéaraiḋ an ḃeansin do léigeaḋ do ní sé aḋaltrannas
33Mar an gcéadna, do ċúalaḃair go nduḃraḋ ris na seinsearaiḃ, Ní ṫiobruiḋ tú héiṫeaċ, aċd do ḋéana tú do ṁóid don Tiġearna: 34Aċd a deirimsi riḃ, Na taḃruiḋ mionna ar biṫ; na taḃruiḋ neaṁ; óir a sé caiṫír Dé é: 35Na taḃraiḋ an talaṁ; óir a sé sdól a ċos é: na taḃruiḋ Ierusaléim; óir a si caṫair an Ríġ ṁóir í. 36Na taḃair do ċeann fein már ṁionna, óir ní héidir riot áonruibe do ḋéanaṁ geal na duḃ: 37Aċd go maḋ é ḃús coṁráḋ ḋáoiḃ, A seaḋ, a seaḋ; Ni heaḋ, ni heaḋ: aċd giḋ bé ní ḃías as a gcionn so is ó nolc atá sé.
38Do ċúlaḃair go nduḃraḋ, Súil ar son súile, agus fíacail ar son fíacaile: 39Aċd ċeana a deirimsi riḃ, Na cuiriḋ a naġaiḋ a nuilc: aċd gioḋ bé neaċ ḃúailfeas tú air do ġíall deas, iompóiġ ċuige fos an gíall oile. 40Agus an té lér aba ill cúis ḃreiṫeaṁnuis do ċuir ort, agus do ċóta do ḃúain diot, leíg leis do ċlóca fós. 41Agus gioḋ bé ḃéuras leis ar feaḋ mile ar éigin tú, imṫiġ leis ar feaḋ ḋá ṁíle. 42Taḃair ní don té iárfus ort é, agus gioḋ bé le nab mián airleagaḋ dfaġail uáid na fill uáid é.
43Do ċúalaḃair go nduḃraḋ, Gráiḋeóċuiġ tú do ċoṁarsa, bíaḋ fúaṫ agad dod náṁaird. 44Aċd a deirimsi riḃ, Bíoḋ gráḋ agaiḃ dá ḃur naíṁdiḃ, beannaiġiḋ na dáoine ṁallaiġeas siḃ, deunaiḋ maiṫ do na dáoiniḃ ait ar beag siḃ, agus deúnaiḋ urnaiġṫe ar son na muinntire ḃuaiḋreas siḃ, agus ḋíbreas suḃ; 45Do ċum go mbeiṫ siḃ ḃur gcloinn ag ḃur Naṫair féin atá air neaṁ: óir do ḃeir seisean fa deara go néirġean a ġrían air na droċ ḋaoíniḃ agus air na deaġ ḋaóiniḃ, agus do ní sé fearṫuinn air na firéunaċaiḃ agus air na neiṁḟiréunċuiḃ. 46Oir na ḃíonn gráḋ agaiḃ don ṁuinntir agá ḃfuil gráḋ ḋáoiḃ, creud é an lúaiḋeaċd do ġéuḃṫaói? a né naċ déunaid na Publiocáin an ni ceúdna? 47Agus ma ċuirṫí fáilte roiṁ ḃur ndearḃraiṫre féin aṁáin créud do níṫi do ḃárr air ċáċ? A né deúnuid na puibliocáin mar an gcéudna? 48Ar a naḋḃarsin bíḋiḋsi deangṁálta, mar atá ḃur Naṫair atá air neaṁ deangṁálta.
Currently Selected:
Ṁaṫa 5: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.