YouVersion Logo
Search Icon

Ṁaṫa 6

6
Caibidil VI
Leanaiḋ an tseanmóir ar ḋaónaċt, 5 urnuiġe, 16 trosgaḋ, 24 ṡaiḋbrios, 33 riġeaċd De.
1Tarḃraiḋ ḃur naire naċ deúntáoi ḃur ndeirc á ḃfiaḋnuisi dáoine, do ċum go ḃfaicfidís siḃ: nó ní ḃfuiġṫí lúaiḋeaċd ó ḃur Naṫair atá air neaṁ. 2Ar a naḋḃarsin a núair do ní tú déirc, mar do ní luċd an ḟúarċráḃaiġ ann sna sionagógaiḃ agus ann sna sraideannaiḃ, do ċum go ḃfuiġidís glóir ó ḋaóiniḃ. Go firinneaċ a deirimsi riḃ, Go ḃfuil a dtúarasdal aca. 3Aċd an tan do ní túsa deírc, na bioḋ a ḟios aigad laíṁ ċli creúd do ní do láṁ ḋeas: 4Do ċum go mbiaḋ do ḋéirc a ḃfolaċ: agus do ḃéaruiḋ Haṫair do ċí a ḃfolac luaiḋeáċd ḋuit ós áird.
5Agus an tan do ní tú urnuiġe, na bi mar luċd an ḟúarċrábbaiġ: óir is ionṁain léo urnuiġṫe ḋeúnaṁ sna sionagógaiḃ agus a gcoṁrac na ród na seasaṁ, do ċum go ḃfaicfidis na dáoine iád. Go deiṁin a deirimsi riḃ, Go ḃfuil a dtúarusdal aca. 6Aċd ċeana, an tan do ni tusa urnuiġe, imṫiġ a sdeaċ aun do ṡeómra, agus ar ḋunaḋ do ḋoruis duit, guiḋ Haṫair féin ata a ḃfolaċ; agus do ḃéaraiḋ Haṫair do ċí a ḃfolaċ luáiġeaċd ós áird duit. 7Aċd ċeana ag déunaṁ urnuiġe ḋáoiḃ, na biṫi roċainnteaċ, mar na cineaḋaċa: óir saoíliḋ síad go neisdfiḋṫear riu anna a niomad bríaṫar. 8Uime sin na saṁlaiġṫear siḃ riu: oír atá a ḟios ag ḃur Naṫair fein cía híad na neiṫer atá duireasḃaiġ oruiḃ ní is tásoga na iárfuiġṫí air iád. 9Air a naḋḃarsin déanaiḋsi ḃur nurnúiġe mar so. Ar Naṫaír atá ar neaṁ, Náomṫar hainm. 10Tiġeaḋ do ríoġaċd. Deúntar do ṫoil ar an ttalaṁ, mar do niṫear ar neaṁ. 11Ar narán laéṫaṁail taḃair ḋúinn a niu. 12Agus maiṫ ḋuinn ar ḃfíaċa, mar ṁaiṫmídne dar ḃréiṫeaṁnuiḃ féin. 13Agus na léig sinn a ccaṫuġaḋ, aċd sáor inn ó olc: Oir is leaċd féin an ríoġaċd, agus an ċúṁaċd, agus an ġloír, go siórruiġe. Amen. 14Oir ma ṁaiṫi a gcionnta do ḋáoniḃ, maiṫfiḋ ḃur Naṫair neáṁḋa dáoiḃsi mar an gcéadna: 15Aċd muna maiṫtisi a gcionta do na dáoiniḃ, ni ṁaiṫfiḋ ḃur Naṫair féin dáoiḃsi ḃur gcionta.
16Agus an tan do niṫi trosgaḋ, na biḋiḋ grúama, mar luċd an ḟúarċraḃáiḋ: óir dorċuiḋid siád a naiġṫe, do ċum go maḋ follus dona dáoiniḃ iád do ṫrosgaḋ. A deirimsi riḃ go fírrineaċ, Go ḃfuil a ttúarasdal aca. 17ċeana, an tan do ḋeana tusa trosgaḋ, cuir ola ar do ċeann, agus ionnail haġaiḋ; 18Do ċum naċ buḋ follas dona dáoiniḃ go ndéanann tú trosgaḋ, aċd dod Aṫair atá a ḃfolaċ: agus do ḃéuraiḋ Haṫair, do ċí a ḃfolaċ, lúaiḋeaċd ḋuit ós aírd.
19Na cruinniġiḋ ionnṁas ar an ttalaṁ, mar a ttrúaillean an léoġan agus an ṁeirg é, agus mar a ttoċlaid agus mar a ngoidid na bioṫaṁnuiġ: 20Aċd cruinniġiḋ ionnṁas ḋáoiḃ féin air neaṁ, ós ann naċ dtruáilleann an míoll críon ná an ṁeirg, agus naċ toċlaid agus naċ goidid na gaduiḋṫe: 21Oír goiḋ bé ball iona bfuil ḃur nionnihas, is ann sin ḃiás ḃur gcroiḋe mar an gcéadna. 22Sí an tsúil solas an ċuirp: uime sin ma ḃíonn do ṡúil glan, biáiḋ do ċorp uile soillseaċ. 23Aċd dá raiḃ do ṡúil go holc, biaiḋ do ċorp uile dorċa. Air a naḋḃarsin ma atá an solus atá ionnad na ḋorċadus, créud é méud an dorċaduis sin!
24Ní héidir lé neaċ air biṫ seirḃis do ḋéunaṁ do ḋa ṫiġearna: óir bíaiḋ fúaṫ aige do ḋuine aca, agus gráḋ don duine eile; nó ceangallfuiġ sé do neaċ aca, agus do ḃéuraiḋ sé tarcuisne ar an dara ḟear. Ní héidir liḃ seirḃis do ḋéunaṁ do Ḋía agus do ṁammon. 25Ar a naḋḃarsin a deirimsi riḃ, Na biḋiḋ lán do ċúram a ttimċeall ḃur mbeaṫa, créud íosdáoi, nó ioḃṫáoi; na a ttimċeall ḃur gcuirp, creúd ċuirfi umaiḃ. A né naċ mó an tanam na an bíaḋ, agus an corp ná an téudaċ? 26Féaċaiġ ar éunlaiṫ a naiéir: oír ni ċuirid siól, agus ní ḃeanuid siád, agus ní ċruinniġid síad ann an sgíobólaiḃ; giḋeaḋ beaṫaiġiḋ ḃur Naṫair neaṁḋasa iád. A né naċ fear siḃsi go mór na iádsan? 27Agus cía agaiḃ lé na iomad curium ḟéadas áonḃannlaṁ do ċur lé na aírde féin? 28Agus créud fa a ḃfuiltí roċúramaċ a ttimċeall ḃur gculaḋ? Foġlomaiḋ cionnas ḟásaid liliġe an ṁaċaire; ní ḋéunaid síad saóṫar, agus ní ṡníoṁaid síad: 29Giḋeaḋ a deirimsi riḃ, Naċ raiḃ Soloṁ féin gon a uile ġlóir ar na eúduġaḋ mar aón díoḃ so. 30Agus, ma eúduiġeann Día mar sin luiḃ an ṁaċaire, áta a niuġ ann, agus a máraċ ar na ṫeilgein sa núaṁain, a né naċ mó na sin siḃsi, a ḋaóine beigċreidṁeaċa? 31Uime sin na bíḋiḋ lán do ċúram, ag ráḋ, Créd iósam? no, Créd ioḃom? no, Créd ċuirfeam umainn? 32(Oír a siád so uile iárruid na Ciniḋeaċa:) óir áta a ḟios ag ḃur Naṫair neaṁḋa go ḃfuil a ríaċdanas so uile oraiḃ. 33Aċd íarruiġ ar tús flaiṫeas Dé, agus a ḟiréuntaċdsan; agus teilfiḋṫear na neiṫesi uíle ċugaiḃ. 34Uime sin na bíoḋ roċúram oruiḃ timċeall an laói máruiġ: óir biaiḋ a ṡáiṫ curium air an lá a máraċ timċeall a neiṫe féin. Is lór do lá a olc féin.

Currently Selected:

Ṁaṫa 6: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in