Marcus 1
1
Caibidil I
Beaṫa ċrúaiḋ, agus seanmóir Eóin um leasuġaḋ beaṫa, 14 le soisgeil aóiḃinn Ċriosd a ttáoḃ ṡáoraḋ na nanmann.
1Tosaċ ṡoisgeil Iósa Ċríosd, Ṁic Dé; 2Mar atá sgríoḃṫa annsna fáiḋiḃ, Féuċ, cuirim mo ṫeaċdaire roṁad, noċ uillṁeoċas do ṡliġe roṁad. 3Guṫ an tí éiṁġeas ar an ḃfásaċ, Oílṁuiġiḋ sliġe an Tiġearna, déanaiḋ a ċasáin díreaċ. 4Do ḃí Eoin ag baisdeaḋ ar an ḃfásaċ, agus ag seanmóir ḃaisdiġ na haiṫriġe do ċum maiṫṁeaċuis na bpeacaḋ. 5Agus do ċúaiḋ tír Iúdaiġe uile, agus luċd Iérusaléim a maċ ċuige, agus do ḃaisdeaḋ leis íad uile a sruṫ Iordáin, ag adṁáil a bpeacaḋ. 6Agus do ḃí Eóin ar na éaduġaḋ dó rúaínneaċ cáṁall, agus crios leaṫair timċeall a leasruiġ; agus a sé bíaḋ do iṫeaḋ sé, lócuisdiġe agus mil ċoilteaṁail; 7Agus do rinne sé seanmóir, ag ráḋ, Tig am ḋiáiġsi neaċ is neartṁuire na misi, ag náċ fiu mé cromaḋ agus íallaċ a ḃróg do sgáoileaḋ. 8Go deiṁin do ḃaisd misi siḃ lé huisge, aċd ċeana baisfiḋ seision siḃ leis an Spiorad Náoṁ.
9Agus tarla ann sna laéṫiḃ sin, go dtainic Iosa ó Nasarét na Galilé, agus gur baisdeaḋ é a Iórdan lé Héoin. 10Agus ar ndul súas dó ar an mball as a nuisge, do ċonnairc sé neaṁ ar ná sgóiltaḋ ó ċeile, agus an Spiorad ag tuirrling airsion a rioċd ċoluim: 11Agus táinic guṫ ó neaṁ, Is tusa mo Ṁac gráḋaċsa, an a ḃfuil mo ṁór ṫoil.
12Agus ar an mball do ṫarruing an Spiorad é ar an ḃfásaċ. 13Agus do ḃí sé ann sin ar an ḃfásaċ ḋá ḟiṫċead lá, ág fulang ċaṫuiġṫe ó Ṡátan; agus do ḃí sé a ḃfoċair na mbeiṫeaċ allta; agus do ḃí na haingil ag mionasdrálaċd dó.
14Agus tar éis Eóin do ċur a bpriosún, táinic Iósa don Ġalilé, ag seanmoir soisgéil rioġaċda Dé, 15Agus ag ráḋ, Do coiṁlíonaḋ a náimsir, agus do ḋruid ríoġaċd Dé rinne: déanuiġ aiṫríġe, agus creidiġ don tsoisgéul. 16Agus ar siuḃal dó láiṁ ré fairge na Galilé, do ċonnairc sé Síomón agus Aíndrias a ḋearḃráṫair ag teilgean lín ann sa ḃfairge: (óir do buḋ íasguireaḋa íad.) 17Agus a duḃairt Iósa ríu, Leanaiḋ misi, agus do ḋéana mé íasguireaḋa ar ḋáoiniḃ ḋíḃ. 18Agus ar ḃfagḃáil a líontaḋ ar an mball dóiḃsion, do leanadar é. 19Agus ar nimṫeaċd dó beagan as sin, do ċonnairc sé Séumas ṁac Sebede, agus Eoin a ḋearḃráṫair, agus íad a luing ag córugbaḋ a líontaḋ. 20Agus do ġoir sé íad ar an mball: agus ar ḃfagḃáil Sebedé a naṫar ḋóiḃsion an sa luing maille ris an luċd túarasdail, do leanadar é.
21Agus tíaġuid a sdeaċ go Capernáum; Agus ar an mball sá stsabbóid do ċúaiḋ Iosa don tsionsgóig, agus do ṫeaguisg sé ann. 22Agus do ġaḃ iongnaḋ íadsan fá na ṫeagasg: óir do ṫeaguisg sé íad mar neaċ agá raiḃ cuṁaċda, agus ní mar na sgríobuiġe. 23Agus do ḃí an a sionagólgsion neaċ an a raiḃ spiorad neaṁġlan; agus do éiġ sé, 24Ag ráḋ, leigḋin créd í an ḃúain atá aguinne ríotsa, a Iósa Nasarḋa? an dtáinic tú dár sgriosne? a tá a ḟios agamsa cía ṫú, Neaċ Náoṁṫa Dé. 25Agus do ḃagair Iósa air, ag ráḋ, Bí ad ṫoċd, agus tárr a maċ as. 26Agus do réub an spiorad neaṁglan é, agus ag eiṁġe do ġuṫ árd, táinic se a maċ as. 27Agus do ġaḃ úaṫḃás cáċ uile, ionnus gur ḟíafruiġeadar eatorra féin, ag ráḋ, Créd é so? créd é an teagusg núaḋ so, go gcuireann sé smaċd maille ré cuṁaċduiḃ ar na spioraduiḃ neaṁġlana, agus do núṁluiġid ḋo, 28Agus do ċúaiḋ a ċlúsan ar an mball ar feaḋ na tíre uile a dtimċeall na Galilé.
29Agus mar is lúaiṫe, do ċúadar as an tsionagoig, tangadar go tiġ Ṡimóin agus Sindriáis, ma ráon ré Súemas agus ré Héoin. 30Agus do ḃí maṫair ṁná Ṡimóin na luiġe a bfiaḃrus, agus do labradarsan do láṫair risean na tímċeall. 31Agus táinic seision na cionn agus do ṫóg sé í, ag breiṫ ar láiṁ uirrṫe; agus do ḋealuiġ an fíaḃrus ría ar am mball, agus do rinne si frioṫólaṁ ḋóiḃ.
32Agus an tan do ḃí deireaḋ an láoi ann, ar ndul don ġréin fáoi, tugadar ċuige gaċ áon dá raiḃ easlan, agus an a raḃadar deaṁain. 33Agus do ḃí an ċaṫair uile ar gcruinniuġaḋ ċum an doruis. 34Agus ṡlánuiġ sé mórán ar a raḃadar easláinteaḋa ilġnéṫeaċa, agus do ṫeolg sé amaċ mórán deaṁan; agus níor ḟulaing sé do na deaṁnuiḃ a ráḋ, go raiḃ éolus aca air.
35Agus ar maidin, go roṁoċ ar néirġe ḋó a ndeireaḋ na hoiḋċe, do ċúaiḋ sé amaċ, agus do imṫiġ sé go háit ḟásaṁuil, agus do rinne sé urnuiġṫe ann sin. 36Agus do lean Siómon é, agus an dream do ḃí na ḟoċuir. 37Agus an tan fúaradar é, a duḃradar ris, Atá gaċ áonduine dod íarruiġ.
38Agus a deir seision ríu, Déanam do na bailtiḃ beaga so láiṁ rinn, do ċum go ndéanuinn seanmoir ann sin leis: óir is ċuige so ṫáínic me a maċ. 39Agus do rinne sé seanmoir an a sionagógaiḃ ar feaḋ na Galilé uile, agus do ṫeilg sé na deaṁain a maċ.
40Agus tig loḃar ċuige, dá léigean ar a ġlúiniḃ ḋó, ag íaruiġ daṫċuinge air, agus dá ráḋ ris, Más toil leaċd, is éidir leaċd misi do ġlanaḋ. 41Agus ar ngaḃáil truaiġe móire Díosa ḋó, agus ar sineaḋ a láiṁe, do ḃean sé ris, agus a duḃairt sé ris, Is toil; bí glan. 42Agus ar laḃairt dósan, do imṫiġ an luḃra úaḋ ar ball, agus do ḃí sé ar na ġlanaḋ. 43Agus tar éis bagar air, do ċuir sé úaḋ é do laṫair; 44Agus a duḃairt sé ris, Taḃair dod aire naċ innéosa tú déinneaċ é: imdiġ, taisben ṫú féin don tsagart, agus ioḋbair ar son do ġlanta na neiṫe do aiṫin Máoise, mar ḟíadnuisi ḋóiḃ. 45Agus ar nimṫeaċd dósan a maċ do ṫionnsgain sé mórán dḟoillsiuġaḋ, agus an ní do ċur ós aird, ionnas naċ raiḃ neart ag Iósa dul a sdeaċ sa gcaṫruiġ ós aird, aċd ḃeiṫ a muiġ a nionaduiḃ fásaṁla: agus tangadar ċuige as gaċ uile aírd.
Currently Selected:
Marcus 1: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.