YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 2

2
Caibidil II
Iósa ag suiġe ċum bíḋ le peacaċuiḃ, 18 do ġaḃ sé leiṫsgeul a ḋeisciobal.
1Agus a gcionn ḃeagáin aimsire na ḋíaġ sin do ċuáiḋ sé a rís go Capernáum; agus do clós eisean do ḃéiṫ a dtiġ. 2Agus ar an mball do ċruinníġeadar móran a gceann a ċéile, ionnas nar ṫuilleadar ann sna hionadaiḃ a dtimċeall ann doruis: agus do rinne sé an ḃriaṫar do ṡeanmóir ḋóiḃ. 3Agus tangadar ċuige dream, ag iomċar ḟir pairilisi, agá raiḃ ceaṫrar dá iomċar. 4Agus do ḃriġ nár ḃéidir léo teaċd a ngar ḋó ón tslúaġ, do noċadar mullaċ an tiġe an a raiḃ sé: agus ar na ṗollaḋ ḋóiḃ, do léigeadar sios lé téudiḃ an leabuiḃ ann a raiḃ na pairilisi na luiġe. 5Agus an tan do ċonnairc Iósa a gcreideaṁ, a duḃairt sé ré fear na pairilisi, A ṁic, a táid do ṗeacaiḋ ar na maiṫeaṁ ḋuit. 6Aċd do ḃádar drong áiriġe do na sgríobuiḋiḃ na suiḋe ann sin, agus íad ag smúaintiuġaḋ an a gcróiḋṫiḃ féin, 7Créad fá laḃrann an fear so blaisṗeimiġe mar so? cia ḟéudus peacuiġ do ṁaiṫeaṁ aċd Día na áonar? 8Agus ar an mball ar na aiṫne Diósa an a spíoraid féin go raḃadarsan ag smuáintiuġaḋ mar sin ionnta féin, a duḃairt sé ríu, Créd fá smuáintisi na neiṫesi an ḃur gcroiḋṫiḃ? 9Cía is usa a ráḋ ré fear na pairilisi, A táid do ṗeacuiġ ar na maiṫeaṁ ḋuit; na a ráḋ, Eiriġ, agus tóguiḃ do leaba, agus sioḃail? 10Aċd ionnas go mbeiṫ a ḟios agaiḃ go ḃfuil cuṁaċda ag Mac an duine peacaiġ do ṁaiṫ ar an dtalaṁ, (a deir sé ré fear na pairilisi,) 11A deirimsi riot, Eiriġ, agus tóguiḃ do leabuiḋ, agus imṫiġ dod ṫiġ. 12Agus do éiriġ seisean ar an mball, agus ar dtógḃáil a leabṫa, do ċuáiḋ sé a maċ na ḃfíaḋnuisi uile; ionnas gur ġaḃ úaṫḃás íad uile, agus go dtugadar glóir do Ḋía, ag ráḋ, Ní ḟacamairne a leiṫeid so a ríaṁ.
13Agus do ċúaiḋ sé a maċ a rís ċum na fairge; agus táinic an slúaġ uile ċuige, agus do ṫeaguisg sé íad. 14Agus ag gaḃáíl ṫáiris dó, do ċonnairc sé Léḃi mac Alṗéi na ṡuiḋe ag bórd an ċusduim, agus a duḃairt sé ris, Lean misi. Agus ar néirġe ḋosan do lean sé é.
15Agus tarla, an tan do ṡuiġ Iósa ċum bíḋ an a ṫiġ súd, gur ṡuiġeadar mórán puiblicán agus peacaċ fós ma ráon ré Hiósa agus ré na ḋeisciobluiḃ: óir do ḃádar móran, agus do leanadar é. 16Agus an tan do ċonncadar na gríobuiḋe, agus na Ṗairisíniġ eision ag caiṫeaṁ bíḋ a ḃfoċair na bpubliocá agus na bpeacaċ, a duḃradar ré na ḋeisciobluiḃ, Créd fá níṫeann agus fá niḃeann sé a ḃfoċair na bpubliocán agus na bpeacaċ? 17Agus an tan do ċúaluiḋ Iósa so, a duḃairt sé ríu, Ni ḃfuil ríaċdanus ag na dáoiniḃ slána ré liaiġ, aċd ag na dáoiniḃ easlán. Ní ṫáinic misi do ġairm na ḃfiréunaċ, aċd na bpeacaċ ċum aiṫríġe.
18Agus do ṫroisgeadar deisciobail Eóin agus na Ḃṗairisíneaċ: agus tígid agus a deirid risean, Créd fá dtroisgid deisciobail Eóin agus na Ḃṗairisíneaċ, agus naċ déunid do ḋeisciobailsi trosgaḋ? 19A duḃairt Iósa ríu, A nféidir lé clóinn séomra an ḟir núaṗósda, an fad ḃías an fear núaṗósda na ḃfoċair trosgaḋ do ḋéanaṁ? an fad a tá an fear núaṗósda aca na ḃfoċair, ní ḟéidir leo trosgaḋ do ḋeanaṁ. 20Aċd tiocfuiḋ na laéṫe, an a mbéurṫar úaṫa an fear núaṗósda, agus ann sin do ḋéanuid trosgaḋ ann sna laéṫiḃ sin. 21Agus ní ḟúaiġeann neaċ ar biṫ preabán déudaċ núa lé seinéudaċ: nó beanuiḋ an prebán núa úd cuid don tseineudaċ, agus is móide an briseaḋ. 22Agus ní ċuireann neaċ ar biṫ fíon núa a seanḃuidéuluiḃ: nó brisiḋ an fíon núa na buidéil, agus dóirteár an fíon, agus téid na buidéil a muġa: aċd is a mbuidéuluiḃ núaḋa is cóir fion núa do ċur.
23Agus tárla, ag gaḃáil tré ġortuiḃ ḋó isin tsábboid; gur ṫionnsgnadar a ḋeisciobail, ag soiḃal na slíġeaḋ déusa do ḃúain. 24Agus a duḃradar na Ṗairisiniġ ris, Féuċ, créd fá ndéanuiḋ síad sa tsabboid an ní naċ ceaduiġṫeaċ? 25Agus a duḃairt seisean ríu, An né nar léaġaḃair a ríaṁ créud do rinne Dáiḃi, an tan do ḃí ríaċdanus air, agus do ḃí ocrus air, é féin, agus ar an ṁúinntir do ḃí maille ris? 26Cionnas do ċúaiḋ se a sdeaċ a dtiġ Dé an tan do ḃí Abiaṫar na árdṡagart, agus do iṫ sé arán na fíaḋnuisi, naċ ar ċeaduiġeaċ diṫe aċd do na sagartuiḃ, agus fós tug sé é don dréim do ḃí maille ris? 27Agus a duḃairt sé ríu, Is ar son an duine do hórduiġeaḋ an tsabbóid, agus ní ar son na sabbóide an duine. 28Ar an aḋḃarsin is Tiġearna Mac an duine ar an tsabboid féin.

Currently Selected:

Marcus 2: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Marcus 2