Marcus 3
3
Caibidil III
Do leiġis Iosa gaċ tinneas, 13 agus ṫóġ an da deisciobail dég.
1Agus dó ċúaiḋ Iósa a sdeaċ a rís don tsionagóig; agus do ḃi neaċ ann sin agá raiḃ a láiṁ ar na seargaḋ. 2Agus do ḃádar agá ḃraṫ, an sláinéoċaḋ sé é san tsabbóid; ionnus go gcuirfidís cúis air. 3Agus a deir sé ris an duine agá raiḃ an láṁ ṡeargṫaiġ, Ṡeasaṁ a meaḋón ċáiċ. 4Agus a duḃairt sé riusan, An ceaduiġeaċ maiṫ, ná olc do ḋéanaṁ san tsabbóid? anam do ṡlánuġaḋ, nó do ṁarḃaḋ? Aċd do éisdeadarsan. 5Agus ar ḃfeaċain go feargaċ orrṫasan na ṫímċeall, ar ngaḃáil dóilġis ċuige ar son ċrúais a gcróiḋeaḋsan, a duḃairt sé ris an duine, Sín a maċ do láṁ. Agus do ṡín: agus do haiseagaḋ a láṁ slán mar an láiṁ eile. 6Agus ar ndul a maċ do na Ṗairisíneaċuiḃ, do rinneadar coṁairle ar an mball le muinntir Iorúaiṫ na aġaiḋsion, cionnas do ṁíllḟidís é.
7Aċd do ċúaiḋ Iósa maille ré na ḋeisclobluiḃ do leaṫ táoiḃ ċum na fairge: agus do lean slúaġ mor on Ġalilé, agus ó ṫír Iúdaiġe é. 8Agus ó Ierusaléím, agus ó Iduméa, agus ón táoḃ ṫall do Iórdán; agus an dream do aitreaḃ timċeall Tírus agus Sidon, an tan do ċúaladar méud na neiṫeaḋ do rinne se, tangadar ċuige buiḋan ṁór. 9Agus a duḃairt seisean ré na ḋeisciobluiḃ, long ḃeag do ḃeiṫ do ġnáṫ ag feiṫeaṁ air ón tslúaġ, ionnus naċ brúiḋfidís é. 10Oír do ṡlánuiġ sé mórán; ionnus gur lingeadar air an ṁéid ar a raḃadar easláinteaḋa, do ċum go gcuiméolaidís ris. 11Agus an tan do ċidís na spioraidiġe neaṁġlana é, do ṡléaċdaidís do, agus do éiġṁidís, ag ráḋ, Is tusa Mac Dé. 12Aċd do ḃagair séisean go mór orrṫa, do ċum naċ ḃfoilseoċaidís é.
13Agus do ċúaiḋ sé súas an tansin ar ṡliáḃ, agus do ġoir sé ċuige an dream do buḋ toil leis: agus tangadar ċuige. 14Agus do órduiġ sé ḋá ḟear ḋéug do ḃeiṫ na ḟoċair, do ċum go cuirfeaḋ sé do ḋéunaṁ seanmóra íad, 15Agus go mbíaḋ aca cuṁaċda easláinteaḋ do léiġeas, agus deaṁain do ṫeilgean amaċ: 16Agus air Ṡiómon tug sé Peadar mar ainm; 17Agus Séumas mac Sebede, agus Eóin dearḃraṫair Ṡéumuis; (agus tug sé Boanérges danmanuiḃ orrṫa, is ionann sin ré ráḋ, agus Clann na tóirrníġe:) 18Agus Aindriás, agus Ṗilip, agus Bartoloméus, agus Maṫa, agus Tomás, agus Séumas mac Alṗéi, agus Tadéus, agus Siómón an Canániteaċ, 19Agus Iúdas Iscáriot, an tí do ḃraiṫ é, agus tangadar don tiġ.
20Agus do ċruinniġeadar an tslúaġ a rís, ionnus nar ḃéidir léo fíu an ḃíḋ do ċaiṫeaṁ. 21Agus an tan do ċúaladar a ċáirde so, tangadar a maċ do ḃreiṫ air: óir a duḃradar, Go raiḃ sé ar míċéill.
22Agus a duḃradar na sgríobuiḋe ṫáinic a núas ó Iérusaléim, Go raiḃ Beelsébub ann, agus gur ab tré ṗrionnsa na ndeaṁan do ċuireaḋ sé na deaṁain ámaċ. 23Agus do ġoir sé ċuige íad, agus a duḃairt sé a gcosaṁlaċduiḃ ríu, Cionnas is éidir lé Sátan Sátan do ṫeilgean amaċ? 24Agus ma ḃíonn ríoġaċd roinnte na haġaiḋ féin, ní héidir leis a ríoġaċd sin seasaṁ. 25Agus ma ḃíonn tiġ rionnte na aġaiḋ féin, ní héidir leis a tiġ sin seasaṁ. 26Agus má éirġeann Sátan na aġaiḋ féin, agus go mbía sé roinnte, ni héidir leis seasaṁ, aċd atá deireaḋ aige. 27Ní héidir le neaċ ar biṫ dul a sdeaċ go tiġ duine láidir, agus a airnéis tiġe ḋfúadaċ leis, muna ccuiḃriġe sé ar tús an duine láidir úd; agus ann sin sladfuiḋ sé a ṫiġ. 28A deirim riḃ go fírinneaċ, Go maiṫfiṫear na huile ṗeacaḋ do ċlannuiḃ na ndáoine, agus gaċ blaisṗéime dá laiḃéoruid: 29Aċd giḋ bé déaras blaisṗeíme a naġaiḋ an Spioraid Náoiṁ, ní ḟáġann sé maiṫfeaċus ċoiḋċe, aċd atá sé cionntaċ ón ḃreiṫeaṁnus ṡiorruiġe: 30Oír a duḃradar, Is spiórad neaṁġlan atá aige.
31Uime sin tangadar a ḋearḃráiṫre agus a ṁaiṫar, agus, ar seasaṁ a muiġ ḋóiḃ, do ċuireadar fios ċuigesion dá ġairin. 32Agus do ṡuiḋ an slúaġ na ṫimċeall, agus a duḃradar ris, Féuċ, atá do ṁaṫair agus do ḋearḃráiṫre a muiċ ad iárruiḋ. 33Agus ar ḃfregra ḋóiḃ, a duḃairt sé, Cia hí mo ṁaṫair, nó mo ḋearḃraiṫre? 34Agus ar ḃféaċain ar an muinntir do ḃí na suiḋe na ṫimċeall, a deir sé, Féuċ mo ṁaṫairsi agus mo ḋearḃraiṫre! 35Oir giḋ bé neaċ do ḋéana toil Dé, is é so mo ḋearḃráṫair, agus mo ḋeirḃṡiúr, agus mo ṁaṫair.
Currently Selected:
Marcus 3: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.