YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 4

4
Caibidil IV
Cosṁalaċt, ar an tsíoladóir, 26 agus ḟás an tsíl ós ísiol, gan ḟios cionnas.
1Agus do ṫionnsgain sé teagasg do ḋéanaṁ láiṁ ris an ḃfairge: agus do ċruinniġ slúaġ mór ċuige, ionnas go ndeaċuiḋ sé a sdeaċ a luing, agus gur ṡuiḋ sé ar an ḃḟairge; agus do ḃí an slúaġ uile ar tír a naice na fairge.
2Agus do ṫeaguisg sé mórán dóiḃ a gcosaṁlaċduiḃ, agus a duḃairt sé ríu an a ṫeagasg, 3Eisdiġ; Taḃruiġ dá ḃur naire, do ċúaiḋ an síoladóir amaċ do ċur ṡíl: 4Agus tárla ag cur an tsíl dó, gur ṫuit cuid de ċois na sliġe, agus tangadar éanlaiṫ an aiéir, agus diṫeadar é. 5Agus do ṫuit cuid eile ḋe a náit cloċaiḋ, mar naċ raiḃ doiṁne ṫalṁan aige; agus ar ball dfás súas, do ḃríġ naċ raiḃ morán úir aige: 6Agus ar néirġe don ġréin do dóiġeaḋ é le teasḃaċ; agus do ḃríġ naċ raiḃ fréuṁ aige do ṡearg sé. 7Agus do ṫuit cuid eile ḋe eidir ṁuineaċ, agus deirġeadar an muineaċ súas, agus do ṫaċdadar é, agus ní ṫug sé toraḋ úaḋ. 8Agus do ṫuit cuid eile ḋe a dtalaṁ ṁaiṫ, agus tug sé toraḋ úaḋ déiriġ súas agus dfás; agus tug ḋe, cuid a deiċ fiċead, agus cuid trí fiċid, agus cuid eile céud: 9Agus a duḃairt sé riu, Gíḋ bé agá ḃfuilid clúasa ċum éisdeaċda, éisdeaḋ sé.
10Agus an tan do ḃí sé na áonar, do ḟíafruiġeadar an ṁuinntir do ḃi na ḟoċair maille ris an dá ḟear ḋéug an ċosaṁlaċd ḋe. 11Agus a duḃairt sé ríu, Is dáoiḃsi a tugaḋ éolus ar ṡeicréid ríoġaċda Dé: aċd ris an dréim atá leiṫ a muiġ, deirṫear gaċ éinní a ccosaṁlaċduiḃ. 12Ionnas ag féaċaín dóiḃ go ḃfaicfidis, agus naċ tiuḃraidís dá naire; agus ag cloisdin dóiḃ go gcluinfidis, agus naċ dtiucfidis; deagla go ḃfillfidis uáir ar biṫ, agus go maiṫfiġe a bṗeacuiġ ḋóiḃ. 13A duḃairt sé ríu, An ḃfuil ainḃfios na cosaṁlaċda so oruiḃ? Agus, cionnas ṫuigfíḋe a nuile ċosaṁlaċd?
14An sioladoir úd, is í an bríaṫar ṡíolċuireas sé. 15Agus is íad so an drong a tá láiṁ ris a tsliġe, ann a gcuirṫear an ḃríaṫar; agus tar éis a cloisdean, tig Sátan ar an mball, agus tógḃuiḋ sé úaṫa an bríaṫar do siólaḋ an a gcroiḋṫiḃ. 16Agus mar an gcéudna is íad so an dream an ar cuireaḋ, an síol, a ḃfearann ċloċaċ; noċa, éisdeas an ḃriaṫar, agus ġaḃus ċuca í do láṫair maille ré gáirdeaċus; 17Agus ní ḃfuil fréuṁ aca ionnta féin, aċd fanuid ar feaḋ tamuill: agus na ḋiáiġ sin, an tan éirġeas trioblóid agus buáiḋirt tríd an mbréiṫir, ar an mball do ġeiḃid síad oilḃéim. 18Agus is íad so an dream ġaḃus an síol ċuca an sa muineaċ; noċa éisdeas ris an mbreiṫir, 19Aċd téid roċúram an tsáoġail so, agus mealltóireaċd an tsaiḋḃris, agus míanġus na neiṫeaḋ eile a steaċ, agus taċduid an ḃríaṫar, agus ḃí sé neaṁṫoraċ. 20Agus is íad so an dream an ar cuireaḋ an síol ann sa talaṁ maiṫ, noċa éisdeas, agus ġaḃus ċuca an ḃríaṫar, agus do ḃeir toraḋ úaṫa, áon a deiċ fiċead, áon trí fiċid, agus áon eile céud.
21Agus a duḃairt sé ríu, An dtig an ċoinneal dá cur fáoi ḃéul soiġṫiġ, nó fáoi leabuiġ? An né naċ do ċum go gcuirfiḋe a gcoinnléoir í? 22Oír ní ḃfuil ní ar biṫ foluiġṫeaċ, naċ ḃfoillseaċar; na seicréideaċ, naċ dtiocfa ċum soluis. 23Giḋ bé neaċ agá ḃfuilíd clúasa ċum éisdeaċda, éisdeaḋ sé. 24Agus a duḃairt sé ríu, Taḃruiḋ dá ḃur naire créd é an ní úd ċluintí: giḋ bé miosúr an a dtoiṁeósdáoi, toiṁeósdar ċugaiḃ é: agus do ḃeurṫar tuilleaḋ ḋáoiḃsi atá ag éisdeaċd. 25Oír giḋ bé neaċ agá ḃfuil ní, do ḃéurṫar ḋó: agus giḋ bé neaċ a tá gan ní aige, toigéuḃṫar úaḋ an ní a tá aige.
26A duḃairt , Is aṁluiġ a tá ríoġaċd Dé, mar do ċuirfeaḋ neaċ síol a ḃfearann; 27Agus do ċoidéolaḋ sé, agus do éireóċaḋ sé sa noiḋċe agus ann sa lá, agus do ḟásaḋ an síol agus do aírdéoċaḋ sé, ar cruṫ naċ raiḃ a ḟios aigesion. 28Oír is dá ḋeóin féin do ḃeir an talaṁ toraḋ; ar tús an geaṁar, agus na ḋíaiġ sin déus, agus na ḋíaiġ sin arḃar iomlán sa déis: 29Agus an tan ṫaisbéunas an toraḋ é féin, ar an mball cuiriḋ sé corrán ann, do ḃríġ go ḃfuil ann fóġṁar do láṫair.
30Agus a duḃairt sé, Créd é an ní ré a ndéanam ríoġaċd Dé do ṡaṁluġaḋ? nó créd í an ḃaraṁail ré saṁuilfimís é? 31Is cosṁail é re gráinne musdaird, noċ, an tan ċurṫar ann sa talaṁ, is é is luġa don uile ṡíol dá ḃfuil ar talaṁ: 32Aċd tar éis a ċora, fásaiḋ sé súas, agus is mó é ná éunluiḃ do na luiḃeannuiḃ, agus fásaid géuga móra air; ionnus go ḃféadfaidis éunlaiṫ an aiéir nid do ḋeanaṁ ar á sgáṫ.
33Agus do laḃair sé an ḃríaṫar ríu a mórán dá leiṫéidiḃ sin do ċosṁalaċdaiḃ, do réir mar do béidir léo a ċloisdin. 34Agus níor laḃair sé ríu aċd a gcosṁalaċdaiḃ: aċd ċeana do ṁíniḋ sé gaċ uile ní dá ḋeisciobluiḃ féin ar leiṫ.
35Agus a duḃairt sé an lá sin ríu, ar mbeiṫ deiġionaċ ḋó, Déunum don táoḃ a nunn. 36Agus ar ḃfágḃáil an ċoiṁṫionóil, rugadar eisean mar do ḃí sé ann sá luing. Agus do ḃádar fós longa beaga eile na ḟoċair. 37Agus do éiriġ sdoirm ṁór ġáoiṫe ann, agus do lingeadar na tonna ann sa luing, ionnas go raiḃ sí a nois ar na líonaḋ. 38Agus do ḃí seisean ar ḋeireaḋ an dtileaḋ, na ċodláḋ ar ċearċáill: agus dúisiġid síad é, agus a deirid ris, A Ṁaiġisdir, naċ misde leaċd go ḃfuilmid a dul a múġa? 39Agus ar néirġe ḋósan, tug sé aċṁnsan don ġáóiṫ, agus a duḃairt sé ris an ḃfairge, Coisg, bí balḃ. Ann sin do ċíuinaiġ an ġáoṫ, agus do ḃí súaiṁneas mór ann. 40A duḃairt sé ríu, Créd fá ḃfuiltí coiṁeaglaċ as sin? créd fá naċ ḃfuil creideaṁ aguiḃ? 41Agus do ġaḃ eagla ṁór íadsan, agus a duḃradar ré ċeile, Cía hé an fear so, agá ndéanann an ġáóṫ féin, agus an ḟairrge fós úṁlaċd dó?

Currently Selected:

Marcus 4: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in