YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 5

5
Caibidil V
Do ċúadar 6666 deaṁan annsa tréad ṁuc.
1Agus tangadar don táoiḃ éíle don ḟairge, go tír na Ngadarénaċ. 2Agus ar ndul a maċ ḋó as an luing, ar an mball tárla duine an a raiḃ spiorad neaṁġlan air, ag teaċd as na tuámuiġiḃ, 3Agá raiḃ a áit ċoṁnuiġe ann sna túamuiġiḃ; agus nár ḃeidir lé neaċ ar biṫ a ċeangal, ní heaḋ, lé slaḃraḋuiḃ féin: 4Do ḃríġ ar mbeiṫ ceanguilte go mínic ḋó le geiṁliḃ agus lé slaḃraḋuiḃ, go mbriseaḋ sé na slaḃruiḋe, agus go mionḃruiġeaḋ sé na geiṁleaċa: agus níor ḃéidir lé neaċ ar biṫ a smaċduġaḋ. 5Agus do ḃíoḋ sé do ġnáṫ, do ló agus doiḋċe, ar na sléiḃtiḃ, agus annsna túamuiġiḃ, ag éiṁġe, agus da ġearraḋ féin ré cloċaiḃ. 6Agus ar ḃfaicsin Iósa ḋó a ḃfad úaḋ, do riṫ sé agus do ṡléaċd sé ḋó, 7Agus ag eiṁġe do ġuṫ árd, a duḃairt sé, Créd í mo ċuidsi ḋíot, a Iósa, a Ṁic Dé roáird? Cuirim a huċd Dé ort, gan mo ṗianaḋ. 8(Oír a duḃairt sé rís, A spiorad neaṁġlan, tárr a maċ as an duine.) 9Agus do ḟíafruiġ sé ḋe, Créd is ainm ḋuit? Agus do ḟreagair seisean, ag ráḋ, Léġíon is ainm ḋaṁ: óir a támáoid mórán ann. 10Agus do íarr sé go roiġéur air gan a gcur a maċ as an dúṫaiḋ sin.
11Agus do ḃí tréad mór muc ann sin air na sléiḃtiḃ ag inġeilt. 12Agus do íarradar na deaṁuin uile air, ag ráḋ, Cuir sinne ann sna mucuiḃ, do ċum do raċmáois a sdeaċ ionnta. 13Agus tug Iósa cead dóiḃ ar an mball. Agus ar ndul a maċ do na spioradaiḃ neaṁġlana sin do ċúadar ann sna mucaiḃ: agus do ṫuit an tréd a ndiáiġ a gcinn ris an aill san ḃfairge, (agus do ḃádar timċeall ḋá ṁíle muc ann;) agus do múċaḋ íad ann sa ḃfairge. 14Agus do ṫeiṫeadar búaċailliḋe na muc, agus do inneosadar sin don ċaṫraiġ, agus don túaiṫ. Agus tangadarsan a maċ dá ḟéuċain cred do rinneaḋ ann. 15Agus tigid síad ċum Iósa, agus do ċíd an té an a raiḃ an deaṁan, agus agá raiḃ an léiġión ann, na ṡuiḋe agus a éudaċ uime, agus a ċíall aige: agus do ġaḃ eagla íad. 16Agus an líon do ċonnairc so dinnseadar ḋóiḃsion, cionnas do rinneaḋ ris an té an a raiḃ an deaṁan, agus a dtimċeall na muc. 17Agus do ṫionnsgnadarsan íarruiġ airsion imṫeaċd as a dteórannuiḃ féín.
18Agus ar ndul a luing ḋósan, do íarr an té an a raiḃ an deaṁan air é féin do ḃeiṫ na ḟoċair. 19Aċd nir léig Iósa ḋó, aċd a duḃairt sé ris, Imṫiġ dod ṫiġ a gceann do ṁuinntire, agus foillsiġ ḋóiḃ méud na neiṫeaḋ do rinne an Tiġearna ḋuit, agus go ndearna sé trócaire ort. 20Agus do imṫiġ seision, agus do ṫionnsgain sé a ṡeanmoruġaḋ a Ndecapolis méud na neíṫeaḋ do rinne Iósa ḋó: agus do ġaḃ iongantus íad uile.
21Agus an tan do ċúaiḋ Iósa a luing a rís tar ais don táoḃ eile, do ċruinniġ slúaġ mor ċuige: agus do ḃí sé laiṁ ris an ḃfairge. 22Agus, féuċ, táinic fear áiriġe dúaċdaránuiḃ na sionagóige, dar ḃainm Iáirus; agus an tan do ċonnairc sé eisean, do léig se é féin siós agá ċosaiḃ, 23Agus do ġuiḋ sé é go roiġér, ag ráḋ, A tá minġean ḃeag a bponc ḃáis: tárr agus cuir do láṁa uirrṫe, do ċum go sláineoċaiḋe í; agus go mairfeaḋ sí. 24Agus do imṫiġ Iósa leis; agus do lean slúaġ mór é, agus do ḃadar dá ḃruġaḋ.
25¶ Agus do ḃí bean áiriġe ann sin, ar a raiḃ dortaḋ fola ré ḋá ḃlíaḋain déig, 26Agus do ḟulaing mórán ó léaġuiḃ iomḋa, agus do ċaiṫ a raiḃ aice uile, agus níor ḃféairrde í é, aċd bá measa uáḋ í, 27An tan do ċúalaiḋ sí teaċd ṫar Iósa, táinic sí don táoḃ ṡíar ḋe a measg an ċoiṁṫionóil, agus do ċumail sé ré na éudaċ. 28Oir a duḃairt sí, Má ḃeannim ré na éudaċ a ṁáin, slainéoċṫar mé. 29Agus do ṫiormaiġ a dortaḋ fola do láṫair; agus do airiġ sé ar a corp féin go raiḃ sí slán ón ṗláiġ sin. 30Agus do aiṫin Iósa, ar an mball, ann féin an tsúḃailce do ċúaiḋ as, agus do ḟill sé ar a tslúaġ, agus a duḃairt , Cía ḃean rém éuduiġiḃ? 31Agus a duḃradar a ḋeiscionail ris, Do ċí tú an tslúaġ dod ḃruġaḋ, agus an ḃḟíafruiġeann tú, Cia ḃean rium? 32Agus do ḟeuċ seision na ṫimċeall ionnas go ḃfaicfeaḋ sé an ḃean do rinne so. 33Agus do ġaḃ criṫ agus eagla an ḃean, ar naiṫne an neiṫe do rinneaḋ innte féin, agus táinic sé agus do ṡléuċd sí ḋó, agus do innis sé an ḟírinne uile ḋó. 34Agus a duḃairt seision ría, A inġean, do ṡlánuiġ do ċréideaṁ ṫú; imṫiġ a síoṫċáin, agus bí slán od ṗláiġ.
35Agus ar mbeiṫ ḋósan ag laḃairt, tigid dáoine ó ṫiġ úaċdaráin na sinagóige, ag ráḋ, Fúair hinġean bás: créd fá gcuireann tú búaiḋreaḋ ar an Maiġisdir feasda? 36Agus mar do ċúalaiḋ Iósa an coṁráḋ so a uḃraḋ, a duḃairt sé ré húaċdarán na síonagóge, Na bíoḋ eagla ort, creid a ṁáin. 37Agus níor ḟulaing sé neaċ ar biṫ ḋá leanṁuin, aċd Peadar, agus Séumus, agus Eóin dearḃráṫair Ṡéumuis. 38Agus táínic sé go tiġ úaċdaráin na siónagóige, agus do ċonnairc sé an ḃúaiḋreaḋ, agus íad ag gul agus ag cáoineaḋ go mór. 39Agus ar ndul a steaċ, a duḃairt sé ríu, Créd fá ḃfuil búaiḋreaḋ oruiḃ, agus créd fá nguiltí? ni ḃfúair an cailín bás, aċd is na codlaḋ a tá sí. 40Agus do rinneadarsan fónaṁad fáoi. Aċd ċeana ar gcur ċáiċ uile a maċ ḋósan, beiriḋ sé aṫair agus máṫair an ċailín leis, agus an dream do ḃí na ḟoċair féin, agus téid sé a sdeaċ mar a raiḃ an cailín na luiġe. 41Agus air mbreiṫ ḋó air láiṁ an ċailín, a duḃairt sé ria, Talita cúmi; is é sin, ar na eidirṁíniġeaḋ, A ċailín a deirim riot, éiriġ: 42Agus do éiriġ an cailín ar an mball, agus do ṡiuḃail ; óir do ḃí sí a gcionn a dá ḃlíaḋan déug. Agus do ġaḃ úaṫḃás roṁór íadsan. 43Agus do aiṫin sé ḋíoḃ do roiġéur, gan a ḟios so do ṫaḃairt déanduine; agus a duḃairt sé ní do ṫaḃairt don ċailín ré a iṫe.

Currently Selected:

Marcus 5: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in