Seċariah 11
11
Caibidil XI.
Claói an aṫ‐ṫeampuill, 3 agus neiṁionnanus ḃuaċaille Ċríosd, agus ḃuaċaille ainticríosd.
1Oscuil do ḋoirsi, a Lebanon, ċor go loisgfiḋ an teine do ċeadair.
2Nuálluiġ, a ċrann giuṁuis; óir do ṫuit an cédar; do ḃríġ gur creaċaḋ na cuṁaċduiġ uile: núalluiġ, a ḋairiġe Básan; óir ṫainic foraóis na fineaṁna sios.
3Guṫ núallfartuiġ na náoḋaireaḋ; oír do milleaḋ a nglóir: guṫ buile na leoṁan óg; óir do milleaḋ úaḃar Iordan.
4¶ Is marso a deir an TIĠEARNA mó Ḋía; Beaṫuiġ tréud a nár;
5Noċ ar ṁarḃadar a sealḃuiḋe íad, agus ṡáoilid íad féin do ḃeiṫ neiṁċiontaċ: agus a deir an drong reacus íad, Go maḋ beannuiġṫe an TIĠEARNA; óir ataim sáiḋḃir: agus ni ḃí truáiġe aga náoḋairiḃ féin dóiḃ.
6Oír ní ḃiáiḋ truáiġe agamsa ní is mó dáitreaḃṫaċaiḃ na tíre, a deir an TIĠEARNA: aċt, féuċ, seaċoduiġ mé na daóine gaċ aon fa leiṫ a láiṁ a ċoṁarsan, agus a láiṁ a ríġ: agus buailfid síad an tír, agus ní ṡaórfa mé as a láiṁ íad.
7Agus beaṫoċa mé tréud a náir, eaḋon siḃsi, a ḃoċta an treúda. Agus do ġaḃ mé ċugam ḋá ḃata; do ġoir mé Sgeiṁ daón díoḃ, agus dou dara Cuiḃreaċ; agus do ḃeaṫuiġ mé an tréud.
8Do ġeárr mé mar an ccéadna amaċ triúr áoḋaireaḋ a naoinṁí; agus do ġráin manam riú, agus dfúaṫuiġ a nanamsan misi.
9Ann sin a duḃairt mé, Ní ḃeaṫoċa mé siḃ: éugaḋ, an ní éugas; an ní is cóir a ġeárraḋ amaċ, geárrṫar amaċ é; agus iṫidís an ċuid oile gaċ áon díoḃ feóil a ċéile.
10Agus do ġlac misi mo ḃata, eaḋon an Scíaṁ, agus do ġeárr mé ó ċeile é, ċor go mbrisinn mo ċunnraḋ noċ do rinne mé ris an bpobal uile.
11Agus do briseaḋ san ló sin é: agus marsin do ṫuig boiċt na tréuda do ḟeiṫ orumsa gur bé sin bríaṫar an TIĠEARNA.
12Agus a duḃairt mé ríu, Maḋ áill liḃ féin, tugaiḋ ḋaṁsa mo lúaċ; agus mun buḋ áill, léigiḋ ḋó. Marsin do ċoṁṫromadar ar son mo lúaċa, tríoċad píosa airgid.
13Agus a duḃairt an TIĠEARNA riom, Teilg ċum an ṗotadóra é; lúaċ maiṫ do measaḋ ḋaṁsa leó. Agus do ġlac mé an tríoċad píosa airgid, agus do ṫeílg mé ċum an ṗotadóra íad a ttiġ an TIĠEARNA.
14Annsin do ġeárr mé ó ċéile mo ḃata oile, euḋon Cuiḃreaċa, ċor go mbrisinn a ndearḃráiṫreaċas idir Iúdah agus Israel.
15¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA riom, Glac ċugad fós instrument áoḋaire amadánuiġ.
16Oír, féuċ, tóigfe misi áoḋaire súas annsa tír, naċ ḃféuċfa air an luċt atá geárrṫa amaċ, naċ mó íarrfas sé an tóg, naċ leiġeasuiġ an ní ḃías briste, naċ beaṫoċuiḋ an ní ṡeasann: aċd íosuiġ sé feóil na mbeaṫaċ méiṫ, agus réubfa sé a ccrúba na mbloḋuiḃ.
17A ṁairg dáoḋaire a nioḋail ḟágḃus an tréad! biáiḋ an cloiḋeaṁ air a láiṁ, agus air a ṡúil ḋeis: tiormoċuiḋ a láṁ uile súas, agus dallḟuiġear a ṡúil ḋeas ṫríd amaċ.
Currently Selected:
Seċariah 11: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.