Seċariah 10
10
Caibidil X.
Ata Día firinneaċ, toirḃeartaċ, iniarraiḋ ċuige, agus ni iad na hioḋail brionnaċ bréugaċ.
1Iarruiḋsi air an TIĠEARNA fearṫuinn an am na fearṫanna deiġionuiġ: mar sin do ḋéana an TIĠEARNA néulla soillseaċ, agus do ḃéara sé ḋóiḃ ceaṫa fearṫanna, féur do gaċ áon annsa ṁaċaire.
2Oír do laḃradar na hioḋail díoṁaóineas, agus do ċonncadar na fáistiniġ bréug, agus dinnsiodar aislingṫe neiṁḟírinneaċ; coṁḟurtaċiġid siád go díoṁáoin: uimesin dimṫiġeadar rompa aṁuil tréud, do ḃádar buáiḋearṫa, do ḃríġ naċ raiḃ áoḋaire ar bioṫ.
3¶ Do haḋnaḋ mfeargsa á naḋuiġ na náoḋaireaḋ, agus ṫug mé pionús do na gaḃruiḃ: óir dtiosruiġ TIĠEARNA na slóġ a ṫreud tiġ Iúdah, agus do rinne sé íad mar eaċ maiseaċ san ccaṫ.
4As amaċ ṫáinic an coirnéul, as amaċ ṫáinic an tairnge, as amaċ an boġa caṫa, as amaċ a nuile ḟear sáruiġṫe a naóinḟeaċd.
5Agus béid síad mar ḋaóiniḃ cuṁaċtaċa, noċ ṡaltras siós a naiṁde a laṫuiġ na sráideann annsa ċaṫ: agus troidfid síad, do ḃríġ go ḃfuil an TIĠEARNA maille ríu, agus náireoċṫar an drong do ní marcuiġeaċd air eaċaiḃ.
6Agus nearteoċa misi tiġ Iúdah, agus sáorfa mé tiġ Ióseṗ, agus do ḃéara mé liom íad da suiġiuḋ; óir atá truáiġe agam ḋóiḃ: agus béid aṁuil naċ tteilgfinn uáim íad: óir is misi an TIĠEARNA a Ndía, agus éistfiḋ mé íad.
7Agus biáiḋ Eṗraim aṁuil duine cumasaċ, agus gáirdeaċuiḋ a ccroiḋe aṁuil buḋ tré ḟíon: fós, do ċífid a cclann é, agus béid lúaṫġaireaċ; agus gáirdeoċuiḋ a ccroiḋe annsa TIĠEARNA.
8Do ḋéana mé sméideaḋ orra, agus cruinneoċa mé íad; óir dtúascail mé íad: agus méideoċuid mar do ṁéaduiġeadar.
9Agus síolċuirfe mé íad a measc an ṗóbail: agus cuiṁneoċuíd orum a ttiorṫaiḃ imċíana; agus mairfid gun a ccloinn, agus fillfid a rís.
10Do ḃéara mé a rís íad as críċ na Hégipte, agus cruinneaċa mé as a Nassíria íad; agus do ḃéara mé íad go fearann Gílead agus Lebanon; agus ní ḃfuiġṫear ionad dóiḃ.
11Agus raċa sé ṫríd an ḃfairge le haindeisi, agus búailfiḋ sé na tonna ann sa ḃfairge, agus tiormoċuid uile aigéin na sroṫann súas: agus béarṫar úaḃar na Hassíria síos, agus raċaiḋ an tslat ríoġa ó Négipt.
12Agus nerteoċa misi íad annsa TIĠEARNA; agus siuḃoluid síos agus súas iona ainm, a deir an TIĠEARNA.
Currently Selected:
Seċariah 10: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.