YouVersion Logo
Search Icon

Seċariah 9

9
Caibidil IX.
Críosd an ríġ, ag marcaiġeaċd ar an assal uirisiol.
1Ualaċ ḃréiṫre an TIĠEARNA a ttír Hadraċ, agus buḋ é Damascus a ṡuaiṁneas sin: a nuáir ḃías súile an duine, mar ḃiáid súile uile ṫreaḃ Israel, leaṫ ris an TIĠEARNA,
2Agus teórannfuiḋ Hamat mar an ccéadna láiṁ ris; Tírus, agus Sidon, máta go ḃfuil ro ċríonna.
3Agus do rinne Tírus daingean láidir ḋi féin, agus do ċrúaċ sí airgiod súas aṁuil luáiṫreaḋ, agus ór glan aṁuil láib na sráideann.
4Féuċ, teilgfiḋ an TIĠEARNA amaċ í, agus búailfiḋ sé a cuṁaċt annsa ḃfairge; agus dóiġfiġear lé teine í.
5Do ċífiḋ Ascélon é, agus biáiḋ eagla air; do ċífiḋ Gasa fos é, agus biaiḋ ro ḋuḃaċ, agus Ecron; óir naireoċṫar a dóṫċus; agus dioġḃáiġfiḋ an ríġ ó Ġasa, agus ní ḃiáiḋ Ascélon aitreḃṫe.
6Agus coiṁneoċuiḋ basdard ann Asdod, agus geárrfa misi amaċ úaḃar na Ḃṗilistineaċ.
7Agus ḃéara mé a ḟuil as a ḃéul, agus a gráineaṁlaċd ó idir a ḟíaclaiḃ: aċt an té ṁairfios, biáiḋ seision ar son ar Ndéine, agus biáiḋ sé aṁuil úaċtarán ann Iúdah, agus Ecron aṁuil Iebusíteaċ.
8Agus suiġfe mé a ttimċioll mo ṫiġe do ḃríġ na harmála, do ḃríġ an té ḟillios: agus niġéaḃuid luċt sáruiġṫe ar bioṫ tríoṫa ni is mó: óir a nois do ċonnairc mé lem ṡúiliḃ.
9¶ Urġaírdiġ go mór, a inġean Ṡion: gáir, a inġean Ierusalem: féuċ, atá do Ríġ ag teaċt a tḟoċair: atá sé ceart, agus slánuġaḋ aige; go huirisiol, ag marcuiġeaċd air assal, agus air ḃromaċ searraċ assail.
10Agus géarrfa mé an carbad ó Eṗraim, agus an teaċ ó Ierusalem, agus gearrfuiġear amaċ boġa an ċaṫa: agus laiḃeoruiḋ se síoṫċain ris na geintiḃ; agus biáiḋ a rioġaċd ó ṁuir go muir, agus ó naḃuin go críoċuiḃ na talṁan.
11Ar do ṡonsa fós, le fuil do ċunuarṫa do ċuir mé amaċ do ṗríosúnaiġ as an log ann naċ ḃfuil uisce.
12¶ Filliḋse ċum an ċaisléin láidir, siḃse a ṗríosúnaċa an dóṫċuis: eaḋon a niuġ ḟoillsiġim go ndíolfa mé dúbalta riḃ;
13A nuáir do ċláon mé Iúdah ḋaṁ féin, do líon mé an boġa air Eṗraim, agus do ṫoig mé súas do ṁic, a Ṡion, a naġaiḋ do ṁacsa, a Ġréag, agus do rinne mé ṫú aṁuil cloiḋeaṁ ḋuine neartṁuir.
14Agus do ċífiġear an TIĠEARNA ós a ccionn, agus raċuiḋ a ṡoiġead amaċ mar aiṫinne teineaḋ: agus séidfiḋ an Tiġearna DIA an stoc, agus imeoċuiḋ le gáoṫaiḃ guáirdeana an túaisceirt.
15Cuiṁdeaċuiḋ TIĠEARNA na slóġ íad; agus sluigfid siad, agus claóiḋfid síad lé cloċaiḃ taḋḃuill; agus ioḃṫuid, agus do ḋéanuid giorac aṁuil tré ḟíon; agus béid lionta mar scáluiḃ, agus mar ċorruiḃ na haltóra.
16Agus tárrṫoċa an TIĠEARNA a Ndía íad san ló sin aṁuil tréad a ṗobail: óir béid mar ċloċaiḃ coróinne, ar na ttógḃáil súas mar ḃratuiġ air a ḋuṫaiġ.
17Oír créd é méud a ṁaiṫeasa, agus cred é méud a sgéiṁe! do ḋéana arḃar na daóine óga súgaċ, agus fíou núaḋ na maiġdiona.

Currently Selected:

Seċariah 9: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in