YouVersion Logo
Search Icon

Seċariah 8

8
Caibidil VIII.
Gu bfuil fearg Dé soi‐filleaḋ, agus é féin soi‐réiḋteaċ, ré daóiniḃ ṫig go deaġṁéin.
1Ṫainic bríaṫar ṪIĠEARNA na slóġ ċugamsa a rís, ag ráḋ,
2Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Do ḃí mé éudṁur fa Ṡion maille re héud mór, agus do ḃí éud orum go díḃḟeirgeaċ uimpe.
3Is marso a deir an TIĠEARNA; Dfill mé ċum Sion, agus áitreoċa mé a meaḋón Ierusalem: agus goirfiġear caṫair na fírinne do Ierusalem; agus slíaḃ TIĠEARNA na slóġ don tslíaḃ náoṁṫa.
4Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Aitreaċuid fós seandaoine agus mná áosda a sráidiḃ Ierusalem, agus a nuile ḋuine gun a ḃata iona laíṁ tre iomad a laéṫeaḋ.
5Agus biáiḋ sráide na caiṫreaċa lán do ḃúaċailliḃ agus ċailíniḃ ag súgraḋ iona sráidiḃ.
6Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Mas iongantaċ é a súiliḃ íarsma an ṗobailsi annsna laeṫiḃse, an mbía fós íongantaċ ann mo ṡúiliḃsi? a deir TIĠEARNA na slóġ.
7Is marso a deir an TIĠEARNA na slóġ; Féuċ, tárṫoċa mé mo ḋaóine ón ttír ṡoir, agus ón ttír ṡíar;
8Agus do ḃéara mé liom íad, agus áitreaċuid síad a lár Ierusalem: agus béid na bpobal agumsa, agus biáiḋ misi am Ḋía acasan, a ḃfírinne agus a cceart.
9¶ Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Bídís ḃur láṁa láidir, a ḋrong do ċluinn annsna laéṫiḃsi ná bríaṫraso lé béal na ḃfáġ, noċ do ḃí annsa lo ar ṡuiġeadar bunáit ṫiġe ṪIĠEARNA na slóġ, ċor go ccuirfiḋe an teampal súas.
10Oír roiṁe na laéṫiḃsi ní raiḃ túarusdal ar bioṫ do ḋuine, nó túarusdal ar bioṫ do ḃeaṫaċ; ní mó do ḃí sioṫċáin ag an tí do raċaḋ amaċ nó ṫigeaḋ a steaċ do ḃríġ an ḃuáiḋeárṫa: óir dó ċuir misi gaċ uile ḋuine a naġaiḋ a ċoṁarsan.
11Aċt anois ní ḃiáiḋ mé díarsma na ndáoinesi do nós na láeṫeaḋ roiṁe, a deir TIĠEARNA na sloġ.
12Oír biáiḋ an síol soná; do ḃéara an ḟíneaṁuin a toraḋ, agus do ḃéara an talaṁ a ḃiseaċ, agus do ḃearuid na neaṁa a ndrúċt; agus do ḃéara mé air íarsma an ṗobailsi íadso uile do ṡealḃuġaḋ.
13Agus tiucfa a ccríċ, mar do ḃaḋḃair ḃur malluġaḋ a measg na ngeinteaḋ, a ṫiġ Iúdah, agus a ṫiġ Israel; marsin coiḃreoċa misi siḃ, agus béiṫi ḃur mbeannuġaḋ: na heagluiġiḋ, aċt bídís ḃur láṁa láidir.
14Oír is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Mar do ṁeas mé ḃur smaċtuġaḋ, an tan do ḃrostuiġeadar ḃur naiṫre mé ċum feirge, a deir TIĠEARNA na slóġ, agus nar ḃaiṫreaċ liom é:
15Marsin fós a rís do ṁeas mé annsna láeṫiḃsi a ḋéanaṁ go maiṫ do Ierusalem, agus do ṫiġ Iúdah: ná bíoḋ eagla oruiḃ.
16¶ Isíad so na neiṫe do ḋéantáoi; Laḃraḋ gaċ áon aguiḃ a nfírinne re na ċoṁarsoin; déanuiḋ breiṫeaṁnus fírinne agus síoḋċána ann ḃur ngeataḋuiḃ:
17Agus ná smúaineaḋ duine ar bioṫ aguiḃ olc ann ḃuir ccroiḋṫiḃ a naġaiḋ a ċoṁarsan; agus ná gráḋuiġiḋ mionna bréige: óir is neiṫe íadso uile ḟuáṫuiġimsi, a deir an TIĠEARNA.
18¶ Agus ṫáinic bríaṫar ṪIĠEARNA na slóġ ċugamsa, ag ráḋ,
19Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Biáiḋ troscaḋ an ċeaṫraṁaḋ , agus troscaḋ an ċúigeaḋ, agus troscaḋ an seaċdmaḋ, agus troscaḋ an deaċṁaḋ, na ġáirdeaċus, agus na lúaṫġáir, agus na ḃféustuiġiḃ suḃaċa do ṫiġ Iúdah; ar a naḋḃarsin gráḋuiġiḋ fírinne agus síoṫċáin.
20Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Biáiḋ fós aimsir, go ttiucfa iomad daoine, agus áitreaḃṫuiġ mórán caiṫreaċ:
21Agus raċuid áitreaḃṫuiġ gaċ aon ċaiṫreaċ go ċéile, ag ráḋ, Deanam tráṫ do ġuiḋe a laṫair an TIĠEARNA, agus díarruiġ ṪIĠEARNA na slóġ: raċaiḋ misi mar an ccéadua.
22Aseaḋ, tiucfuid móran daóine agus cineaḋaċa láidre díarruiḋ ṪIĠEARNA na slóġ ann Ierusalem, agus do ġuiḋe a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA.
23Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Annsna laéṫiḃ sin, béaruid deiṫneaṁar fear greim as uile ṫeangaiḋ na ccineaḋáċ, eaḋon béaruid siád greim air sciorta an tí ḃías na Iúduiġe, ag ráḋ, Raċuimne leaċd: óir do ċúalamar go ḃfuil Día maille riḃ.

Currently Selected:

Seċariah 8: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in