Seċariah 7
7
Caibidil VII.
An trosgaḋ ṫaitneaṁas re Día.
1Agus tárla annsa cceanṫraṁaḋ blíaḋain do ríġ Ḋárius, go ttáinic bríaṫar an TIĠEARNA go Seċariah annsa ceaṫraṁaḋ lá don náoṁaḋ mí, eaḋon a Cċisleu;
2A nuáir do ċuireadar go tiġ Dé Sereser agus Regem‐meleċ, agus a ndaóine, do ġuiḋe a laṫair an TIĠEARNA,
3 Agus do laḃairt ris na sagartaiḃ noċ do ḃí a ttiġ ṪIĠEARNA na slóġ, agus ris na fáiġiḃ, ag ráḋ, Nar ċóir ḋaṁsa gul da ḋéanaṁ annsa ċuigeaḋ mí, dom ḋealuiġaḋ féin, mar do rinne mé an móran blíaḋansa?
4¶ Ann sin ṫáinic briaṫar ṪIĠEARNA na slóġ cugamsa, ag ráḋ,
5Laḃair ré huile ṗobal na tíre, agus ris na sagartaiḃ, ag ráḋ, A nuáir do ṫroisgeaḃair agus do ċaóiḋeaḃair annsa ċúigeaḋ agus annsa seaċdṁaḋ mí, eaḋon air feaḋ na seaċtṁoġad blíaḋansin, a ndéarnaḃair éantroscaḋ ar bioṫ ḋuṁsa, eaḋon ar mo ṡonsa?
6Agus an tan do iṫeaḃair, agus an tan do iḃeaḃair, naċ ar iṫeaḃair agus naċ ar iḃeaḃair air ḃur son féin?
7 Naċ ar ċóir ḋiḃ na bríaṫra déisdeaċd noċ do ḟúagair an TIĠEARNA ris na céadḟáiġiḃ, an tan do ḃí Ierusalem áitreiḃṫe agus a sonus, agus a caiṫreaċa na timċioll fa ccuáirt, a nuáir do áitreaḃadar daóine annsa deisceart agus annsa réiteaċ?
8¶ Agus ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA go Seċariah, ag ráḋ,
9Is marso laḃrus TIĠEARNA na slóġ, ag ráḋ, Déanuiġ breiṫeaṁnus ceart, agus foillsiġiḋ trócaire agus truáiġe gaċ áon dá ḋearḃráṫair:
10Agus ná brúiġiḋ an ḃaintreaḃṫaċ, nó an dílleaċda, an cóiṁiġṫeaċ, nó an boċt; agus ná smuáineaḋ aóinneaċ agaiḃ olc ann ḃur ccroiḋe a naġaiḋ a ḋearḃraṫar.
11Aċt do ḋíultadar éisdeaċt, agus do ṫairngiodar a slinéun ón ccuing, agus do stopadar a cclúasa, iondus naċ ccluinfidís.
12Do rinneadar fós, a ccroiḋṫe mar ċloiċ adamant, deagla go ccluinfidís an dliġeaḋ, agus na bríaṫra do ċuir TIĠEARNA na sloġ iona spioraid leis na fáiġiḃ rioṁe: uimesin ṫáinic fearg ṁór ó ṪIĠEARNA na slóġ.
13Ar a naḋḃarsin ṫáinic a ccríċ, aṁuil do ḟúagair sé, agus nar ḃáill leó éisdeaċt; marsin do eiġiodarsan, agus níor ḃáill liomsa cluinnsion, a deir TIĠEARNA na slóġ:
14Aċt do scanruiḋ mé íad le gaóiṫ ġuáirdeáin a measg na nuile ċineaḋaċ nar ḃaiṫniḋ ḋóiḃ. Marso do ḃí an tír áonranaċ na ndiaiġ, iondus naċ gaḃaḋ duine ar bioṫ ṫríṫe nó air a ais: dfágḃadar a ndúṫaiġ ṫaitneamaċ na fásaċ.
Currently Selected:
Seċariah 7: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.