YouVersion Logo
Search Icon

Seċariah 6

6
Caibidil VI.
Gó ḃfuil na náoṁ‐aingil iná ndidneóiriġiḃ na heagluise faoi Ċriosd an Beangan.
1Agus diompoiġ mé, agus do ṫóig mé mo ṡúile suas, agus daṁairc, agus, féuċ, ṫangadar ceiṫre carbud amaċ ó idir ḋá ṡlíaḃ; agus do buḋ sléiḃte práis na sléiḃte sin.
2Annsa ċéad ċarbad do ḃádar eiċ ḋearga; agus annsa dara ċarbad eiċ ḋuḃa;
3Agus annsa treas ċarbad eiċ bána; agus annsa ċeaṫraṁaḋ ċarbad eiċ iaḃaċa agus donna.
4Annsin do ḟreagair misi agus a duḃairt mé ris an naingeal do ċoṁraiḋ riom, Cred íadso, a ṫiġearna?
5Agus do ḟreagair an taingiol agus a duḃairt sé riom, Isiadso ceiṫre spioraid neiṁe, noċ ṫéid amaċ ó ṡeasaṁ a ḃfiaḋnuisi ṪIĠEARNA na talṁan uile.
6Téid na heiċ ḋuḃa atá ann amaċ dón tír ṫuáiġ; agus téid na heiċ ḃáua amaċ na ndiáiġ; agus na heíċ ríaḃaċa leiṫ ris an ttír ṫeas.
7Agus do ċúadar na heiċ ḋonna amaċ, agus do ṫairgiodar imṫeaċt iondus go siuḃolaidís síos agus súas air feaḋ na talṁan: agus a duḃairt seision, Eiriġsi as so, siuḃluiġ síos agus súas air feaḋ na talṁan. Marsin do ṡiuḃluiġeadar síos agus suas air feaḋ na talṁan.
8Annsin dfúagair sé orumsa, agus do laḃair sé riom, ag ráḋ, Féuċ, an drongso ṫéid don taóiḃ ṫuáiġ do ċiúnuiġeadar mo spiorad annsa tír ṫuáiġ.
9¶ Agus ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ag ráḋ,
10Glac úaṫaso don ḃruid, eaḋon ó Heldai, ó Ṫobiah, agus ó Iedaiah, noċ ṫáinic ón Ḃabilóin, agus tárrsa an lá céadnasin, agus éiriġ go tiġ Iosiah ṁic Seṗaniah,
11Annsin glac airgiod agus ór, agua déana coróine, agus cuir íad ar ċeann Iosuah ṁic Iosedeċ, an tárdṡagart;
12Agus laḃair ris, ag ráḋ, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, ag ráḋ, Féuċ an duine darab ainm an BEANGAN; agus fásfuiḋ sé súas as a áit, agus cuirfe sé súas teampall an TIĠEARNA:
13Oír cuirfiḋ sé súas teampall an TIĠEARNA; agus iomċora sé an ġlóir, agus suiḋfiḋ sé, agus ríaġloċuiḋ air a ċaṫaóir ríoġa; agus biáiḋ na ṡagart air a ċaṫaoir ríoġa; agus biáiḋ coṁairle na sioṫċána eatorra aráon.
14Agus béid na coróine ag Helem, agus ag Tobiiah, agus ag Iedaiah, agus ag Hen ṁac Seṗaniah, mar ċuiṁne a tteampall an TIĠEARNA.
15Agus tiucfaid an drong atá a ḃfad uáit agus cuirfid súas tteampall an TIĠEARNA, agus aiṫeontaóigur bé TIĠEARNA na slóġ do ċuir misi ċugaiḃ. Agus tiucfa so a ccríċ, ma uṁluiġṫaói go dúṫraċtaċ do ġuṫ an TIĠEARNA ḃur Ndía.

Currently Selected:

Seċariah 6: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in