Geinis 17
17
Connradh an timcheall-ghearrtha.
1Agus an uair bhí sé im-aois a naomhadh-bliain-nócha thaisbeáin an Tíghearna É féin dó, agus dubhairt leis: “Is mise Dia uile-chumhachtach. Siubhail-se rómhan, agus bí díograsach. 2Agus dheanfaidh mé mo chonnradh eadrainne (mise agus tusa): agus méadóchaidh mé go móir thú (do shíol).”
3Agus thuit Ábram síos ar a éadán—(ar an talamh). 4Agus deir Dia leis: “Mise agus mo chonnradh leat, agus beidh tú i d'athair ar na náisiuin uile. 5Agus ní ‘Ábram’ an t-ainm a bhéas ort feasta; acht ‘Ábraham’, óir rinne mé athair díot ar a lán de náisiunaibh. 6Agus dheanfaidh mé lán torrthach thú, agus dheanfaidh mé náisiuin (cineacha) asat, agus tiocfaidh ríghte asat—(as do chinid).
7“Agus daingeanóchaidh mé mo chonnradh eadrainn, agus eadar do shíol-sa in a nglúnaibh in do dhéidh, i gconnradh buan, agus a bheith i mo Dhia duit agus do do shíol i do dhéidh. 8Agus bhearfaidh mé duit, agus do d'shíol, an tír ar a dtabhairfidh tú cuairt—tír uile Chanaáin—i do sheilbh go síorraidhe, agus bhus mise a nDia-san.”
9Labhair Dia arís le Ábraham: “Agus féach! Coinnigh thusa mo chonnradh, agus (coinnigheadh) do shíol-sa (é) in a ngeiniligh i do dhéidh. 10Is é seo mo chonnradh eadrainn, 's ná bris é, 's ná briseadh do shíol in do dhéidh é: Deantar timcheall-ghearradh ar gach uile geine firinsene. 11Agus dean thusa do thús-chroiceann a thimcheall-ghearrú mar chomhartha ar an chomhradh eadrainne. 12Deantar timcheall-ghearradh ar bhur naoidhneán i n-aois a ocht lá, gach leanbh firinne in bhur ngeiniligh: an té beirthear i do thigh, agus an daoir ceannuighthear, chomh maith, Timcheall-ghearrthar é, agus fós, éinne (eile) nach de do shíol-sa é. 13Agus beidh mo chonnradh in bhur bhfeoil mar chonnradh buan. 14An leanbh-mhac nach ndeantar timcheall-ghearradh ar a thús-chroiceann, scriosfar amach ó n-a phobal (féin) é. Óir beidh mo chonnradh briste aige.”
15Dubhairt Dia le Ábraham, freisin: “Ná tabhair ‘Saraí’ ar do bhean-chéile (feasta) acht ‘Sara’. 16Agus beannóchaidh mé í, agus bhearfaidh mé mac duit, thríthe-se agus beannóchaidh mé é, agus beidh sé 'n-a athair chineal ('n-a náisiun) agus tiocfaidh righte cinealach uaidh.” 17Thuit Ábraham ar a éadán (ar an talamh) agus rinne sé gáire, a rádh in a croidhe: “Mac (óg) aig an té atá céad blian ar aois—, a thiarcais!? Agus an féidir le Sara atá nocha blian ar aois mac (óg) a bheith aicí?”
18Agus ars eisean le Dia: “Ó! Dá mairfeadh Ismael i do láthair.” 19Agus a deir Dia le Ábraham: “Beirfidh do bhean Sara mac duit, agus bhearfaidh tú Isac mar ainm air, agus daingneóchaidh mé mo chonnradh leis mar chonnradh buan, agus le n-a shíol in a dhéidh. 20Agus maidir le Ismael, chuala mé thú, chomh maith. Féach, beannochaidh mé eisean, agus méadóchaidh mé agus oirlíonfaidh mé é go mór: geinfidh sé dhá-thaoiseach-déag (prionnsaí), agus dheanfaidh mé náisiun (cine) mór de. 21Agus daingneóchaidh mé mo chonnradh le Isaac, a bheirfeas Sara duit bliain ó'n tráth seo.”
22Agus ar críochnú na cainnte leis do chuaidh Dia suas (in-áirde). 23Agus thóg Ábraham a mhac Ismael, agus gach duine a rugadh in a thigh: agus gach duine a cheannuigh sé (mar dhaoir), gach mac de mhuintir a' tighe: agus rinne sé timcheall-ghearrú ar a dtús-chroiceann, gan mhoill, an lá sin, fé mar d'órduigh Dia dhó. 24Bhí Abraham nócha-a-naoi blian ar aois an uair rinne sé timcheall-ghearrú ar a thús-chroiceann féin. 25Agus bhí a mhac Ismael i n-aois a thrí-mblian-déag glan an t-am timcheall-ghearradh é. 26Ar an lá cheanan chéadna rinneadh timcheall-ghearrú ar Ábraham agus ar a mhac Ismael. 27Agus gach fear in a thigh, agus iad san a rugadh in a thigh, chomh maith leis na deoir cheannuighthe agus na stráinséirí—timcheall-ghearradh iad mar aon leis.
Currently Selected:
Geinis 17: ABNPOD
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Peadar Ó Dubhda 1943.

: