YouVersion Logo
Search Icon

Geinis 18

18
Cuirim ag Ábraham do na h-ainglibh. Agus ghní siad fáidhideoracht ar bhreith Isaaic. Guidhe Ábrahaim ar son muintir Shodoim.
1Agus d'fhoillsigh an Tíghearna é féin dó i ngleann Mhambre, agus é in a shuidhe ag doras a bhótha, i mbrothal an lae. 2Agus ar thógáil na súl do chonnaic sé an triur fear in a seasamh in-aice leis. Agus ní túisce chonnaic-a siud 'n-a rith chuca é (in a n-aircis) ó dhoras a bhótha, agus d'úmhluigh go talamh dóibh. 3Agus dubhairt sé: “A Thíghearna, má's taithneamhach i do láthair mé, ná h-imthigh uaim—do sheirbhíseach. 4Acht gheobhaidh mé braon uisce agus nighfidh mé do chosa, agus dean do scíste faoi an chrann. 5Agus gheobhaidh aráin a chuirfeas neart in do (bhur) chroidhe, agus n-a dhéidh sin gluaisfidh tú leat: óir is ar chor bealaigh tháinig tú chuig do sheirbhíseach.” Agus dubhradar: “Dean d'réir mar tá rádhte agat.”
6Rith Ábraham leis isteach san bhóth chuig Sara, agus dubhairt léithe: “Brostuigh ort meascuigh trí tómhas de'n phlúr agus dean bonógaí ar an teallach.” 7Agus rith sé féin chuig an tréad agus thug leis gamhain a bhí mín agus maith, agus thug d'óighfear é, agus bhruith seisean é. 8Thóg sé, freisin, im agus bainne, agus an gamhain a bhí bruithte agus leag os a gcómhair iad. Acht sheas sé in-aice leo fé'n chrann.
9Agus nuair d'ith siad a gcuid deir siad leis: “Cá bhfuil do bhean Sara?” D'fhreagair seisean: “Féach, tá sí astigh san bhóth.” 10Agus deir sé (siad) leis: “Pillfidh mé chugat i n-am tráth' — ar bheith slán domh, agus beirfidh do bhean, Sara, mac.” Agus nuair do chuala Sara sin, agus i ar cúl doras an bhótha astigh, rinne sí gáire. 11Ár ndóigh, bhí an bheirt aca aosta agus i bhfad ins na bliadantaí, agus bhí a seal caithte ag Sara mar chéile leaptha. 12Agus rinne sí gáire dí féin, a rádh: “Mise i mo shean-aois agus m'fhear chéile— (mo thighearna) in a shean-duine chaithte, an n-oireann domh pléisiur mar sin?” 13Agus deir an Tighearna le Ábraham: “Cad tuige an gáire sin ag Sara agus an rádh, ‘Mhaige, leanbh óg a bheith agam-sa, agus mé i mo shean-chailligh!’ 14'Bhfuil aon nidh dó-dheanta le (ag) Dia? San am atá cinnte pillfidh mé an tráth sin—acht a bheith slán domh—agus beirfidh Sara mac.” 15Shéan Sara gur gháirigh sí, a rádh: “Ní dhearn mé gaire,” óir bhí eagla uirthí. Acht dubhairt an Tighearna: “Go deimhin, rinne tú gáire.”
16Agus nuair d'eirigh na fir (suas) as sin, d'amharc siad i dtreo Shaodoim, agus shiubhail Ábraham leo, 'ghá dtionolú sa tslíghe. 17Agus deir an Tighearna: “An dtig liom a cheilt ar Ábraham an rud atá mé a dul a dheanamh: 18Agus a rádh gur cine (náisiun) mhór chómhachtach a bhéas ann, agus gur thríd-san beannóchar náisiuin uile an domhain? 19Óir is eol domh-sa go dtabhairfidh sé ar a chloinn agus ar a theaghlach 'n-a dhéidh, slighe an Tighearna a choimhead, agus breitheamhnas a thabhairt agus an ceart a dheanamh ionnus go gcuiridh an Tighearna i gcrích, ar mhaithe d'Ábraham, gach nidh d'ar luaidh sé leis.”
20Agus deir an Tigherana: “Is áidhbhéal mór i méid é gáir Shodoim 's Ghomorrha, agus is trom-trom iad a gcuid peachadh. 21Rachaidh mé síos go bhfeicidh mé an ndearn siad d'réir a ngáirthe, a tháinig chugam uatha, no nach ndearn, ionnus go mbéidh fios agam.”
22Agus thug siad a gcúl leis an áit sin, agus d'imthigh ar a slíghe go dtí Sodom, acht d'fhan Ábraham mar a raibh, i láthair an Tighearna. 23Agus dhruid sé anon chuige 's d'fhiafruigh: “An scriosfaidh tú na fíréin chomh maith leis na cuirptheoirí? 24Má tá caoga fíréan le fagháil san chathair, an scriosfar iad-san chomh maith? Nach sparáilfeá an áit sin mar gheall ar an chaoga fíréan sin, má ta siad ann? 25Go mbadh fada uait a léithidh a dheanamh—an fíréan a scriosú: gcuideachta leis na cuirptheoirí, aus iad a chur ar an dul céadna; cha n-oirfeadh sé duit-se: Tusa a bhearas breathamhnas ar an domhan uilig, ní thabhairfeá an bhreith sin.” 26Agus deir an Tighearna leis: “Má fhaghaim-se i Sodom caoga fíréan astoigh san chathair, sparáileóchaidh mé an áit uilig mar gheall ortha-san.” 27Agus d'fhreagair Ábraham é, agus dubhairt: “Os rud é gur thoisigheas air, labhairfidh mé le mo Thighearna, gidh nach bhfuil ionam acht cré agus luaithridhe. 28Cuir i geás nach bhfuil acht dachad-a-cúig fíréan ann? An scriosfá an chathair uilig-go-léir toise go mbeadh cúigear i n-easbhaidh sa chaoga?” Agus dubhairt sé: “Ní scriosfaidh, má fhaghaim dachad-a-cúig ann.”
29Agus arís dubhairt sé: “Acht mé tá dachad le fagháil ann, caibé bheanfas tú?” Dubhairt sé: “Ní scriosfaidh mé í, mar gheall ar an dechad.” 30“A Thighearna,” ars eisean, “Ná bhí i bhfeirg liom—guidhim thú, má labhraim: Muna mbeadh acht triocha le fagháil ann?” Dubhairt sé: “Ní dheanfaidh mí í má fhaghaim triocha ann.” 31“Os rud é.” Ars eisean: “Gur thoisigheas, labhairfidh mé le mo Thighearna: Muna mbeadh acht fiche le fagháil ann?” Dubhairt sé: “Ní scriosfaidh mé í, mar gheall ar an bhfiche.” 32“Guidhim thú, a Thighearna, gan a bheith i bhfeirg liom má labhraim arís: Muna mbeadh acht deicheanbhar le fagháil ann?” Agus dubhairt sé: “Ní scriosfaidh mé í, mar gheall ar an deicheanbhar.” 33Agus d'imthigh an Tighearna, indéidh na cainnte sin le Ábraham, agus phill Ábraham go dtí a áit féin.

Currently Selected:

Geinis 18: ABNPOD

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in