YouVersion Logo
Search Icon

Geinis 19

19
Fleadh ag Lot in a thigh do na h-ainglibh; a shaorú-san ó Shodom, atá scriosta: Ghníthear íomhaigh Salainn de bhean Loit toisc gur amharc sí ar gcúl 'n-a déidh.
1Agus tháinig an dá aingeal chuige Lot san tráthnóna, agus Lot 'n-a dhuidhe ag geata na cathrach. Agus nuair chonnaic sé iad d'eirigh sé 's chuaidh amach 'n-a n-airchis, agus d'úmhluigh (shleacht) sé go talamh rómpa. 2Agus ars é: “Guidim sibh, a thighearnaí, gabhaigidh isteach i dteach bhur seirbhisigh agus bainigidh fúibh ann, níghigidh bhur gcosa. Agus maidin imbáireach gluaisigidh ar bhur dtriall.” Agus deir siad-san: “Ní rachamuid isteach acht fanfamuid san t-sráid amuigh.” 3Chuir sé go dian ortha teacht isteach chuige: agus nuair ghéill siad 's tháinig isteach, rinne sé fleadh dóibh, agus rinne araán-gan-leibhin dóibh, agus d'ith siad é.
4Acht sul má chuaidh siad a luighe d'ionnsuigh muintir (fir) na cathrach, eadar óg agus aosta, agus gach uile duine, d'ionnsuigheadar an teach. 5Agus ghlaodhadar ar Lot, 's dubhairt leis: “Cá h-áit a bhfuil na fir a tháinig isteach chugat anocht? Tabhair amach annseo iad, go gcuirimid aithne ortha:”
6Chuaidh Lot amach chuca, 's dhruid an doras 'n-a dhéidh, agus ars eisean: 7“Seacáinidh! A d'reathracha, guidhim sibh, 's ná deanaigidh an droch-ghníomh seo. 8Tá beirt níngean agam nár luigh le fear ariamh. Bhearfaidh mé amach chugaibh iad, agus cead agaibh bhur rogha droch-úsáid a bhaint asta. Acht gan aon díoghbhail a imirt ar na fir seo, óir tá siad faoi dhíon mo thighe-se.” 9Acht 'é dubhairt siad: “Isteach leat ar ais!” Agus arís: “Tháinig tusa isteach, ars iad, mar stráinséar,—mar bhreitheamh, an eadh? Ar a shon sin, is measa duit-sa ná dóbhtha-san.” Agus chuir go cruaidh geár ar Lot, agus bhíodar ar tí na doirse a bhriseadh isteach. 10Agus féach! Chir na fir a lámh amach 's tharraingeadar Lot isteach chuca, agus d'ruid an doras. 11Agus bhuail siad dall iad-san a bhí amuigh, eadar mór agus beag díobhtha, ionnus nach dtiocfadh leo an doras a aimsiú.
12Agus deir siad le Lot: “'bhfuil éinneach gur de do chuid-se iad, tabhair leat amach as an chathair seo iad. 13Óir scriosfamuid an áit seo, toisc go bhfuil a mbéiene (siud) ag dul i méid i láthair anTighearna a chuir inne annseo le n-a scriosú.” 14Agus chuaidh Lot amach, agus labhair le n-a chuid cliamháin a bhí le pósadh ar a chuid nínghean, agus dubhairt: “Eirighidh! Amach libh as an áit seo, óir scriosfaidh an Tighearna an chathair seo.” Acht dar leo gur caint mhagaidh aige é.
15Agus le teacht na maidne do bhrostuigh na h-aingle é, a rádh: “Eirigh! Tóg leat do bhean agus an bheirt nínghean atá agat, ar eagla go gcailltear tú féin i gcuirptheacht na cathrach.” 16Agus ó bhí sé ró-leadránach, rug siad ar láimh air, agus ar laimh a mhná 's ar a bheirt níngean, e bhrigh go dtug an Tighearna a ghrása dhó. 17Agus thug siad amach 's d'fhág taobh amuigh de'n chathair é, agus labhair siad leis a rádh: “Téich le d'anam. Ná h-amharc i do dhéidh, 's ná dean stad ná comhnaidha i n-aon áit thart fa'n tír seo! Acht téich le d'anam ins an tsliabh, ar eagla do bhásctha féin.”
18Agus arsa Lot: “Guidim thú, a Thighearna. 19De bhaigh gur tugadh na grásta do do sheirbhísteach i do láthair, agus gur mhéaduigh tú do thrócaire, a thaisbeáin tú domh, i sabháil m'anma, agus nach féidir liom éoládh san tsliabh, ar eagla go mbualidh olc éigin mé, agus go bhfuighidh mé bás. 20Tá cathair bheag annseo i n-aice linn gur féidir liom téicheadh inntí, cathair bheag í agus beidh mé slán annsin; nach beag í agus beidh m'anam slán.” 21Agus deir sé leis: “Féach, san nidh seo, freisin, éistim le do ghuidhe, gan an chathair ar ar thrácht tú, a scriosú. 22Brostuigh ort, agus beidh tú slán sabháilte annsin, óir ní thig liom a'n rud a dheanamh no go dtéigheann tú isteach annsin.” D'á thoisc sin tugadh an t-ainm Sagor ar an chathair sin.
23Bhí an ghrian ina suidhe os cionn na talmhan, agus chuaidh Lot isteach i Sagor. 24Agus chuir an Tighearna ruibh agus teine 'n-a bhfrasa ar Shodom agus Gomorrha, anuas as na flaithis ó'n Tighearna. 25Agus scrios sé na cathracha seo, agus an tír uilig-go-léir 'n-a dtimcheall, muintir uile an dá chathair, agus gach nidh d'á bhfásann as an talamh. 26Agus nuair a d'amharc a bhean ar gcúl-'n-a-déidh rinneadh íomhaigh salainn dí.
27Agus d'eirigh Ábraham go moch ar maidin, agus san áit chéadna 'n-ar sheas sé leis an Tighearna, roimhe sin, 28D'amharc sé i dtreo Shodoim 's Gomorrha, agus ar an dúithche uile thart fa'n tír sin, agus chonnaic sé an (néal mór) luaithrigh ag eirghe suas sa spéir ó'n talamh, mar bheadh (néal) toite as foirnis. 29Anois, nuair scrios Dia cathracha na tíre sin, chuimhnigh sé ar Ábraham, agus thug sé Lot amach slán sabháilte as scriosadh na gcathair in a rabh cómhnaidhe air.
30Agus d'imthigh Lot suas amach as Sagor, agus rinne a chómhnaidhe ins an tsliabh, agus a bheirt nínghean leis, (óir bhí eagla air fanacht i Sagor), agus chómhnuigh sé (astoigh) i bpluais, é féin agus a bheirt nínghean leis. 31Agus ars an cailín ba shine (aca) leis an chailín a b'óige: “Tá ár n-athair aosta, agus níl fear (ar bith) fágtha sa domhan a thiocfadh isteach chugainne ar nós an t-saoghail mhóir. 32Féach! Cuirimís ar meisce le fíon é, agus luighimís lis, ionnus go gcoinnimíd síol ár n-athar beo.” 33Agus chuir siad d'fhiachaibh ar a n-athair fíon a ól an oidhche sin; agus chuaidh an níhghean a ba shine isteach, agus luigh sí le n-a h-athair, acht níor mhothuigh seisean a dhath—í ag teacht a luighe ná í ag eirghe. 34Agus an lá 'n-a dhéidh ars an nínghean ba shine leis an bhean a b'óige: “Féach, luigh mé le m'athair aréir, cuirimís d'fhiachaibh air anocht arís fíon a ól, agus téigh thusa a luighe leis, ionnus go gcannimíd síol ár n-athar beo.” 35Chuir siad d'fhiachaibh ar a n-athair fíon a ól arís an oidhche sin; agus churidh an nínghean a b'óige isteach agus luigh sí leis, act ní móide gur mhothuigh seisean a dhath—, ía' teacht a luighe ná í ag eirghe. 36Mar sin (féin) de bhí beirt nínghean Loit torthach ag a n-athair. 37Agus rug an nínghean ba shine mac, agus thug sí Moab mar ainm air. Eisean is athair ar na Moabítigh gus an lá indiu. 38Rug an bhean a b'óige mac, freisin, agus thug sí Ammon mar ainm air. Eisean is athair ar na h-Ammonítigh gus an lá indiu.

Currently Selected:

Geinis 19: ABNPOD

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in