YouVersion Logo
Search Icon

Geinis 20

20
Téiseann Ábraham as sin go dtí an deischeart, ar cuairt chuig Gerara. Tugtar Sara isteach i dteach an ríogh— Abimelech, acht tré órdú ó Dhia, laigtear amach arís í gan truailliú.
1Thriall Ábraham as sin go dtí an deischeart, agus rinne a chómhnaidhe eadar Cades agus Sur. Agus thug cuairt ar Gherara, 2agus dubhairt sé fa dtaobh d'á bhean: “'Sí mo dheirbhshiuir í.” Mar sin de, chuir Abimelech, rí Gherara fios uirthí, agus thóg leis í. 3Agus d'fhoillsigh Dia é féin, dó i mbróngloid a bhí ag Abimelech san oidhche, agus dubhairt sé leis. “Féach! Gheobhaidh tú bás thar cionn na mná (seo) a thóg tú: óir tá fear-chéile aicí.” 4Acht, níor bhain Abimelech léithe, agus ars é: “A thighearna, an gcuirfeá chun báis náisiun (cine) atá ionbhfiosach agus ionnraic? 5Nách dhubhairt sé liom: ‘'Sí mo dheirbhshiuir í,’ agus náir dhubhairt sise: ‘'Sé mo dh'reathair é.’ Le deágh-chroidhe agus glaine lámh rinne mé é seo.” 6Agus deir Dia leis: “Agus tá fhios agam gur le deágh-chroidhe rinne tú é, agus mar sin de choimhead mé thú ó'n pheaca a dheanamh i m'éadán. Agus niór leig mé duit baint léithe. 7Anois, tabhair ar ais a bhean-cheile do'n fhear, óir is fáidh é, agus guidhfidh sé ar do shon, agus mairfidh tú. Acht, mura dtugann tú ar ais í, bíodh fhios agat go bhfuighidh tú bás go cinnte, tú féin agus do chine uilig.”
8Agus d'eirigh Abimelech gan mhoill, san oidhche, agus ghlaoidh sé ar a chuid seirbhíseach agus d'aithris na focla seo uilig in a láthair, agus bhí eagla mhór ar gach uile fear (aca). 9Agus ghlaoidh Abimelech ar Ábraham mar a gcéadna, agus ars é leis: “Caidé sin atá deanta agat orainn? Caidé anéagcóir rinne muid ort, gur tharraing tú peaca mór (anuas) orainn—orm-sa agus ar mo ríoghacht? Tá beart deanta agat orainn nár chóir duit a dheanamh.” 10Agus arís d'fhiafruigh sé de, 's ars é: “Cad a chonnaic tú, go ndearn tú (aléithid) seo?” 11D'fhreagair Ábraham: “Cheapas, a rádh liom féin, ‘B'fhéidir nach bhfuil (aon) eagla Dé san áit seo, agus marbhóchar mé thar cionn mo mhná.’ 12Cibís ar bith, taobh amuigh de sin is í mo dheirbhshiuir í go cinnte nínghean m'athar acht chan níaghean mo mháthar í, agus thógas mar bhean-chéile. 13Agus indéidh Dia mé a thabhairt amach as toigh m'athar, arsa mé léithe: ‘Dean an gar seo domh: Gach áit a mbéímid, abair gur d'reathair duit mé.’”
14Agus thóg Abimelech caorigh agus mairt, agus seirbhísigh agus cailíní aimsire agus thug sé d'Ábraham iad, agus thug ar ais a bhean-chéile, Sara, dhó. 15Agus ars é: “Tá an tír fút féin. Dean do chomhnaidhe cibé áit is maith leat.” 16Agus dubhairt sé le Sara: “Féach, go dtug mé míle de bhonnaibh airgid dod' dh'reathair. Dheanfaidh seo mar chómhartha (folach) ar do shúilibh do gach éinne atá i do chuideachta, in gach áit a mbéidh tú: agus bíodh cuimhne agat gur glacadh thú.” 17Agus nuair ghuidh Ábraham, mhaithigh Dia d'Abimelech agus aimsire, agus rug siad páisdí; 18óir do dhruid an Tighearn le seasca, gach bruinn i dteaghlach Abimelech, mar gheall ar Shara, bean Ábrahaim.

Currently Selected:

Geinis 20: ABNPOD

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in