Geinis 22
22
Cruthioghthear creideamh agus dílse Ábrahaim tré n-a bheith toilteanach a mhac féin, Isaac, a íodhbairt. Cuireann aingeal cosc air é a dheanamh. Ait-gheallantais dó. Geinealú a dh'reathar Nachor.
1Ma dhéidh seo Dia triail (cathú) ar Ábraham, agus dubhairt leis: “A Ábrahaim, a Ábrahaim.” Agus d'fhreagair seisean: “Seadh, tá mé annseo.” 2Dubhairt sé leis: “Tóg leat d'aon-mhac Isaac ar a bhfuil do ghrádh, agus téigh isteach i gcrí(o)ch na h-aislinge (Mória); agus dean é a íodhbairt annsin in a loisc-íodhbairt, ar cheann de na slíbhte a thaisbeánfas mise duit.”
3Agus d'eirigh Ábraham san oidhche, d'úghmaigh a asal, 's thug leis beirt óigfhear agus a mhac féin, Isaac. Agus nuair a bhí brosna gearrtha aige i gcóir na h-íodhbartha loisce, thriall sé ar a bhealach chun na h-áite ar órduigh Dia dhó dhul ann. 4Agus ar an treas lá, ar dtógáil na súl dó, chonnaic sé an áit i bhfad uaidh. 5Agus ars eisean le n-a chuid óigfhear: “Fanaigidh ibh-se annseo leis an asal; rachaidh mé fhéin 's mo ghasúr lom díreach fhad leis (an áit) siud, agus tar éis dúinn adhradh a dheanamh, pillfimid chugaibh.”
6Agus thóg sé an brosna i gcóir na h-íobartha loisce agus chuir ar dhruim a mhic Isaac é, agus thug sé féin leis, in a lámhaibh, teine agus claidheamh, agus ar a dtriall dóibh beirt. 7Arsa Isaac le n-a ghaidí: “A ghaidí!” Agus d'fhreagair seisean: “Seadh a mhic?” “Féach,” ars eisan, “Teine agus brosna, cá bhfuil an t-uan do'n íodhbairt loisce?” 8Agus dubhairt Ábraham: “Gheobhaid Dia féin an t-uan i gcóir na h-íodhbartha loisce a mhic.” Thriall siad leo.
9Agus bhain siad amach an áit a thaisbeáin Dia dhó, agus thóg sé altóir ann, agus ráitigh an brosna anuas air. Agus nuair bhí a mhac Isaac ceangailte agus chuir sé n-a luighe ar an bhrosna ar bharr na h-altóra é. 10Agus tharraing sé a chlaidheamh in a láimh le n-a mhac a mharbhú. 11Acht féach! Do ghlaoidh aingeal an Tighearna as na flaithis air, a rádh: “A Ábraham, a Ábrahaim!” Agus d'fhreagair seisean: “Seadh, tá mé annseo.” 12Agus dubhairt sé leis: “Ná cuir do láimh ar an ghasúr, 's ná bain dó, acht an oiread, tá fhios agam gur eagal leat Dia, agus nár sparáil tú do mhac féin ar mo shon.” 13Thóg Ábraham a shúile agus chonnaic sé reithe ar a chúl, 's a adharca i n-achrainn ins na driseóg[a]. 'S thóg sé é sin 's rinne íodhbhairt loisce de i n-ionad a mhic. 14Agus thug sé mar ainm ar an áit sin, “Tchí an Tighearna”. Agus ó shoin amach, gus an lá indiu, deirtear: “Ins an tsliabh tchí(fidh) Dia”.
15Agus do ghlaoidh aingeal an Tighearna ó neamh an dara uair ar Ábraham, a rádh: 16“ ‘Dar mo mhionna féin’, ars an Tighearna, ‘ar cionn an mhéid seo a atá deanta agat, ó nár mhór leat dom d'aon-mhac féin ar mo shon-sa, 17beannóchaidh mé thú, agus méaódochaidh mé do shíoll (sliocht) mar na réaltaí ins na flaithis, 's mar an ghaineamh atá thráigh na fairrge, beidh seilbh ag do shliocht ar gheataí a gcuid námhaid. 18Agus in do shíol-sa beannóchar cineacha (náisiuin) uile an domhan, mar gheall ar d'úmhlaidheacht do mo ghlór.’”
19Phill Ábraham (ar ais) go dtí n-a chuid óigfhear, agus d'imthigh siad i gcuideachta a chéile go Bersaboí; agus chómhnaigh siad annsin.
20Do h-innsigheadh d'Ábraham: “Indéidh an ghnaithe seo, gur rug Melcha páisdí d'á dh'reathair Nachor, chomh maith. 21Hus, an chead pháisde, agus bus—d'reathair dó—agus Camuel, athair na Soiríonach, 22Agus Cased, agus Asau, agus Pheldas, agus Iedlaph,” 23Agus Bathuel, a rug Rebecca: An t-ochtar seo rug Melcha do Nachor d'reathair Ábraham. 24Agus do rug Róma, a leannán, Taboí, agus Gatham, agus Tathas, agus Máacha.
Currently Selected:
Geinis 22: ABNPOD
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Peadar Ó Dubhda 1943.