Geinis 25
25
Clann Ábrahaim le Cetura. Bás Ábrahaim agus Ismael. Tá leith-leimh ag Isaac. Ceart-bhreith Ésau.
1Agus phós Ábraham bean eile—Cetúra a h-ainm. 2A rug dó Zomran, agus Iecsan, agus Madan, agus Iesboc, agus Sue.
3Ghein Iecson, fosta, Saba agus Dadán.
B'iad triur cloinne Dadáin:— Assurim, Latusim agus Loomin.
4Acht do Mhadian rugadh Epha, agus Ópher agus Énoc agus Abida agus Eldaa:
Clann Chatura do ba iad seo uilig.
5Agus thug Ábraham a chuid maoine uilig-g-léir d'Isaac: 6Agus do chloinn na lannán thug sé tiodhlacaí, agus scar sé ó n-a mhac Isaac iad, ar shiubhal amach go dtí críoch an oirthir, fhaid is bhí sé fhéin 'n-a bheathaidh. 7Agus b'iad laethe beathadh Ábrahaim, 'ná-céad agus seachtmha-a-cúig blian. 8Tráth bhí sé ag críonú fuair sé bás in a shean-aois mhaith, indéidh saoghail bhreagh fhada agus a lán aimsire: Agus gabhadh chuige n-a mhuintir féin é. 9Agus do chuir a bheirt mhac Isaac agus Ismael é ins an uaimh dúbhailte, a bhí suidhte i bpáirc Ephroin, mac Sheoir, an h-Éthiteach, atá os coinne Mhambre, 10a cheannuigh sé ó chloinn h-Éith. Bh'annsin cuireadh é, agus a bhean Sara. 11Agus indéidh a bháis, do bheannuigh Dia Isaac, a mhac, a chomhnuigh le taobh an tobair ar a dtugtar ‘Tobar an bhith agus an Tchí’.
12Seo iad geinealaigh Ismaeil mhic Ábrahaim, a rug agar, an Éighphteach—cailín aimsire Shara—dó.
13Agus seo iad ainmneacha a chloinne, d'réir a n-ainm 's a ngeinealach: B'é an chead-bhreith d'Ismael—Nabaioth, agus annsin Cedar, agus annsin Adbeel, agus Mabsam, 14Agus Masma, agus Duma, agus Massa, 15Hadar, agus Thema, agus Iethur, agus Naphis, agus Cedma. 16Sin iad clann-mhac Ismaeil: Agus iad seo a n-ainmneacha, ó n-a gauid caisléan agus a mbailte, dhá-fhlaith (phrionnsa)-déag ar a dtreabhanna. 17Agus b'iad bliadantái shaoghail Ismaeil—Céad agus triocha-a-seacht blian, 's fuair 's fuair sé bás in a chríon-aois, agus gabhadh chuige n-a mhuintir féin é. 18Agus bhí cómhnaidhe air idir Hevila agus Sur, atá os cómhair na h-Éighphte, mar trialltar fa dhéin na h-Assiaranach. D'éag sé i láthair a chuid brátharach.
19Is iad seo, fosta, geinealach Isaaic mhic Ábrahaim: Do ghein Ábraham Isaac.
20Agus nuair bhí Isaac dachad blian ghlac sé Rebecca, níngean Bhathueil, an Siríonach ó Mheasapotámia—Deirbhdhiuir do Labán—mar bhean-chéile dó féin. 21Agus ghuidh Isaac chun an Tighearna ar son a mhná-cheile, óir bhí sí seasc: Agus d'éist sé le n-a ghuidhe, agus thug brígh geine do Rebecca. 22Acht do bhí achrainn ar siubhal ag na páisdí (eutarra féin) astoigh in a bruinn, agus ars ise: “Má's mar seo agam é, caidé an gar domh am toircheadh (brigh gheine)?” Agus chuaidh sí a ghlacú comhairle leis an Tighearna. 23Agus d'fhreagair an Tighearna í, a rádh: “Tá dhá chine (náisiun) astoigh in do bhruinn, agus scarfar dhá chine (daoine) as do bhruinn, agus sáróchaidh cine amháin ar an chine eile, agus bhearfaidh an chine is sine seirbhís do'n chine is óige.”
24Agus ar theacht tráth breithe (dí) fuairtheas an cúpla (leith-leanbh) in a bruinn. 25An chead pháisde a tháinig amach gasúr ruadh bhí ann, agus fionnadh air mar chroiceann: Agus tugadh Ésau mar ainm air. 26 Gan mhoill tháinig amach an lead eile, agus greim láimhe aige ar chois a dh'reathar: agus d'á bhrigh sin 'seadh tugadh Iacob air-sean. Bhí Isaac trí scór blian ar aois an uair rugadh na páisdí dó.
27Agus nuair bhí siad fásta suas, bhí Ésau 'n-a shealgaire chliste, agus 'n-a fhear tighe, acht bhí Iacob 'n-a fhear shimplidhe (tuatach) agus chómhnuigh sé i mbóthaibh. 28Bhí gean ag Isaac ar Ésau, toisc gur ith sé de thóradh a chuid seilgeórachta: agus bhí gean ag Rebecca ar Iacob. 29Agus rinne (bhruith) Iacob brochán: 'S nuair bhí Ésau a' teacht as an pháirc agus é lag. 30Ars eisean: “Tabhair 'om roinnt de'n bhrochán dhearg seo—tá mé iongantach lag.” Agus mar gheall air sin tugadh Édom mar ainm air. 31Agus arsa Iacob leis: “Díol liom do cheart chead-bhreithe.” 32D'freagair seisean: “Féach, tá mé a' fagháil bháis! Caidé an gar domh mo cheart chead-bhreithe?” 33Arsa Iacob: “Tabhair do mhionna liom.” Thug Ésau a mhionna, agus dhíol sé a cheart chead-bhrithe. 34Agus ghlac sé arán agus bróchán piseanaigh (lentils), agus d'ith sé 's d'ól sé agus d'imthigh leis: gan an dara smaoitiú ar a cheart chead-bhreithe do bhí díolta aige.
Currently Selected:
Geinis 25: ABNPOD
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Peadar Ó Dubhda 1943.