YouVersion Logo
Search Icon

Eaxodus 11

11
Bás na gCéadghinte á Fhógairt
1Dúirt an Tiarna le Maois: “Tá aon phlá amháin eile agam le cur ar Fhorann agus ar an Éigipt; ligfidh sé daoibh imeacht as seo ina dhiaidh sin; nuair a ligfidh sé daoibh imeacht tiomáinfidh sé chun siúil ar fad sibh. 2Labhair anois i gcomhchlos an phobail á rá leo go n‑iarrfadh gach fear ar a chomharsa, agus gach bean ar a comharsa-sa, seoda airgid agus óir.” 3Thug an Tiarna fabhar don phobal i súile na nÉigipteach; agus Maois féin, ba dhuine mór le rá é i gcríocha na hÉigipte, i súile shearbhóntaí Fhorainn agus an phobail. 4Dúirt Maois: “Seo mar a deir an Tiarna: Rachaidh mé thart ar fud na hÉigipte i lár na hoíche. 5Gheobhaidh gach céadghin i dtír na hÉigipte bás, ó chéadghin Fhorainn, oidhre a chorónach, go céadghin na daoirsí ar chúl an mhuilinn; agus céadghin gach beithígh. 6Beidh racht olagóin chomh tréan sin ar fud na hÉigipte ar fad nár chualathas a leithéid riamh roimhe sin agus nach ndéanfar go brách arís. 7Ach ní thabharfaidh oiread agus madra sceamh ar aon duine de chlann Iosrael sa chás go mbeidh a fhios agaibh conas mar a dhéanann an Tiarna idirdhealú idir mhuintir na hÉigipte agus chlann Iosrael. 8Ansin tiocfaidh na searbhóntaí seo go léir agat ag triall orm agus sléachtfaidh siad dom á rá: ‘Amach leat, agus leis an bpobal go léir a leanann thú!’ Ansin imeoidh mé amach.” Agus ghabh Maois amach ó láthair Fhorainn agus é ar lasadh le fearg. 9Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Ní éisteoidh Forann leat i dtreo go méadófar ar mo mhíorúiltí i dtír na hÉigipte.” 10Rinne Maois agus Árón na míorúiltí seo go léir i láthair Fhorainn, ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus níor lig sé do chlann Iosrael dul amach as a chríocha.

Currently Selected:

Eaxodus 11: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in