YouVersion Logo
Search Icon

Eaxodus 26

26
An Taibearnacal
1“Déanfaidh tú an taibearnacal féin de dheich mbrat de línéadach cas mín, agus d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus ceiribíní fuaite le barr slachta ar an ábhar á dhéanamh. 2Beidh ocht mbanlámh fichead d'fhad i ngach brat, agus ceithre bhanlámh de leithead i ngach brat; beidh na brait uile den aon mhiosúr. 3Ceanglófar cúig bhrat le chéile, agus mar an gcéanna leis an gcúig bhrat eile. 4Cuirfidh tú lúba d'ábhar gorm ar imeall an bhrait deiridh de shraith díobh agus mar an gcéanna leis an imeall ar an mbrat deiridh den tsraith eile. 5Cuirfidh tú leathchéad lúb ar an gcéad bhrat, agus leathchéad lúb, ag teacht leo ceann ar cheann, ar imeall an bhrait deiridh sa dara sraith. 6Déanfaidh tú leathchéad nasc óir chun na brait a cheangal le chéile chun go mba aonad dlúth é an taibearnacal.”
7“Déanfaidh tú brait d'fhionnadh gabhair chun both a chur os cionn an taibearnacail; aon bhrat déag a dhéanfaidh tú. 8Beidh gach brat tríocha banlámh ar fhad agus ceithre bhanlámh ar leithead: bíodh an t‑aon bhrat déag den aon mhiosúr. 9Ceanglóidh tú cúig bhrat le chéile leo féin agus na sé cinn eile leo féin; an séú ceann déanfaidh tú é a fhilleadh faoi dhó ag béal na botha. 10Cuirfidh tú leathchéad lúb ar imeall an bhrait is sia amach ar an gcéad sraith díobh agus leathchéad lúb ar imeall an bhrait is sia amach ar an tsraith eile. 11Agus déanfaidh tú leathchéad nasc cré-umha agus na naisc a chur sna lúba agus an bhoth a dhlúthú le chéile ina haon. 12An fuíoll de bhrait na botha, leath an bhrait bhreise a bheidh fágtha, crochfar os cionn cúil an taibearnacail é. 13An bhanlámh bhreise ar gach taobh ar feadh brait na botha, crochfaidh sí thar chliatháin an taibearnacail, á chlúdach ón dá thaobh. 14Déanfaidh tú díon breise don bhoth as craicne coirtithe reithe agus leathar mín mar chlúdach air sin arís.”
An Creat
15“Déanfaidh tú frámaí d'adhmad sitím don taibearnacal, agus beidh siad ina seasamh díreach. 16Beidh gach fráma deich mbanlámh ar fad agus banlámh go leith ar leithead. 17Beidh dhá thionúr ar gach fráma lena ngreamú; déanfaidh tú amhlaidh do gach fráma den taibearnacal. 18Déanfaidh tú frámaí an taibearnacail mar leanas: fiche fráma don taobh theas agus a n‑aghaidh ar an deisceart; 19déanfaidh tú daichead moirtís airgid le cur faoi na fiche frámaí mar seo: faoin gcéad fhráma dhá mhoirtís ina dtillfeadh a dtionúir, agus faoi gach fráma eile dhá mhoirtís ina dtillfeadh a dtionúir mar an gcéanna; 20don taobh eile den taibearnacal, an taobh thuaidh, fiche frama 21agus daichead moirtís airgid á gcothú, dhá mhoirtís faoi gach fráma; 22agus do chúl an taibearnacail, ar an taobh thiar, déanfaidh tú sé fhráma. 23Déanfaidh tú dhá fhráma do chúinní an taibearnacail laistiar. 24Déanfar na frámaí seo a cheangal le chéile ag a mbonn thíos agus mar sin suas go buaic, go dtí airde an chéad fháinne; mar sin a bheidh ag an dá fhráma a bheidh mar dhá chúinne. 25Beidh, dá réir sin, ocht bhfráma lena sé mhoirtís déag airgid - dhá mhoirtís faoin gcéad fhráma agus mar sin de.”
26“Déanfaidh tú trasnáin d'adhmad sitím; cúig trasnáin do na frámaí ar thaobh den taibearnacal, 27agus cúig cinn do na frámaí ar an taobh eile, an taobh thiar den taibearnacal. 28An trasnán meánach leath slí suas ar na frámaí, rachaidh sé ó cheann ceann. 29Cumhdaigh na frámaí d'ór agus cuir fáinní óir orthu mar ghreim do na trasnáin; agus cumhdaigh na trasnáin d'ór. 30Tógfaidh tú an taibearnacal de réir an phatrúin de a taispeánadh duit ar an sliabh.”
An Fial
31“Déanfaidh tú fial d'ábhar gorm, agus corcra agus craorag, agus de línéadach cas mín, agus ceiribíní fuaite le barr slachta ar an ábhar á dhéanamh. 32Crochfaidh tú é ar cheithre pollaí d'adhmad sitím arna gcumhdach d'ór, le naisc óir agus iad luite i gceithre mhoirtís airgid. 33Crochfaidh tú an fial ó na naisc agus ansiúd ar chúl an fhéil cuirfidh tú áirc na Fianaise agus beidh an fial agat mar dheighilt idir an áit naofa agus an áit shárnaofa. 34Cuirfidh tú cathaoir na trocaire ar bharr na háirce istigh san áit shárnaofa. 35Cuirfidh tú an bord taobh amuigh den fhial, agus an coinnleoir ar an taobh theas den taibearnacal, os comhair an bhoird sall. Cuirfidh tú an bord ar an taobh thuaidh. 36Déanfaidh tú scáthlán do dhoras an taibearnacail, d'ábhar gorm, corcra, agus craorag, agus de linéadach cas mín, agus gréasadh snáthaide mar mhaise air. 37Agus déanfaidh tú cúig pollaí sitím don scáthlán, agus cumhdóidh tú iad le hór, agus beidh naisc óir orthu; déanfaidh tú cúig ceapa cré-umha a theilgean dóibh.”

Currently Selected:

Eaxodus 26: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in