YouVersion Logo
Search Icon

Eaxodus 27

27
Altóir an Uileloiscthe
1“Déanfaidh tú altóir d'adhmad sitím, cúig bhanlámh ar fad, agus cúig bhanlámh ar leithead; beidh an altóir cearnógach agus beidh sí trí bhanlámh ar airde. 2Déanfaidh tú beanna dá ceithre cuinní; beidh na beanna d'aon phíosa léi; cumhdóidh tú í le cré-umha. 3Déanfaidh tú miasa le breith ar a luaithreach, agus liacha, agus báisíní, agus gabhla, agus oighinn; de chré-umha a dhéanfaidh tú soithí uile na haltóra. 4Déanfaidh tú gráta di de chliath chré-umha, agus ceithre fáinní cré-umha ag ceithre cúinní na cléithe. 5Cuirfidh tú í faoi fhargán na haltóra i dtreo go sínfidh an chliath leath slí suas ar an altóir. 6Agus déanfaidh tú cuaillí don altóir, cuaillí d'adhmad sitím agus cumhdóidh tú iad le cré-umha; 7cuirfear na cuaillí trí na fáinní i dtreo go mbeidh na cuaillí ar dhá thaobh na haltóra agus í á hiompar. 8Déanfaidh tú an altóir de chláir, agus í folamh laistigh. Dé réir mar a taispeánadh duit ar an sliabh is ea a dhéanfaidh tú í.”
Faiche an Taibernacail
9“Déanfaidh tú faiche an taibearnacail. Ar an taobh theas den fhaiche beidh brait céad banlámh ar fad ar chliathán de, iad déanta de línéadach mín cas. 10Beidh a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach beidh a naisc agus a mbataí d'airgead. 11Mar an gcéanna ar feadh a fhaid ar an taobh thuaidh, beidh brait céad banlámh ar fad, a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach a naisc agus a mbataí d'airgead. 12Ar feadh leithe na faiche ar an taobh thiar beidh brait leathchéad banlamh le deich bpolla agus deich gceap. 13Beidh an fhaiche leathchéad banlámh ar leithead chun tosaigh ar an taobh thoir. 14Ar thaobh den gheata beidh cúig bhanlámh déag de bhrait ar crochadh le trí pollaí i dtrí ceapa. 15Ar an taobh eile den gheata beidh cúig bhanlámh déag de bhrait ar crochadh le trí pollaí i dtrí ceapa. 16Do gheata na faiche beidh cliath fiche banlámh ar fad, í déanta d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus de línéadach mín cas agus gréasadh d'obair shnáthaide ann; beidh ceithre pholla lena gceithre ceapa aici. 17Beidh na pollaí go léir timpeall na faiche dlúite le chéile le bataí airgid; beidh a naisc d'airgead agus a gceapa de chré-umha. 18Beidh an fhaiche céad banlámh ar fad, leathchéad ar leithead, agus cúig bhanlámh ar airde; beidh a brait de línéadach mín cas agus a ceapa de chré-umha. 19Gréithe uile an taibearnacail, is cuma cad is feidhm dóibh, a phionnaí go léir agus pionnaí na faiche, beidh siad de chré-umha.”
Ola na Lampaí
20“Tabharfaidh tú ordú do chlann Iosrael go dtabharfaidh siad duit ola ológ ghlan fháiscthe don solas i dtreo go mbeidh lampa ann le bheith ar lasadh i gcónaí. 21Beidh Árón is a chlann mhac ina fheighil ó nóin go maidin gan stad, i láthair an Tiarna i dTaibearnacal na Teagmhála taobh amuigh den fhial atá os comhair na Fianaise. Beidh sin ina reacht le coimeád ó ghlúin go glúin ag clann Iosrael.”

Currently Selected:

Eaxodus 27: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in