YouVersion Logo
Search Icon

Eaxodus 35

35
Sabóid
1Chruinnigh Maois comhthionól uile chlann Iosrael agus dúirt leo: “Seo mar a d'ordaigh an Tiarna daoibh a dhéanamh: 2Déantar saothar ar feadh sé lá; ach ar an seachtú lá, bíodh sabóid naofa, saoire shollúnta agaibh don Tiarna. Aon duine a dhéanann saothar ar bith an lá sin, cuirtear chun báis é. 3Ná hadhnaigí tine ar bith ar aon tinteáin de bhur gcuid ar an tsabóid.”
Na hÁbhair á gCruinniu don Sanctóir
4Labhair Maois le comhthionól chlann Iosrael go léir: “Seo,” ar sé, “mar a d'ordaigh an Tiarna. 5Cuirigí síntiús don Tiarna i leataobh ó bhur maoin. An fear croí mhóir tugadh sé mar ofráil chun an Tiarna: ór, airgead agus cré-umha, 6ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus línéadach mín cas, fionnadh gabhair, 7seithí coirtithe reithe, sitím, 8ola don solas, spíosraí don chriosma agus don túis chumhra, 9clocha oinisce agus clocha lómhara le luí san éafód agus sa lúireach. 10Gach fear agaibh ina bhfuil éirim, tagadh sé agus déanadh gach ar ordaigh an Tiarna: 11an taibearnacal agus a bhoth agus a dhíon, a naisc agus a fhrámaí, a bhataí snadhma, a phollaí agus a cheapa, 12an áirc lena cuaillí, cathaoir na trocaire, agus an fial a fholaíonn í; 13an bord lena chuaillí agus a ghréithe agus arán na láithreachta; 14an coinnleoir mar an gcéanna don solas, lena mbaineann leis, na lampaí agus an ola le lasadh; 15altóir na túise lena cuaillí, an criosma agus an túis chumhra agus an scáthlán don doras ar an tslí isteach sa bhoth; 16altóir an uileloiscthe lena gráta cré-umha agus lena cuaillí agus lena gréithe go léir, an t‑umar lena a bhonn; 17brait na faiche, a pollaí agus a ceapa, agus an fial don gheata isteach san fhaiche; 18pionnaí an taibearnacail agus pionnaí na cúirte agus a dtéada; 19na héidí dea-fhite don tseirbhís san áit naofa agus an éide naofa d'Árón an sagart, agus éidí a mhac dá seirbhís sagartachta.”
20Ansin d'imigh comhthionól uile chlann Iosrael ó láthair Mhaois. 21Agus gach duine a raibh sé de phreab ina chroí, agus de sponc ina chuislinn, rud a thabhairt, thángadar lena síntiús don Tiarna le haghaidh Both na Teagmhála a dhéanamh, do na seirbhísí, agus do na héidí naofa. 22Thángadar idir fhir agus mhná, a raibh sé de chroí acu, agus thugadar dealga agus fáinní agus bráisléid agus toirc agus seoda óir de gach sórt, a ofráil éigin óir á tíolacadh ag gach duine don Tiarna: 23gach duine dár tharla aige ábhar gorm nó corcra nó craorag nó línéadach mín, nó fionnadh gabhair, nó seithí coirtithe reithe, nó seithí gabhair, thugadar leo iad. 24Gach duine a d'fhéad ofráil airgid nó chré-umha a dhéanamh, thugadar chun an Tiarna iad mar ofráil; agus gach duine dár tharla aige adhmad sitím d'aon tairbhe don obair, thug sé leis é; 25gach bean le héirim, d'fhíodar lena lámha, agus thugadar leo a raibh fite acu d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas; 26gach bean a raibh sé de chroí is d'éirim inti, luíodar le fí an fhionnadh gabhair; 27agus thug na ceannairí clocha oinisce agus seoda le luí san éafód agus sa lúireach, 28agus spíosraí agus ola don solas agus don chriosma agus don túis chumhra; 29na fir agus na mná go léir a raibh sé de chroí acu rud éigin a thabhairt don obair a d'ordaigh an Tiarna trí Mhaois a dhéanamh, thugadar - clann Iosrael - é mar ofráil don Tiarna le lántoil.
Ceardaithe don Sanctóir
30Agus dúirt Maois le clann Iosrael: “Féach! roghnaigh an Tiarna ó ainm Bazalael mac Úirí mac Húr de threibh Iúdá. 31Líon sé é le spiorad Dé, le cumas agus le héirim, le heolas agus le gach sórt ceardaíochta, 32i gcomhair deartha ealaíonta agus saothair in ór agus in airgead agus i gcré-umha, 33i gcomhair seoda a ghearradh dá leaba, adhmad a shnoí, agus gach sórt saothar ceirde. 34Agus bhronn sé bua teagaisc airsean agus ar Ohoilíáb mac Aichíosámác de threibh Dhán. 35Líon sé iad le héirim chun gach sórt saothair a dhéanamh a dhéanfadh ceardaí, nó dearaí, nó bróidnéir in ábhar gorm agus corcra agus craorag agus línéadach mín cas, nó fíodóir nó aon sórt saothraí nó dearaí oilte.”

Currently Selected:

Eaxodus 35: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in