YouVersion Logo
Search Icon

Eaxodus 37

37
An Áirc
1Rinne Bazalael an áirc d'adhmad sitím, dhá bhanláimh go leith ar fad, banlámh go leith ar leithead, agus banlámh go leith ar airde 2Chumhdaigh sé d'ór fíre í laistigh agus lasmuigh agus chuir múnlail óir mórthimpeall uirthi. 3Theilg sé ceithre fáinní óir don áirc agus chuir faoina ceithre cosa iad - dhá fháinne ar thaobh agus dhá fháinne ar thaobh eile. 4Rinne sé cuaillí de chrann sitím agus chumhdaigh iad d'ór. 5Chuir sé na cuaillí sna fáinní ar thaobhanna na háirce chun an áirc a iompar. 6Rinne sé cathaoir thrócaire d'ór fíre, dhá bhanláimh go leith ar fad, agus banlámh go leith ar leithead. 7Do dhá cheann na cathaoireach rinne sé dhá cheiribín óir bhuailte, 8ceiribín do cheann agus an ceiribín eile don cheann eile, agus ghreamaigh iad araon ar a dhá ceann agus iad d'aon phíosa le cathaoir na trócaire. 9Leath na ceiribíní a sciatháin amach in airde i dtreo go raibh cathaoir na trocaire faoina scáth; thug na ceiribíní aghaidh ar a chéile agus a n‑aighthe i dtreo chathaoir na trócaire.
Bord Arán na Toirbheartha
10Rinne sé an bord mar an gcéanna d'adhmad sitím, dhá bhanláimh ar fad, banlámh ar leithead agus banlámh go leith ar airde. 11Chumhdaigh sé é le hór fíre agus chuir múnláil óir mórthimpeall air. 12Chuir sé teanntóga lámh ar leithead faoi mórthimpeall agus múnláil óir orthu. 13Rinne sé ceithre fáinní óir dó agus ghreamaigh na fáinní do na ceithre cúinní mar a raibh na cosa. 14Bhí na fáinní i gcóngar na dteanntóg d'fhonn na cuaillí a choimeád chun an bord a iompar. 15D'adhmad sitím a rinne sé na cuaillí chun an bord a iompar agus chumhdaigh sé iad le hór. 16Rinne sé na gréithe don bhord d'ór fíre - miasa, umair thúise, cuacha, agus crúscaí ofrála dí.
An Coinnleoir
17Rinne sé an coinnleoir chomh maith d'ór fíre; bhí an coinnleoir idir bhonn agus chrann d'obair bhuailte, agus a chupáin idir chailís agus bheangáin d'aon phíosa leis. 18Bhí sé ghéag amach as a chliatháin, trí ghéag den choinnleoir as taobh de agus trí ghéag as taobh eile. 19Bhí trí cupáin ar an gcead ghéag ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin; bhí trí cupáin chomh maith ar an dara géag ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin; mar an gcéanna leis na sé géaga amach as an gcoinnleoir. 20Ar an gcoinnleoir féin bhí ceithre cupáin ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin: 21mar seo - cailís faoin gcéad dá ghéag as an gcoinnleoir amach, ceann faoin gcéad chúpla eile agus ceann faoin gcúpla deiridh, ag teacht leis na sé géaga as an gcoinnleoir amach. 22Bhí na cailísí agus na géaga d'aon phíosa leis an gcoinnleoir, agus an t‑iomlán ina aon phíosa de obair bhuailte óir fíre. 23Rinne sé a sheacht lampaí ansin, a smóladáin agus a shileadáin d'ór fíre. 24Chaith sé tallann d'ór fíre leis an gcoinnleoir agus lena ghréithe a dhéanamh.
Altóir na Túise - Criosma - Túis
25Rinne sé altóir na túise d'adhmad sitím. Bhí sí banlámh ar fad, banlámh ar leithead; comhfad comhleithead is é sin, agus dhá bhanláimh ar airde; bhí a beanna d'aon phíosa léi. 26Rinne sé í a chumhdach d'ór fíre - a barr, a cliatháin timpeall agus a beanna, agus í a mhaisiú le múnláil óir mórthimpeall uirthi. 27Rinne sé dhá fháinne óir di, faoin múnláil ar dhá thaobh ar aghaidh a chéile; leosan is ea a ghreamaítí na cuaillí lena n‑iompraití í. 28Rinne sé na cuaillí d'adhmad sitím; agus chumhdaigh sé iad le hór. 29Rinne sé an criosma naofa leis, agus an túis ghlan chumhra, í cumasctha mar a dhéanfadh poitigéir.

Currently Selected:

Eaxodus 37: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in