YouVersion Logo
Search Icon

Eaxodus 38

38
Altóir an Uileloiscthe
1Rinne sé altóir an uileloiscthe d'adhmad sitím chomh maith, cúig bhanlámh ar fad, agus cúig bhanlámh ar leithead; bhí sí cearnógach agus trí bhanlámh ar airde. 2Rinne sé beanna dá ceithre cúinní; bhí a beanna d'aon phíosa léi, agus chumhdaigh sé í de chré-umha. 3Rinne sé árais uile na haltóra: miasa i gcomhair a luaithrigh, agus liacha, agus báisíní, agus gabhla, agus oighinn; de chré-umha a rinne sé soithí uile na haltóra. 4Rinne sé gráta di de chliath chré-umha, agus chuir faoi fhargán na haltóra í i dtreo gur shín sí leath slí anuas. 5Rinne sé ceithre fáinní ar cheithre cúinní na cléithe cré-umha chun na cuaillí a iompar. 6Rinne sé cuaillí d'adhmad sitím agus chumhdaigh iad de chré-umha. 7Chuir sé na cuaillí trí na fáinní ar thaobhanna na haltóra chun í a iompar lena gcabhair; rinne sé an altóir de chláir agus í folamh laistigh.
An tUmar
8Rinne sé an t‑umar cré-umha agus a bhonn cré-umha de scátháin na mban a bhí ag freastal ag an doras isteach go Both na Teagmhála.
An Fhaiche
9Rinne sé an fhaiche; ar an taobh theas den fhaiche, bhí brait céad banlámh ar fad de líneadach mín cas. 10Bhí a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach ba d'airgead a naisc agus a mbataí. 11Mar an gcéanna ar an taobh thuaidh bhí brait céad banlámh ar fad; a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach bhí na naisc agus na bataí d'airgead. 12Ar an taobh thiar leis bhí brait leathchéad banlámh ar dheich bpolla lena ndeich gceapa; bhí a naisc agus a mbataí d'airgead. 13Ar an taobh thoir chun tosaigh bhí brait leathchéad banlámh. 14Ar thaobh den gheata bhí brait cúig bhanlámh déag le trí pollaí i dtrí ceapa. 15Mar an gcéanna ar an taobh eile - ón dá thaobh de gheata na faiche - bhí brait cúig bhanlámh déag le trí pollaí agus trí ceapa. 16Bhí na brait go léir timpeall na cúirte de línéadach mín cas. 17Ba de chré-umha ceapa na bpollaí ach ba d'airgead a naisc agus mbataí, mar aon le cumhdach a mullaí. Ba d'airgead bataí uile pollaí na faiche. 18Bhí an chliath do gheata na faiche gréasta d'obair shnáthaide d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de líneadach mín cas; bhí sé fiche banlámh ar fad, agus, ar feadh a leithe, bhí sí cúig bhanlámh ar airde, ar aon dul le brait na faiche. 19Bhí ceithre pholla fúithi; ba de chré-umha a gceapa, d'airgead a naisc agus cumhdach a mullaí agus a mbataí d'airgead. 20Pionnaí uile an taibearnacail, agus na faiche mórthimpeall, ba de chré-umha iad.
An tÁbhar a Úsáideadh
21Seo cur síos ar na miotail a úsáideadh don taibearnacal - Taibearnacal na Fianaise - cur síos a rinneadh ar ordú Maois, agus a rinneadh ag na Léivítigh faoi threoir Íteámár mac Árón an sagart. 22Rinne Bazalael mac Úirí mac Húr de threibh Iúdá gach ar ordaigh an Tiarna do Mhaois. 23Mar pháirtí aige bhí Ohoilíáb mac Aichíosámác de threibh Dhán, ceardaí agus dearthóir agus bróidnéir in ábhar gorm agus corcra agus craorag agus línéadach mín cas. 24Sé an méid óir a úsáideadh san obair - obair iomlán an tsanctóra - (ór a ofráladh a ba ea é): naoi dtallann fichead, agus seacht gcéad agus a tríocha seicil (de réir thomhas seicil an tsanctóra). 25Sé an méid airgid a cruinníodh uathu siúd den chomhthionól a áiríodh: céad tallann, agus míle seacht gcéad seachtó cúig seicil de réir seicil an tsanctóra; 26fiche beica an duine (leath seicil is é sin, de réir thomhas seicil an tsanctóra) i gcomhair gach duine a áiriodh sa daonáireamh a bhí fiche bliain agus breis, sé chéad agus a trí mhíle, cúig chéad go leith fear. 27Caitheadh an céad tallann airgid ag déanamh na gceap don sanctóir agus don fhial; céad ceap as an gcéad tallann, nó tallann an ceap. 28Leis an míle seacht gcéad seachtó agus cúig seicil, rinne sé na naisc do na pollaí, an cumhdach dá mullaí agus dá mbataí. 29Ofráladh seachtó tallann agus dhá mhíle ceithre chéad seicil de chré-umha. 30Leis sin rinne sé na ceapa do dhoras Bhoth na Teagmhála, an altóir chré-umha lena cliath chré-umha agus gréithe uile na haltóra, 31na ceapa mórthimpeall na faiche agus na ceapa do gheata na faiche, pionnaí uile an taibearnacail, agus na pionnaí go léir timpeall ar an bhfaiche.

Currently Selected:

Eaxodus 38: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in