YouVersion Logo
Search Icon

Geineasas 34

34
1Díneá, an iníon a rug Léá do Iacób, ghabh sí amach ar thuairisc mhná na dúiche sin. 2Leag Seicim, mac Hamór, an Hiveach, taoiseach na dúiche sin, súil uirthi, d'fuadaigh í agus d'éignigh í, agus choill a clú. 3Ach líon a anam de shearcghrá do Dhíneá, iníon Iacóib, thit sé i ngrá leis an ógbhean agus labhair léi go cineálta. 4Dúirt sé lena athair Hamór dá bhrí sin: “Faigh an cailín óg seo dom; teastaíonn uaim í a phósadh.” 5Chuala Iacób conas mar a coilleadh clú a iníne Díneá, ach bhí a chlann faoi na bánta lena airnéis agus ní dúirt Iacób focal nó gur fhilleadar.
6Chuaigh Hamór athair Sheicim amach chun labhairt le Iacób. 7Clann mhac Iacóib, nuair a d'fhill siad on bhféarach agus gur chualadar an scéala, bhí míchéadfa agus fearg orthu, mar gur mhaslaigh Seicim Iosrael ag éigniú iníon Iacóib, coir nárbh fhéidir scaoileadh léi. 8“Tá anam mo mhic Seicim lán de mhian bhur n‑iníne,” arsa Hamór leo, “lig dó í a phósadh, impím oraibh. 9Déanaigí cleamhnais linn: tugaigí dúinne bhur n‑iníonacha, agus tógaigí ár n‑iníonacha chugaibh féin. 10Fanaigí linn agus beidh an tír faoi bhur réir le cónaí ann, nó le gabháil trid, nó le sealbhú.” 11Dúirt Seicim le hathair agus le deartháireacha an chailín: “Má thuillim bhur ndea-mhéin, tabharfaidh mé daoibh aon ní a iarrfaidh sibh. 12Iarraigí oiread mar spré agus coibhche orm agus is áil libh; tabharfaidh mé daoibh cibé rud a iarrfaidh sibh; ach ligigí dom an cailín óg a phósadh.” 13Ansin thug clann mhac Iosrael freagra ar Sheicim agus ar a athair Hamór, freagra cealgach mar gur thruailligh sé a ndeirfiúr Díneá. 14“Ní féidir linn a leithéid a dhéanamh,” ar siad leo, “ár ndeirfiúr a thabhairt le pósadh d'fhear nach bhfuil timpeallghearrtha, mar ba aithis duinn é. 15Réiteoimid libh ar aon choinníoll amháin - sibh a theacht ar aon dul linne agus gach fireannach agaibh a thimpeallghearradh. 16Ansin tabharfaimid ar n‑iníonacha daoibh, agus tógfaimid bhur n‑iníonacha chugainn féin, agus déanfaimid cónaí in bhur measc agus déanfaidh aon chine amháin dínn araon. 17Ach mura n‑éisteann sibh linn, agus timpeallghearradh a ghlacadh, ansin tógfaimid ár n‑iníon agus imeoimid linn.” 18Thaitin a gcuid cainte le Hamór agus le mac Hamór, Seicim. 19Ní dhearna an t‑ógfhear aon mhoill ach an rud úd a dhéanamh, mar ba mhór a ghean d'iníon Iacóib. Ba é leis an té ba mhó onóir i dteaglach a athar ar fad é. 20Chuaigh Hamór agus Seicim go geata a gcathrach agus labhraíodar le fir a gcathrach: 21“Tá na fir seo muinteartha linn,” ar siad, “cuiridís fúthu sa tír seo farainn, agus bíodh cead a gcos acu ann, mar féach tá an tír fairsing go leor dóibh. Glacaimis a n‑iníonacha le pósadh agus tugaimis ár n‑iníonacha doibhsean. 22Ach ní bheidh na fir seo sásta cur fúthu farainn agus a bheith in aon phobal amháin linne ach ar an gcoinníoll seo amháin: go ndéanfar timpeallghearradh ar gach fireannach inár measc, a ndála féin. 23A stoc, a maoin, agus a n‑eallach go léir, nach linn iad ach aontú leo agus iad a lonnú inár measc?” 24Ghéill gach duine a ghabhadh amach trí gheataí a chathrach do Hamór agus dá mhac Seicim; rinneadh timpeallghearradh ar gach fireannach a ghabhadh amach trí gheataí a chathrach. 25Ar an tríú lá agus iad siúd tinn fós, thóg beirt mhac Iacóib, Simeon agus Léiví, deartháireacha Dhíneá, a gclaímhte agus isteach leo sa chathair gan fhios agus mharaíodar na fireannaigh go léir. 26Mharaíodar Hamór agus a mhac Seicim le faobhar claímh; thógadar Díneá as teach Sheicim agus d'imíodar leo. 27Tháinig clann Iacóib ar an ár agus chreachadar an chathair, mar gur truaillíodh a ndeirfiúr. 28Thug siad leo a dtréada agus a dtáinte, agus a n‑asail, agus a raibh le fáil sa chathair agus faoin tuath. 29A maoin go léir, a miondaoine agus a mná go léir, a raibh sna tithe, ghabhadar iad go léir agus d'fhuadaíodar leo iad mar chreach. 30Ansin dúirt Iacób le Simeon agus Léiví: “Tá dochar déanta agaibh dom, mar go bhfuilim de bhur mbarr i m'ábhar fuatha ag áitritheoirí na tíre, na Canánaigh agus na Pirizigh. Táimse ar bheagán slua; má chruinníonn siad le chéile i m'aghaidh agus tabhairt fúm, scriosfar mé, mise agus mo theaghlach.” 31Is é freagra a bhí acu air: “An íde striapaí atá le tabhairt ar ár ndeirfiúr?”

Currently Selected:

Geineasas 34: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in