YouVersion Logo
Search Icon

Geineasas 36

36
Clann agus Sliocht Éasau
1Seo inár ndiaidh sliocht Éasau, Eadóm is é sin: 2Phós Éasau mná de chuid Chanán: Ádá iníon Éalón an Hiteach, agus Oholabámá iníon Aná, mac Zibeon an Hórach, 3agus Básamat iníon Ísmeáél, deirfiúr Nabáiót. 4Rug Ádá Eilífeaz d'Éasau, agus rug Básamat Reúél. 5Rug Oholabámá Ieúis, agus Ialám agus Corach. Sin iad clann mhac Éasau a rugadh dó i dtír Chanán.
6Thug Éasau leis a mhná agus a chlann mhac agus iníonacha agus líon a thí go léir, agus a thréada, agus a tháinte go léir agus an mhaoin go léir a bhí cruinnithe aige i dtír Chanán; d'imigh sé i gcéin óna dheartháir Iacób. 7Óir bhí an iomad maoine bailithe acu chun fanacht le chéile. Níorbh fhéidir don dúiche ina rabhadar ag lonnú ann iad araon a chothú le líonmhaire a dtréad. 8Lonnaigh Éasau dá réir sin i Sliabh Shaeír. Is é Éasau Eadóm.
9Is iad seo sliocht Éasau, sinsear na nEadómach i Sliabh Shaeír. 10Seo iad ainmneacha clann mhac Éasau: Eilífeaz mac Ádá, bean Éasau, agus Reúél mac Bhásamat, bean Éasau. 11Ba iad clann Eilífeaz: Téamán Ómár, Zafó, Gatám agus Canaz. 12Ba í Timneá leannán Eilífeaz mac Éasau, agus rug sí Amailéic dó. Agus is iadsan mic Ádá bean Éasau. 13Seo iad clann mhac Reúél: Nachat agus Zarach, Seamá agus Mizeá. Is iadsan clann mhac Bhásamat, bean Éasau. 14Seo iad clann mhac Oholabámá, iníon Aná, mac Zibeon: rug sí dó Ieúis, Ialám agus Corach.
15Seo iad taoisigh chlann mhac Éasau: Clann mhac Eilífeaz, céadghin Éasau: an taoiseach Téamán, an taoiseach Ómár, an taoiseach Zafó, an taoiseach Canaz, 16an taoiseach Corach, an taoiseach Gatám, an taoiseach Amailéic. Iadsan taoisigh Eilífeaz i dtír Eadóm; iadsan mic Ádá. 17Seo iad clann mhac Reúél, mac Éasau: an taoiseach Nachat, an taoiseach Zarach, an taoiseach Seamá, an taoiseach Mizeá; iadsan taoisigh Reúél i dtír Eadóm; iadsan mic Bhásamat, bean Éasau. 18Seo iad clann mhac Oholabámá bean Éasau: an taoiseach Ieúis, an taoiseach Ialám, an taoiseach Corach. Iadsan na taoisigh a rug Oholabámá, iníon Aná bean Éasau. 19Sin iad clann mhac Éasau, agus sin iad a dtaoisigh. Sin é Eadóm.
20Seo síos sliocht Shaeír an Hórach, dúchasaigh na tíre: Lótán, Seobál, Zibeon, Aná, 21Diseon, Éisir, agus Diseán; iadsan taoisigh na Hórach clann Shaeír i dtír Eadóm. 22Ba iad Hoirí agus Héamám clann Lótán, agus ba í Timneá deirfiúr Lótán. 23Seo iad clann Seobál: Alván, Mánachat, Éabál, Seafó agus Ónám. 24Seo iad clann Zibeon: Aiá agus Aná - an tAná úd a d'aimsigh na toibreacha teo san fhásach agus é ag aoireacht asail a athar Zibeon. 25Seo iad clann Aná: Diseón agus Oholabámá iníon Aná. 26Seo iad clann Dhiseón: Hemdeán, Eisbeán, Itreán agus Carán. 27Seo iad clann Éisir: Bileán, agus Záván agus Acán. 28Seo iad clann Dhiseán: Úz agus Arán. 29Seo iad taoisigh na Hórach: an taoiseach Lótán, an taoiseach Seobál, an taoiseach Zibeon, an taoiseach Aná, 30an taoiseach Diseón, an taoiseach Éisir, an taoiseach Diseán. Sin iad taoisigh na Hórach de réir a dtreibheanna i dtír Shaeír.
31Seo iad na ríthe a bhí i réim i dtír Eadóm sula dtáinig aon rí Iosraelach i réim. 32Bhí Beala mac Bheor ina rí ar Eadóm agus Dineábá a ba ainm dá chathair. 33D'éag Beala agus tháinig Ióbáb mac Zearach ó Bhozrá i réim ina dhiaidh. 34D'éag Ióbáb agus tháinig Húiseám ó thír na dTéamánach i réim ina dhiaidh. 35D'éag Huiseám, agus Hadad mac Badad, an té a chloígh Midián i gcríoch Mhóáb, tháinig sé i réim ina dhiaidh, agus Aivit a ba ainm dá chathair. 36D'éag Hadad agus tháinig Samlá, ó Mhasraecá, i réim ina dhiaidh. 37D'éag Samlá, agus tháinig Seáúl ó Rachobót ar an Eofrataes ina dhiaidh. 38D'éag Seáúl agus tháinig Bálchánán mac Acbór i réim ina dhiaidh. 39D'éag Bálchánán mac Acbór agus tháinig Hadad i réim ina dhiaidh, agus Páú a ba ainm dá chathair. Mihéataibil iníon Mhatraed, iníon Mhé Záháb, a ba ainm dá bhean.
40Seo iad ainmneacha taoisigh Éasau de réir a dtreibheanna agus a gcríoch ó ainm: an taoiseach Timneá, an taoiseach Alvá, an taoiseach Iataet, 41an taoiseach Oholabámá, an taoiseach Éalá, an taoiseach Píonon, 42an taoiseach Canaz, an taoiseach Téamán, an taoiseach Mibzeár, 43an taoiseach Maigdiél, an taoiseach Íorám. Sin iad taoisigh Eadóm, de réir a n‑áitreabh sa tír ba leo; sé Éasau sinsear Eadóm.

Currently Selected:

Geineasas 36: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in