YouVersion Logo
Search Icon

Geineasas 40

40
Taibhrimh á Miniú ag Iósaef
1Tamall ina dhiaidh seo chiontaigh cornaire rí na hÉigipte agus a bháicéir in aghaidh a máistir, rí na hÉigipte. 2Bhí fearg ar Fhorann lena bheirt oifigeach, an príomhchornaire agus an príomhbháicéir. 3Chuir sé iad ar láimh i dteach chaptaen an gharda mar a raibh Iósaef faoi ghlas. 4Chuir captaen an gharda Iósaef ina bhfeighil ag fónamh dóibh, agus chaitheadar tamall i ngéibheann. 5Rinneadh taibhreamh dóibh araon san aon oíche amháin - a thaibhreamh féin lena chiall féin do chornaire agus do bháicéir rí na hÉigipte a bhí faoi ghlas i gcarcair. 6Nuair a tháinig Iósaef chucu ar maidin chonaic sé go rabhadar gruama, 7agus chuir sé ceist ar an dá oifigeach a bhí fairis i ngéibheann i dteach a mháistir: “Cén fáth an ghruaim seo oraibh inniu?” 8“Rinneadh taibhrimh dúinn,” ar siad, “agus níl fear a mínithe againn.” Agus dúirt Iósaef leo: “Nach le Dia a bhaineann sé taibhrimh a mhíniú? Insígí dom iad, le bhur dtoil.”
9D'inis an príomhchornaire a thaibhreamh do Iósaef: “Ag taibhreamh dom,” ar sé, “chonaic mé fíniúin os mo chomhair. 10Bhí trí géaga ar an bhfíniúin; a luaithe a sceith sí bhí sí faoi bhláth agus rinne caora aibí dá crobhaingí. 11Bhí corn Fhorainn i mo láimh. Stoith mé na fíniúna agus d'fháisc mé an súlach astu isteach i gcorn Fhorainn.” 12Ansin dúirt Iósaef leis: “Seo an chiall atá leis: Trí lá na trí géaga. 13Faoi chionn trí lá, scaoilfidh Forann saor thú agus cuirfidh sé ar ais i do phost thú; agus sínfidh tú a chorn chun Fhorainn mar a dhéantá cheana agus tú i do chornaire aige. 14Ach cuimhnigh ormsa nuair a bheidh an scéal go maith agat agus cuir de chomaoin orm le do thoil, mé a lua le Forann d'fhonn mé a scaoileadh amach as an teach seo. 15Óir fuadaíodh mé an chéad lá ó thír na nEabhrach, agus ní dhearna mé aon ní as an tslí anseo ach chomh beag a thuillfeadh carcair dom.” 16Nuair a chonaic an príomhbháicéir a fhabhraí a bhí an chiall úd, dúirt sé le Iósaef: “Bhí taibhreamh agamsa mar an gceanna: bhí trí ciseáin aráin ar mo cheann; 17sa chiseán uachtair bhí gach sórt sólaist bruite a thaitin le Forann, ach bhí éanlaith an aeir á n‑alpadh as an gciseán a bhí ar mo cheann.” 18D'fhreagair Iósaef: “Is é seo an chiall atá leis: Trí lá na trí ciseáin. 19Faoi chionn trí lá tabharfaidh Forann cead do chinn gan cheann duit, agus crochfaidh sé ar chrann thú agus íosfaidh an éanlaith do chuid feola de do chnámha.” 20Ar an tríú lá, ar a lá breithe, rinne Forann féasta dá shearbhóntaí go léir, agus thug sé cead a gcinn don phríomhchornaire agus don phríomhbháicéir i láthair na bhfeidhmeannach. 21Chuir sé an cornaire ar ais ina phost mar chornaire, chun a chorn a shíneadh chun Fhorainn; 22chroch sé an príomhbháicéir. Sin mar a bhí mínithe ag Iósaef dóibh. 23Ach an príomhchornaire, níor chuimhnigh sé ar Iósaef, ach rinne dearmad air.

Currently Selected:

Geineasas 40: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in