YouVersion Logo
Search Icon

Geineasas 6:1-4

Geineasas 6:1-4 ABN

Nuair a thosaigh na daoine ar dhul i líonmhaire ar chlár na talún agus gur rugadh iníonacha dóibh, chonaic mic Dé gur sciamhach iad iníonacha na ndaoine agus thógadar chucu a rogha díobh mar mhná. Dúirt an Tiarna: “Ní foláir gan mo spiorad a fhágáil faoi tháire i gcónaí sa duine, mar nach bhfuil ann ach feoil; ní bheidh ach céad agus a fiche bliain d'fhad saoil aige feasta.” Bhí fathaigh ar an talamh an uair sin, agus níos déanaí ná sin, nuair a rinne mic Dé céileachas le hiníonacha na ndaoine agus gur rugadarsan clann dóibh. Sin iad laochra an tseansaoil, na fir mhórchlú.